Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1515

    Cinneadh (CBES) 2020/1515 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh (CBES) 2016/2382

    IO L 348, 20.10.2020, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1515/oj

    20.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 348/1


    CINNEADH (CBES) 2020/1515 ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Deireadh Fómhair 2020

    lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh (CBES) 2016/2382

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 42(4) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/575/CBES (1) lena mbunaítear an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (“ESDC”). An 23 Meitheamh 2008, cuireadh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/550/CBES ón gComhairle (2) in ionad na Gníomhaíochta Comhpháirtí sin, agus, dá réir sin, cuireadh Cinneadh 2013/189/CBES ón gComhairle (3) in ionad na Gníomhaíochta Comhpháirtí sin. Ar deireadh, cuireadh Cinneadh (CBES) 2016/2382 ón gComhairle (4) in ionad Cinneadh 2013/189/CBES.

    (2)

    An 10 agus an 11 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle an Scéim Eorpach um Malartú Oifigeach Óg Airm, arna spreagadh ag an gclár Erasmus agus chomhaontaigh sí go dtiocfaidh meitheal cur chun feidhme le chéile faoi chuimsiú Bhord Acadúil Feidhmiúcháin ESDC.

    (3)

    An 26 Meitheamh 2020, chomhaontaigh Coiste Stiúrtha ESDC (“Coiste Stiúrtha”) stiúrtha moltaí i ndáil le peirspictíochtaí ESDC amach anseo.

    (4)

    Cé gur saineolaithe náisiúnta ar iasacht is mó ba cheart a bheith ar fhoireann ESDC, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le baill foirne ar conradh chun poist chriticiúla áirithe a líonadh.

    (5)

    De bhun Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (5), lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ba cheart gurbh é SEGS a sholáthródh an tacaíocht do ESDC a bhí á cur ar fáil roimhe seo ag Ardrúnaíocht na Comhairle.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/2382 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Bunú, misean, cuspóirí agus cúraimí

    Airteagal 1

    Bunú

    Bunaítear leis seo Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC).

    Airteagal 2

    Misean

    Cuirfidh ESDC oiliúint agus oideachas ar fáil i réimse Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais i gcomhthéacs níos leithne an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) ar leibhéal Eorpach, chun comhthuiscint ar CBES agus CBSC a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc pearsanra sibhialtach agus míleata agus chun dea-chleachtais a shainaithint agus a scaipeadh i ndáil le saincheisteanna éagsúla CBES agus CBSC, trína ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais (“gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC”).

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    Beidh na cuspóirí seo a leanas ag ESDC:

    (a)

    an comhchultúr Eorpach slándála agus cosanta a fheabhsú a thuilleadh laistigh den Aontas agus na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 21(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a chur chun cinn lasmuigh den Aontas;

    (b)

    tuiscint níos fearr ar CBSC a chur chun cinn mar chuid ríthábhachtach de CBES;

    (c)

    pearsanra eolach a sholáthar do thionscnaimh an Aontais a bheidh in ann oibriú go héifeachtúil ar gach gné de CBSC laistigh de chomhthéacs níos leithne CBES;

    (d)

    pearsanra eolach atá eolach ar bheartais, institiúidí agus nósanna imeachta an Aontais i réimse CBSC a sholáthar do rialtais agus d’fhoireann na mBallstát;

    (e)

    comhthuiscint ar phrionsabail feidhmiúcháin Mhisin agus Oibríochtaí CBSC mar aon le tuiscint ar fhéiniúlacht choiteann Eorpach a chur ar fáil do phearsanra Mhisin agus Oibríochtaí CBSC;

    (f)

    oiliúint agus oideachas a chur ar fáil mar fhreagairt ar riachtanais oiliúna agus oideachais Mhisin agus Oibríochtaí CBSC;

    (g)

    tacú le comhpháirtíochtaí an Aontais i réimse CBSC, go háirithe comhpháirtíochtaí leis na tíortha sin atá rannpháirteach i misin CBSC;

    (h)

    tacú le bainistiú géarchéime sibhialtaí lena n-áirítear sa réimse coinbhleachtaí a chosc, agus na dálaí is gá le haghaidh forbairt inbhuanaithe a bhunú nó a chaomhnú;

