EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L0700

Treoir (AE) 2020/700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí trasuí a fhadú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/14/2020/REV/1

IO L 165, 27.5.2020, p. 27–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/700/oj

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/27


TREOIR (AE) 2020/700 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leasaítear Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí trasuí a fhadú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 57(1) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le hAirteagal 33(1) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a thabhairt i bhfeidhm mar is gá ionas go mbeadh forálacha ábhartha na dTreoracha sin á gcomhlíonadh acu faoin 16 Meitheamh 2019. Mar sin féin, de bhun Airteagal 57(2) de Threoir (AE) 2016/797 agus Airteagal 33(2) de Threoir (AE) 2016/798, bhí an deis ag na Ballstáit an tréimhse thrasuí a fhadú bliain amháin.

(2)

Thug seacht mBallstát déag fógra don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) maidir le spriocdhátaí trasuí Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a fhadú go dtí an 16 Meitheamh 2020.

(3)

De dheasca na staide urghnáiche gan choinne arb í ráig COVID-19 ba chúis léi, tá deacrachtaí ag cuid de na Ballstáit sin an obair reachtach a thabhairt i gcrích faoi na spriocdhátaí áirithe trasuí agus dá bhrí sin tá baol ann go dteipfidh siad cloí leo. D'fhéadfadh teip den sórt sin a bheith ina cúis le héiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh an tionscail iarnróid, na n-údarás náisiúnta agus na Gníomhaireachta i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid. Tá iarmhairtí díobhálacha ag neamhábaltacht Ballstát áirithe Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a thrasuí de dheasca ráig COVID-19 le haghaidh na hearnála iarnróid.

(4)

Tá sé fíor-riachtanach soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal iarnróid trí chead a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do na Ballstáit leanúint, ón 16 Meitheamh 2020 agus go ceann tréimhse theoranta, de Threoracha 2004/49/CE (4) agus 2008/57/CE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm.

(5)

Ós rud é gur tharla ráig COVID-19 le linn chéim dheireanach ghlacadh na mbeart náisiúnta trasuí de Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit tréimhse bhreise a bheith acu chun próiseas an trasuí a thabhairt i gcrích.

(6)

Ba cheart spriocdhátaí trasuí Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Maidir le dátaí aisghairthe Threoracha 2004/49/CE agus 2008/57/CE, a leagtar amach in Airteagal 58 de Threoir (AE) 2016/797 agus in Airteagal 34 de Threoir (AE) 2016/798 faoi seach, ba cheart iad a choigeartú dá réir.

(7)

Glacadh roinnt gníomhartha tarmligthe ar bhonn Threoir (AE) 2016/798 lena léirítear spriocdhátaí trasuí roimhe sin. I bhfianaise na staide reatha, is gá na gníomhartha tarmligthe sin a ailíniú leis an spriocdháta trasuí nua.

(8)

I bhfianaise na práinne a bhí i gceist leis na cúinsí eisceachtúla arb í ráig COVID-19 ba chúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a leasú i bhfianaise ráig COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a leasú dá réir sin.

(11)

Chun gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir (AE) 2016/797

Leasaítear Treoir (AE) 2016/797 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ar a dhéanaí ón 16 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí i gcrích, ar cúraimí údaraithe iad de bhun Airteagail 21 agus 24 agus ar cúraimí iad dá dtagraítear in Airteagal 19 maidir le réimsí úsáide sna Ballstáit nár thug fógra don Ghníomhaireacht ná don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2). De mhaolú ar Airteagail 21 agus 24, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2) leanúint de bheith ag eisiúint údaruithe i gcomhréir le Treoir 2008/57/CE go dtí an 16 Meitheamh 2020. De mhaolú ar Airteagail 21 agus 24, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2a) leanúint de bheith ag eisiúint údaruithe i gcomhréir le Treoir 2008/57/CE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(2)

in Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Maidir leis na Ballstáit a chuir fad leis an tréimhse thrasuí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad an tréimhse sin a fhadú tuilleadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm ag a mbearta trasuí ón dáta sin. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún faoi faoin 29 Bealtaine 2020.”;

(3)

sa chéad mhír d’Airteagal 58, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2020” in ionad an dáta “16 Meitheamh 2020”.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir (AE) 2016/798

Leasaítear Treoir (AE) 2016/798 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

MCSanna a ailíniú le spriocdhátaí athbhreithnithe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun dátaí cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 6(6) a ailíniú leis an spriocdháta trasuí a leagtar amach in Airteagal 33(2a). Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

in Airteagal 27, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6a a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í ón 28 Bealtaine 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”;

(4)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ar a dhéanaí ón 16 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí deimhniúcháin i gcrích de bhun Airteagal 10 maidir le réimsí oibríochta sna Ballstáit nár thug fógra don Ghníomhaireacht ná don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2). De mhaolú ar Airteagal 10, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2) leanúint de bheith ag eisiúint deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE go dtí an 16 Meitheamh 2020. De mhaolú ar Airteagal 10, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2a) leanúint de bheith ag eisiúint deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(5)

in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Maidir leis na Ballstáit a chuir fad leis an tréimhse thrasuí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad an tréimhse sin a fhadú tuilleadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm ag a mbearta trasuí ón dáta sin. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún faoi faoin 29 Bealtaine 2020.”;

(6)

sa chéad mhír d’Airteagal 34, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2020” in ionad an dáta “16 Meitheamh 2020”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020.

(2)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(5)  Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1).


Top