EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2060

Cinneadh (AE) 2020/2060 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar an gComhaontú sin chun aontachas Stát Neamhspleách Shamó agus aontachas Oileáin Sholomón a chur san áireamh

IO L 424, 15.12.2020, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2060/oj

15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/23


CINNEADH (AE) 2020/2060 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar an gComhaontú sin chun aontachas Stát Neamhspleách Shamó agus aontachas Oileáin Sholomón a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), lena mbunaítear creat do chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche, comhaontú a síníodh i Londain an 30 Iúil 2009. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ag Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua agus ag Poblacht Fhidsí ó bhí an 20 Nollaig 2009 agus an 28 Iúil 2014 ann, faoi seach.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 80 den Chomhaontú d’aontachas Oileánstát eile san Aigéan Ciúin. Le Cinntí (AE) 2018/1908 (2) agus (AE) 2020/409 (3), faoi seach, d’fhormheas an Chomhairle aontachas Stát Neamhspleách Shamó (Samó) agus aontachas Oileáin Sholomón don Chomhaontú. D’aontaigh Samó don Chomhaontú an 21 Nollaig 2018 agus tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm aige go sealadach ó bhí an 31 Nollaig 2018 ann. D’aontaigh Oileáin Sholomón don Chomhaontú an 7 Bealtaine 2020 agus tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm acu go sealadach ó bhí an 17 Bealtaine 2020 ann.

(3)

Ag eascairt as aontachas Shamó agus aontachas Oileáin Sholomón, ní mór Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú chun tairiscintí na dtíortha sin maidir le rochtain ar an margadh a chur leis an Iarscríbhinn sin.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 68 den Chomhaontú gurb é an Coiste Trádála a dhéileálfaidh leis na hábhair uile is gá chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2019/1707 (4), chinn an Chomhairle ar an seasamh a bhí le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála a mhéid a bhaineann leis na leasuithe sin. Ag seachtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála, a tionóladh an 3 go 4 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Coiste Trádála Moladh do Pháirtithe an Chomhaontaithe, lena moltar, i measc nithe eile, an Comhaontú a leasú chun aontachas Shamó, agus aontachas Oileánstát eile san Aigéan Ciúin amach anseo, a chur san áireamh.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 13 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Trádála, trí chomhaontú, Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú ar aon bhealach má mheastar é a bheith iomchuí. Dá réir sin, ag an ochtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála, beidh an Coiste Trádála in ann an leasú teicniúil sin ar an gComhaontú a thabhairt isteach chun aontachas Shamó agus aontachas Oileáin Sholomón a chur san áireamh.

(7)

Ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacfar sa Choiste Trádála, ag an ochtú cruinniú dá chuid, a chinneadh a mhéid a bhaineann leis an leasú atá beartaithe.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Trádála, ag an ochtú cruinniú dá chuid, a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ón gCoiste Trádála,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréacht-Chinneadh ón gCoiste Trádála a bhunófar an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choiste Trádála, ag an ochtú cruinniú dá chuid, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin den pháirt eile, chun aontachas Stát Neamhspleách Shamó agus aontachas Oileáin Sholomón a chur san áireamh (5).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 272, 16.10.2009, lch. 2.

(2)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2018/1908 an 6 Nollaig 2018 maidir le haontachas Shamó leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L 333, 28.12.2018, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/409 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le haontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L 85, 20.3.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2019/1707 an 17 Meitheamh 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le moladh maidir le leasuithe áirithe a dhéanamh ar an gComhaontú chun aontachas Shamó agus aontachas Oileánstát eile san Aigéan Ciúin amach anseo a chur san áireamh (IO L 260, 11.10.2019, lch. 45).

(5)  Féach doiciméad ST 11630/20 ar http://register.consilium.europa.eu


Top