This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1516
Council Decision (CFSP) 2020/1516 of 19 October 2020 amending Decision (CFSP) 2016/1693 concerning restrictive measures against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and persons, groups, undertakings and entities associated with them
Cinneadh (CBES) 2020/1516 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
Cinneadh (CBES) 2020/1516 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
IO L 348, 20.10.2020, p. 15–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
20.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 348/15 |
CINNEADH (CBES) 2020/1516 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha a leagtar amach in Airteagal 2(2), agus in Airteagal 3(3) agus (4) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
|
“5. |
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), agus in Airteagal 3(3) agus (4) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 19 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. KLOECKNER
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).