This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D2232
Council Decision (EU) 2020/2232 of 22 December 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Joint Committee established by the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community as regards the adoption of a decision establishing a list of 25 persons who are willing and able to serve as members of an arbitration panel under the Agreement and on a reserve list of persons who are willing and able to serve as Union members of an arbitration panel under the Agreement
Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú
Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú
IO L 437, 28.12.2020, pp. 182–187
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
28.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 437/182 |
CINNEADH (AE) 2020/2232 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tugadh i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an “Comhaontú um Tharraingt Siar”) le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 171(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Comhchoiste”) le liosta a bhunú de 25 dhuine a bheidh toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána, ar dháta nach déanaí ná deireadh na hidirthréimhse a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Ní mór don Chomhchoiste a áirithiú go ndéanfaidh an liosta na ceanglais a chomhlíonadh tráth ar bith. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní bheidh ar an liosta ach daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus a bhfuil eolas nó taithí speisialaithe ar dhlí an Aontais agus ar dhlí idirnáisiúnta poiblí acu. Ar an liosta sin, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit, nó de rialtas na Ríochta Aontaithe. |
|
(4) |
Tá cúigear curtha chun cinn ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe go comhpháirteach do phost an chathaoirligh ar an bpainéal eadrána, agus tá deichniúr le haghaidh an phoist mar chomhalta den phainéal molta ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe faoi seach. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú. |
|
(6) |
Is iomchuí freisin díorma cúltaca de shaineolaithe a bhunú atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina n-eadránaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, díorma ar féidir teagmháil a dhéanamh leis chun na 25 dhuine a choinneáil cothrom le dáta ó thaobh an Aontais de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann le liosta de 25 dhuine a bhunú atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú um Tharraingt Siar:
|
(a) |
is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bheidh sé bunaithe; agus |
|
(b) |
tacóidh sé le nóta a chur i gceangal le miontuairiscí chruinniú an Chomhchoiste ina leagfar amach na nósanna imeachta chun na cathaoirligh a bheidh ann amach anseo a ainmniú ar liosta na gcathaoirleach do phainéal eadrána an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, mar atá i gceangal leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Bunaítear liosta ionadaithe de dhaoine ar féidir leis an Aontas a mholadh chun folúntais a líonadh sa liosta de 25 dhuine dá dtagraítear in Airteagal 1 a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Foilseofar Cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha do LEE) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. .../2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an ...
lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána faoin gComhaontú
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (an‘Comhaontú Um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 171(1)(d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 171(1) den Chomhaontú um Tharraing Siar, ar dháta nach déanaí ná deireadh na hidirthréimhse, a leagtar amach faoin gComhaontú sin, bunóidh an Comhchoiste liosta de 25 dhuine a bheidh toilteanach agus in ann a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána, |
|
(2) |
De bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní bheidh ar an liosta sin ach daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus a bhfuil eolas nó taithí speisialaithe ar dhlí an Aontais agus ar dhlí idirnáisiúnta poiblí acu. Na daoine sin, ní bheidh siad ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit nó de rialtas na Ríochta Aontaithe, |
|
(3) |
I bhfianaise an togra chomhpháirtigh ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe go mbeidh cúigear ann le haghaidh fheidhm chathaoirleach an phainéil eadrána, agus i bhfianaise na dtograí faoi seach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe go mbeidh deichniúr ann ón dá Pháirtí le haghaidh fheidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I an liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina n-eadránaithe.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
IARSCRÍBHINN I
a ghabhann le Cinneadh Uimh .../2020 ón gComhchoiste
Cathaoirligh le haghaidh Phainéal Eadrána an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar
|
|
Ms Corinna WISSELS |
|
|
Ms Angelika Helene Anna NUSSBERGER |
|
|
Mr Jan KLUCKA |
|
|
Sir Daniel BETHLEHEM |
|
|
Ms Gabrielle KAUFMANN-KOHLER |
Gnáthchomhaltaí an Phainéil Eadrána um an gComhaontú um Tharraingt Siar
|
|
AN TAONTAS EORPACH:
|
|
|
AN RÍOCHT AONTAITHE:
|
DRÉACHTNÓTA LE CUR I GCEANGAL LE MIONTUAIRISCÍ CHRUINNIÚ AN CHOMHCHOISTE UM THARRAINGT SIAR, AN XX NOLLAIG 2020, LENA LEAGTAR AMACH NA NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH NA GCATHAOIRLEACH A BHEIDH ANN AMACH ANSEO A AINMNIÚ I LIOSTA NA GCATHAOIRLEACH LE HAGHAIDH PHAINÉAL EADRÁNA AN CHOMHAONTAITHE UM THARRAINGT SIAR
Ghlac an Comhchoiste inniu an liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí ar phainéal eadrána i gcomhréir le hAirteagal 171 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Meabhraíonn na Páirtithe gur roghnaíodh an cúigiú duine ar liosta na gcathaoirleach tar éis crannchur a bhí ann an 9 Nollaig 2020 i láthair ionadaithe ón dá Pháirtí.
