EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2061

Cinneadh (AE) 2020/2061 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Rialacha Nós Imeachta an Choiste um Thrádáil agus Rialacha Nós Imeachta na gCoistí Speisialta a bhunú

IO L 424, 15.12.2020, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2061/oj

15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/25


CINNEADH (AE) 2020/2061 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Rialacha Nós Imeachta an Choiste um Thrádáil agus Rialacha Nós Imeachta na gCoistí Speisialta a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2009, shínigh an tAontas Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach, idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile (1), (dá ngairtear an “Comhaontú” anseo feasta), lena mbunaítear creat do Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ag Nua-Ghuine Phapua ón 20 Nollaig 2009 i leith, ag Fidsí ón 28 Iúil 2014 i leith, ag Samó ón 31 Nollaig 2018 i leith agus ag Oileáin Sholomón ón 17 Bealtaine 2020 i leith.

(2)

Le hAirteagal 68 den Chomhaontú, bunaítear Coiste um Thrádáil (dá ngairtear an “Coiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin” anseo feasta) atá le déileáil leis na hábhair uile is gá chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(3)

De bhun Airteagal 68 den Chomhaontú, tá an Coiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin lena rialacha nós imeachta a bhunú, agus féadfaidh sé Coistí Speisialta a bhunú agus déanfaidh sé cumhachtaí sonracha cinnteoireachta cur chun feidhme dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha an Chomhaontaithe a tharmligean chuig na Coistí Speisialta sin.

(4)

Le linn an ochtú cruinniú dá chuid, glacfaidh an Coiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta na gCoistí Speisialta.

(5)

Ba cheart don Aontas a chinneadh cén seasamh atá le glacadh sa Choiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin maidir leis na rialacha nós imeachta sin a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an ochtú cruinniú de chuid an Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Rialacha Nós Imeachta an Choiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin agus Rialacha Nós Imeachta na gCoistí Speisialta a bhunú, bunófar é ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin (2).

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, foilseofar Cinneadh an Choiste um Thrádáil idir AE agus Stáit an Aigéin Chiúin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 272, 16.10.2009, lch. 2.

(2)  Féach doiciméad ST 11960/20 at http://register.consilium.europa.eu


Top