Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1556

    Cinneadh (CBES) 2020/1556 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

    IO L 355, 26.10.2020, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1556/oj

    26.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 355/3


    CINNEADH (CBES) 2020/1556 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Deireadh Fómhair 2020

    lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2021.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(2) de Chinneadh 2010/638/CBES:

    “2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2021. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    S. SCHULZE


    (1)  Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).


    Top