Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1699

Cinneadh (CBES) 2020/1699 ón gComhairle an 12 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

IO L 381, 13.11.2020, pp. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 20/09/2015

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1699/oj

13.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 381/22


CINNEADH (CBES) 2020/1699 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Samhain 2020

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1).

(2)

An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/849 (2).

(3)

Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-490/18 (3), ba cheart Neda Industrial Group a bhaint de liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/849 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 8).

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Iúil 2020, Neda Industrial Group v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-490/18, ECLI:EU:T:2020:318.


IARSCRÍBHINN

I gCinneadh 2010/413/CBES, Iarscríbhinn II, cuid I, roinn B (Eintitis), scriostar an iontráil seo a leanas:

“47.

Neda Industrial Group”.


Top