EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1704

Cinneadh (AE) 2020/1704 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020

IO L 383, 16.11.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1704/oj

Related international agreement

16.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 383/1


CINNEADH (AE) 2020/1704 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218, mír 5 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (1) (“Comhaontúi bhfoirm Malartú Litreacha”), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle (2), i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2008.

(2)

An Prótacal a ghabhann leis an gcomhaontú lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna agus a bhí le bheith i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain, rinneadh é a ionadú roinnt uaireanta.

(3)

An 8 Iúil 2019 d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le tosú ar chaibidlíocht le Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin”) chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích in earnáil na hiascaireachta inbhuanaithe agus Prótacal lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme a thabhairt i gcrích.

(4)

Ionas nach mbeadh na gníomhaíochtaí iascaireachta ar fionraí ar feadh i bhfad, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún freisin le síneadh a chaibidliú ar feadh tréimhse uasta aon bhliain amháin ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm (3) a bhí le dul in éag an 15 Samhain 2019 (“Prótacal”). Ar an 8 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1918 (4) maidir leis an síneadh sin.

(5)

Idir Meán Fómhair 2019 agus Feabhra 2020, bhí ceithre bhabhta caibidlíochta ann leis an Máratáin d’fhonn comhaontú agus Prótacal nua a thabhairt i gcrích. Ní raibh rath ar na caibidlíochtaí sin.

(6)

I bhfianaise na ndálaí sláinte atá ann faoi láthair de dheasca phaindéim COVID-19, is léir nach ndéanfar an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích in am agus dá bhrí sin nach bhféadfaí briseadh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, d’ainneoin an chéad sínte leis an bPrótacal. Sa chomhthéacs sin, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún an 26 Meitheamh 2020 síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal a chaibidliú.

(7)

Agus an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích le críochnú, chaibidligh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha maidir leis an dara síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa chomhaontú (“Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”). Ag deireadh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha an 7 Iúil 2020.

(8)

Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais agus na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

(9)

Chun a áirithiú go rachaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais atá ag oibriú in uiscí na Máratáine ar aghaidh gan bhriseadh, is iomchuí an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur i bhfeidhm go sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, i gcomhréir le pointe 6 ann.

(10)

Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020, i bhfoirm Malartú Litreacha, a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an comhaontú sin a thabhairt i gcrích (5)

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é (6), go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  IO L 343, 8.12.2006,lch. 4.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle an 30 Samhain 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (IO L 343, 8.12.2006, lch. 1).

(3)  Prótacal lena leagtar síos na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine ar feadh tréimhse 4 bliana (IO L 315, 1.12.2015, lch. 3).

(4)  Cinneadh (AE) 2019/1918 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019 (IO L 297 I, 18.11.2019, lch. 1).

(5)  Níl ann do théacs na hIarscíbhinne sa Ghaeilge.

(6)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top