This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1598
Decision (EU) 2020/1598 of the European Parliament and of the Council of 20 October 2020 on the mobilisation of the European Globalisation Adjustment Fund following an application from Spain – EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors
Cinneadh (AE) 2020/1598 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – CED/2020/001 ES/earnálacha coimhdeacha longthógála na Gailíse
Cinneadh (AE) 2020/1598 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – CED/2020/001 ES/earnálacha coimhdeacha longthógála na Gailíse
IO L 365, 3.11.2020, pp. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
3.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 365/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1598 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – CED/2020/001 ES/earnálacha coimhdeacha longthógála na Gailíse
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a ndearnadh iomarcaíocht orthu agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n‐oibrithe sin sa mhargadh saothair. |
|
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 13 Bealtaine 2020, chuir an Spáinn iarratas isteach i dtaca le CED a shlógadh, i ndáil le hiomarcaíochtaí sna hearnálacha eacnamaíocha arna n‐aicmiú faoi aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (“NACE”) Athbhreithniú 2 Rannáin 24 (Monarú miotal bunúsach), 25 (Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail), 30 (Monarú trealaimh eile iompair), 32 (Monarú eile), 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh) agus 43 (Gníomhaíochtaí tógála speisialaithe) i nGailís (ES11) na Spáinne, réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, soláthraíodh faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, meastar an t‐iarratas ón Spáinn a bheith inghlactha, ós rud é gur iarratas comhchoiteann é nach mbaineann ach le FBManna atá lonnaithe i réigiún na Gailíse, ina bhfuil na FBManna ar an bpríomhchineál gnó sa réigiún sin agus ina bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 054 400 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Spáinn isteach. |
|
(6) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 2 054 400 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 20 Deireadh Fómhair 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).