EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2142

Cinneadh (CBES) 2020/2142 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1789 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach

IO L 430, 18.12.2020, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2142/oj

18.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/25


CINNEADH (CBES) 2020/2142 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1789 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1789 (1) a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1789 go bhfuil an Cinneadh sin le dul in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin i gcrích.

(3)

An 30 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr Small Arms Survey, is é sin Gníomhaireacht cur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1789, údarú ón Aontas síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse cur chun feidhme a leagtar amach sa Chinneadh sin, agus, ar an mbealach sin, méadaíodh fad iomlán na tréimhse cur chun feidhme go 30 mí. Iarradh an síneadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus roinnt gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an tionscadal a bheith curtha siar dá bharr.

(4)

Baineann an leasú a iarradh ar Chinneadh (CBES) 2018/1789 le hAirteagal 5(2) de.

(5)

Is féidir an síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse cur chun feidhme a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2018/1789 gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1789:

“2.

Rachaidh an Cinneadh seo in éag 30 mí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1789 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach (IO L 293, 20.11.2018, lch. 24).


Top