Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L0876

Treoir (AE) 2020/876 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá ann teorainneacha áirithe ama, faoi nach mór faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais, a chur siar de dheasca phaindéim COVID-19

ST/8498/2020/INIT

IO L 204, 26.6.2020, pp. 46–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/876/oj

26.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/46


TREOIR (AE) 2020/876 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2020

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá ann teorainneacha áirithe ama, faoi nach mór faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais, a chur siar de dheasca phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bharr na rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus bacainní eile arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, agus de bharr na mbeart dianghlasála a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun féachaint leis an bpaindéim a shrianadh, táthar ag cur as go mór d'acmhainneacht gnólachtaí agus d'údaráis chánacha na mBallstát a gcuid oibleagáidí de bhun Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (3) a chur i gcrích.

(2)

D'iarr roinnt de na Ballstáit agus roinnt daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a thuairisciú d'údaráis inniúla na mBallstát faoi Threoir 2011/16/AE go gcuirfí siar teorainneacha ama áirithe a leagtar síos sa Treoir sin. Baineann na teorainneacha ama sin le huathmhalartú faisnéise faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach agus le socruithe intuairiscithe trasteorann ina sonraítear ceann amháin, ar a laghad, de na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE (“socruithe intuairiscithe trasteorann”).

(3)

Tá an mórshuaitheadh sna ghníomhaíochtaí a dhéanann cuid mhór institiúidí airgeadais agus daoine atá faoi dhliteanas socruithe trasteorann a thuairisciú, agus arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, ag cur bac ar chomhlíonadh tráthúil a n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Threoir 2011/16/AE. I láthair na huaire, ní mór do na hinstitiúidí airgeadais aghaidh a thabhairt ar thascanna práinneacha a bhaineann le paindéim COVID-19.

(4)

Ina theannta sin, i gcás institiúidí airgeadais agus daoine atá faoi dhliteanas tuairisciú tá suaití móra ina gcuid dálaí oibre, go príomha mar gheall ar an teilea-obair arb í an dianghlasáil i bhformhór na mBallstát is cúis léi. Ar an gcaoi chéanna, tá tionchar diúltach ag an méid sin ar acmhainneacht chórais riaracháin cánach na mBallstát i mbailiú agus i bpróiseáil na sonraí.

(5)

I ngeall air sin, teastaíonn freagairt phráinneach agus, a mhéid is féidir, comhordaithe laistigh den Aontas. Chuige sin, is gá an rogha a thabhairt do na Ballstáit an teorainn ama, faoi nach mór faisnéis a mhalartú faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí chun críoch cánach i mBallstát eile, a chur siar chun gur féidir leis na Ballstáit na teorainneacha ama sin dá gcuid, faoi nach mór do na hInstitiúidí Airgeadais Tuairiscithe an fhaisnéis a chomhadú, a choigeartú. Ina theannta sin, ba cheart an rogha a sholáthar do na Ballstáit go gcuirfí siar na teorainneacha ama faoi nach mór faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann.

(6)

Is é is aidhm do chur siar na dteorainneacha ama (“cur siar”) aghaidh a thabhairt ar chás eisceachtúil agus níor cheart don chur siar sin cur isteach ar an struchtúr bunaithe ná ar fheidhmiú Threoir 2011/16/AE. Dá réir sin, is gá teorainn a chur leis an gcur siar agus go leanfadh sé de bheith comhréireach leis na deacrachtaí praiticiúla a ghabhann le comhdú agus malartú faisnéise, arb í paindéim COVID-19 is cúis leo.

(7)

Ag féachaint don éiginnteacht atá ann i láthair na huaire maidir lena bhfuil i ndán don phaindéim COVID-19, agus os rud é go bhféadfadh na himthosca is údar le glacadh na Treorach seo a leanúint ar aghaidh gan athrú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht síneadh roghnach amháin eile a chur leis an gcur siar sin. Níor cheart síneadh ama den chineál sin a bheith ann ach sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo.