Chun cothromaíocht a áirithiú le himeacht ama, ba cheart feidhm a bheith ag córas uainíochta a fheidhmeoidh mar a leanas: nuair a thiocfaidh folúntas i bpost a bheidh ag cathaoirleach a bheidh á chur i láthair ag páirtí a bhfuil trí áit ar an liosta de chúig cinn, cuirfidh an Páirtí eile triúr iarrthóirí i láthair as a roghnóidh an chéad Pháirtí cathaoirleach laistigh de thrí lá oibre chun an folúntas sin a líonadh.
Má tá post ag cathaoirleach a chuireann an Páirtí i láthair a bhfuil dhá áit ar an liosta de chúig cinn ag a chuid iarrthóirí, ní bheidh aon uainíocht ann agus cuirfidh an Páirtí sin triúr iarrthóirí i láthair as a roghnóidh an Páirtí eile cathaoirleach laistigh de thrí lá oibre chun an folúntas sin a líonadh.
Dá réir sin, ní bheidh níos lú ná beirt chathaoirleach ar liosta na gcathaoirleach a chuir gach Páirtí i láthair tráth ar bith.
Tar éis gach athsholáthair chathaoirligh mar a leagtar amach thuas, ba cheart don Chomhchoiste an liosta de 25 dhuine a leasú le cinneadh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 171 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
In aon chás, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar an liosta de 25 dhuine dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhchoiste a glacadh inniu. Déanfaidh na Páirtithe a lándícheall liosta de chúigear a mholadh go comhpháirteach le linn an athbhreithnithe sin, de réir mar a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Ba cheart an liosta sin a chur in ionad an liosta a bhí ann roimhe sin tráth nach déanaí ná sé mhí ó thús an athbhreithnithe.
Mura féidir teacht ar chomhaontú maidir leis an gcúigiú cathaoirleach le linn an phróisis athbhreithnithe, an Páirtí a bhfuil dhá áit ar an liosta de chúig cinn ag an bpointe sin, cuirfidh sé triúr iarrthóirí i láthair as a roghnóidh an Páirtí eile cathaoirleach laistigh de thrí lá chun an áit sin ar an liosta a líonadh. Tar éis an phróisis athbhreithnithe, ba cheart don Chomhchoiste an liosta de 25 dhuine a leasú le Cinneadh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 171 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
Na hiarrthóirí ar fad a mholann Páirtí amháin le haghaidh a roghnaithe ag an bPáirtí eile de réir an nós imeachta a leagtar amach sa Nóta seo, ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach in Airteagal 171 den Chomhaontú a shásamh, agus, i gcás ina measann Páirtí le réasún nach amhlaidh atá an cás, forchoimeádann sé an ceart agóid a dhéanamh in aghaidh an t-iarrthóir sin a chur san áireamh nó a cheapadh.
IARSCRÍBHINN
Liosta ionadaithe de na hiarrthóirí atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí Aontais ar phainéal eadrána faoin gComhaontú um Tharraingt Siar
Mr Myron NICOLATOS
Mr Ezio PERILLO
Mr Vilenas VADAPALAS
Mr Andreas MÜLLER
Mr Pierre d’ARGENT
Mr Radostin Georgiev PETROV
Mr Costas CLERIDES
Mr Antonin MOKRY
Mr Carri GINTER
Mr Nikolaos MARKOPOULOS
Mr Jukka SNELL
Mr Janos MARTONYI
Ms Alessandra PIETROBON
Mr Ignas VEGELE
Ms Anita KOVALEVSKA
Mr Kaj I. HOBER
Mr Matej AVBELJ