This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1747
Council Decision (EU) 2020/1747 of 20 November 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Joint Committee established under the Agreement between the European Union and Japan for an Economic Partnership, as regards the amendment of Appendices 2-C-1 and 2-C-2 to Annex 2-C on Motor Vehicles and Parts
Cinneadh (AE) 2020/1747 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus 2-C-2 a ghabhann le hIarscríbhinn 2-C maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna a leasú
Cinneadh (AE) 2020/1747 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus 2-C-2 a ghabhann le hIarscríbhinn 2-C maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna a leasú
IO L 393, 23.11.2020, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
23.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 393/17 |
CINNEADH (AE) 2020/1747 ÓN GCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus 2-C-2 a ghabhann le hIarscríbhinn 2-C maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (1) (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019. |
(2) |
Tugtar in Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna, liosta Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe in Aguisín 2-C-1 a chuireann an dá Pháirtí i bhfeidhm agus in Aguisín 2-C-2 liosta Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe a chuireann Páirtí amháin i bhfeidhm agus nár mheas an Páirtí eile fós. |
(3) |
Ón tráth a síníodh an Comhaontú agus mar thoradh ar an dul chun cinn a rinneadh sa phlé a rinneadh i gCoimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le cúrsaí rialála, tá dhá Rialachán breise ó na Náisiúin Aontaithe nár liostaíodh in Aguisín 2-C-1 á gcur i bhfeidhm ag na Páirtithe. Ina theannta sin, tá dhá Rialachán a bhí liostaithe in Iarscríbhinn 2-C-2 á gcur i bhfeidhm ag an dá Phairtí anois agus tá siad le haistriú chuig Iarscríbhinn 2-C-1 a ghabhann leis an gComhaontú. agus ba cheart iad a nuashonrú dá bharr sin i gcomhréir le hAirteagal 9 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú. Leis an nuashonrú sin, cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le creat rialála an chaidrimh trádála fabhraí idir na Páirtithe, |
(4) |
De bhun mhír 3 agus fomhír 4(b) d’Airteagal 23.2 den Chomhaontú, i gcomhréir le nósanna imeachta dlíthiúla baile na bPáirtithe féin, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh chun Aguisín 2-C-1 agus Aguisín 2-C-2 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú ós rud é go mbeidh cinneadh beartaithe an Chomhchoiste ina cheangal ar an Aontas, |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus Aguisín 2-C-2 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, bunófar é ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste sin (2).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidh ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M .ROTH
(1) IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.
(2) Féach doiciméad ST 12431/20 ar http://register.consilium.europa.eu.