This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1832
Council Decision (EU) 2020/1832 of 23 November 2020 on the conclusion of the Agreement between the European Union and the Government of the People’s Republic of China on cooperation on, and protection of, geographical indications
Cinneadh (AE) 2020/1832 ón gComhairle an 23 Samhain 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus iad a chosaint
Cinneadh (AE) 2020/1832 ón gComhairle an 23 Samhain 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus iad a chosaint
IO L 408I, 4.12.2020, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1832/oj
4.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 408/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1832 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Samhain 2020
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus iad a chosaint
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle (AE) 2020/1111 (2), síníodh ar 14 Meán Fómhair 2020 an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar maidir le tásca geografach agus maidir lena gcosaint (“an Comhaontú”), faoi réir é a thabhairt i gcrích níos faide anonn, |
(2) |
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú an leibhéal cosanta is airde le haghaidh tásca geografacha a bhaint amach agus ionstraimí a sholáthar chun cur in aghaidh cleachtais mheabhlacha agus úsáid éagórach na dtásc geografach. |
(3) |
Le hAirteagal 10 den Chomhaontú bunaítear Comhchoiste atá freagrach as na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, |
(4) |
Is iomchuí don Chomhairle an Coimisiún a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 218(7) den Chonradh, formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais, laistigh den Chomhchoiste, ar mhodhnuithe ar Iarscríbhinní I agus III go VI den Chomhaontú. |
(5) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus iad a chosaint a fhormheas thar ceann an Aontais. (3)
Airteagal 2
1. Chun críocha leasú a dhéanamh ar na tagairtí don dlí is infheidhme maidir leis na Páirtithe, tá an Coimisiún údaraithe le modhnuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.
2. Chun críocha Airteagal 3 den Chomhaontú, tá an Coimisiún údaraithe le modhnuithe ar Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, chomh maith leis na modhnuithe comhfhreagacha ar Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an gComhaontú. I gcás nach féidir le páirtithe leasmhara teacht ar chomhréiteach tar éis agóidí a fháil a bhaineann le tásc geografach, glacfaidh an Coimisiún seasamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Airteagal 3
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) den Chomhaontú thar ceann an Aontais. (5)
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Toiliú an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2020/1111 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus maidir lena gcosaint (IO L 244, 29.7.2020, lch. 8).
(3) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe seo sa Ghaeilge.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus le haghaidh bia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(5) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.