This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1726
Council Decision (CFSP) 2020/1726 of 14 September 2020 on the signing and conclusion, on behalf of the Union, of the Framework Agreement between the European Union and the United Nations for the Provision of Mutual Support in the context of their respective missions and operations in the field
Cinneadh (CBES) 2020/1726 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2020 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach
Cinneadh (CBES) 2020/1726 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2020 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach
IO L 389, 19.11.2020, p. 1–1
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1726/oj
|
19.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 389/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/1726 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2020
maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 5 Márta 2015, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Comhaontú Réime Comhair idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe a thabhairt i gcrích i gcomhthéacs a gcuid oibríochtaí bainistíochta géarchéime faoi seach. |
|
(2) |
Rinneadh Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh (an “Comhaontu Réime”) faoi seach a chaibidil. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú Réime a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach, a fhormheas thar ceann an Aontais (1).
Airteagal 2
Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo an duine (na daoine) a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú Réime a shíniú chun é a chur de cheangal ar an Aontas.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meán Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe seo sa Ghaeilge