This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1990
Council Decision (CFSP) 2020/1990 of 3 December 2020 amending Decision 2010/452/CFSP on the European Union Monitoring Mission in Georgia, EUMM Georgia
Cinneadh (CBES) 2020/1990 ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia
Cinneadh (CBES) 2020/1990 ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia
IO L 411, 7.12.2020, pp. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
7.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 411/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/1990 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Nollaig 2020
lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Lúnasa 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/452/CBES (1), lenar cuireadh síneadh le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia), arna bhunú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle (2). |
|
(2) |
An 3 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1884 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2020. |
|
(3) |
Mar thoradh ar an athbhreithniú straitéiseach ar an Misean, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2022. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/452/CBES a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Cuirfear an Misean i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Is é EUR 44 823 402,79 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an Misean a chumhdach idir 15 Nollaig 2020 agus an 14 Nollaig 2022.”. |
|
(2) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Rachaidh sé in éag an 14 Nollaig 2022.” |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 2010/452/CBES ón gComhairle an 12 Lúnasa 2010 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia, (IO L 213, 13.8.2010, lch. 43).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 248, 17.9.2008, lch. 26).
(3) Cinneadh (CBES) 2018/1884 ón gComhairle an 3 Nollaig 2018 lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia agus lena leasaítear an Cinneadh sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 41).