(8)

I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d'imir an suaitheadh eacnamaíoch, arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, ar bhuiséid, acmhainní daonna agus feidhmiú údaráis chánacha na mBallstát, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinneadh a dhéanamh d'aon toil, ar thogra ón gCoimisiún, chun tréimhse an chur siar a shíneadh a thuilleadh.

(9)

Níor cheart d'aon chur siar difear a dhéanamh do na gnéithe bunriachtanacha a ghabhann leis an oibleagáid faisnéis a thuairisciú agus a mhalartú faoi Treoir 2011/16/AE agus ba cheart é a áirithiú nach bhfágtar gan tuairisciú gan mhalartú aon fhaisnéis den sórt sin a thiocfaidh chun bheith intuairiscithe i rith thréimhse an chur siar.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla, arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, i bhfianaise na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, agus i bhfianaise a hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin.

(12)

Os rud é gur gá do na Ballstáit gníomhú laistigh de thréimhse an-ghearr, chun teorainneacha ama a chur siar, ar teorainneacha ama iad a thiocfadh chun bheith infheidhme de bhun Threoir 2011/16/AE murach sin, ba cheart an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dTreoir 2011/16/AE, cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

Airteagal 27a

Teorainneacha ama a chur siar ar bhonn roghnach atá ann de dheasca phaindéim COVID-19

1.   D'ainneoin na dteorainneacha ama i dtaca le faisnéis a chomhdú maidir le socruithe intuairiscithe trasteoran mar a shonraítear in Airteagal 8ab(12), féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun go gceadófar d'idirghabhálaithe agus do cháiníocóirí ábhartha, faoin 28 Feabhra 2021, faisnéis a chomhdú maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann ar cuireadh an chéad chéim de chun feidhme idir an 25 Meitheamh 2018 agus an 30 Meitheamh 2020.

2.   I gcás ina nglacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad na bearta is gá freisin chun an méid seo a leanas a cheadú:

(a)

d'ainneoin Airteagal 8ab(18), cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl faoin 30 Aibreán 2021;

(b)

cuirfear tús leis an tréimhse 30 lá chun faisnéis a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) agus (7) a chomhdú, faoin 1 Eanáir 2021 i gcás an mhéid seo a leanas:

(i)

i gcás ina gcuirfear socrú infhógartha trasteorann ar fáil lena chur chun feidhme, nó i gcás ina mbeidh sé ullamh lena chur chun feidhme, nó i gcás ina mbeidh an chéad chéim den chur chun feidhme curtha i gcrích idir an 1 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2020; nó

(ii)

i gcás ina mbeidh cúnamh, cabhair nó comhairle á soláthar ag idirghabhálaithe de réir bhrí an dara mír de phointe 21 in Airteagal 3, go díreach nó le cuidiú ó dhaoine eile, idir an 1 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2020;

(c)

i gcás socruithe indíolta, cuirfidh an t-idirghabhálaí an chéad tuarascáil thréimhsiúil i dtoll a chéile faoin 30 Aibreán 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8ab (2).

3.   D'ainneoin na teorann ama a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 8(6), féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun go gceadófar, maidir leis an bhfaisnéis a dá dtagraítear in Airteagal 8(3a) a bhaineann leis an mbliain féilire 2019, nó le tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, an fhaisnéis sin a chur in iúl laistigh de 12 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana féilire 2019, nó i ndiaidhna tréimhse tuairiscithe iomchuí eile.

Airteagal 27b

Síneadh ama a chur leis an tréimhse a mhairfidh an cur siar

1.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh a chur le cur siar na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 27a trí mhí eile, ar choinníoll go mbíonn rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí, bacainní agus suaitheadh eacnamaíoch, arb í paindéim COVID-19 is cúis le, ann i gcónaí agus go gcuireann na Ballstáit bearta dianghlasála chun feidhme.

2.   Cuirfear an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle faoi bhráid na Comhairle mí amháin ar a laghad sula rachaidh na spriocdhátaí ábhartha in éag.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Tuairim an 19 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 14 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).


Top