    (i)

    an Tionscnamh Eorpach um Malartú Oifigeach Óg Airm a chur chun cinn;

    (j)

    taighde ar leibhéal PhD a chur chun cinn i réimsí a bhaineann le CBSC;

    (k)

    pearsanra eolach a bhfuil cur amach acu ar bheartais, institiúidí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais an Aontais i réimse na cibearshlándála agus na cibearchosanta a sholáthar do Bhallstáit agus do rialtais an Aontais;

    (l)

    cabhrú le caidreamh gairmiúil agus teagmhálacha gairmiúla a chur chun cinn i measc rannpháirtithe san oiliúint agus san oideachas.

    Tabharfar aird, i gcás inarb iomchuí, ar chomhsheasmhacht a áirithiú le gníomhaíochtaí eile an Aontais.

    Airteagal 4

    Cúraimí ESDC

    1.   Is iad príomhchúraimí ESDC, i gcomhréir lena mhisean agus lena chuspóirí, gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC i réimse CBSC a eagrú agus a stiúradh i gcomhthéacs níos leithne CBES.

    2.   Áireofar an méid seo a leanas i ngníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC:

    (a)

    cúrsaí bunleibhéil agus ardleibhéil lena gcuirfear tuiscint chineálach ar CBES agus CBSC chun cinn;

    (b)

    cúrsaí chun ceannaireacht a fhorbairt;

    (c)

    cúrsaí a thacaíonn go díreach le Misin agus Oibríochtaí CBSC, lena n‐áirítear oiliúint agus oideachas réamh-imscartha agus le linn an mhisin agus le linn na hoibríochta;

    (d)

    cúrsaí ag tacú le comhpháirtíochtaí an Aontais agus le tíortha a bheidh rannpháirteach i Misin agus in Oibríochtaí CBSC;

    (e)

    modúil ag tacú le hoiliúint agus oideachas sibhialtach agus míleata i réimse CBSC;

    (f)

    cúrsaí, seimineáir, cláir agus comhdhálacha CBSC do spriocghrúpaí speisialtóireachta nó le fócas ar leith;

    (g)

    modúil choiteanna a bheidh á reáchtáil faoin Tionscnamh Eorpach um Malartú Oifigeach Óg Airm, arna spreagadh ag an gclár Erasmus; cé nach gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais foirmiúla ESDC iad, tacóidh ESDC freisin le seimeastair Eorpacha agus le comhchéimeanna máistir a bhainfidh úsáid as na modúil choiteanna dá dtagraítear sa phointe seo, agus cuirfidh sé chun cinn iad;

    (h)

    cibearfheasacht agus cúrsaí ardleibhéil, lena n-áirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC;

    (i)

    cúrsaí agus seimineáir atá dírithe ar thacú le taighde ar leibhéal PhD trí dhea-chleachtais agus taithí a mhalartú.

    Tabharfar faoi ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais eile, de réir mar a chinnfidh an Coiste Stiúrtha, dá dtagraítear in Airteagal 9.

    3.   Sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh ESDC an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    tacóidh sé leis an gcaidreamh a bhunófar idir na hinstitiúidí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bheidh ag obair sa líonra dá dtagraítear sa mhír sin (“an líonra”);

    (b)

    córas ríomhfhoghlama a reáchtáil agus a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais CBSC nó, in imthosca eisceachtúla, ar féidir a úsáid mar ghníomhaíochtaí neamhspleácha oiliúna agus oideachais;

    (c)

    ábhar oiliúna agus oideachasúil a fhorbairt agus a tháirgeadh i réimse CBSC, agus ag tarraingt ar ábhar ábhartha atá ann cheana;

    (d)

    tacú le Cumann Alumni idir iar-rannpháirtithe san oiliúint;

    (e)

    tacú le cláir mhalartaithe i réimse CBSC idir institiúidí oiliúna agus oideachais na mBallstát;

    (f)

    gníomhú mar riarthóir urrainne ar mhodúl Schoolmaster an tionscadail Goalkeeper agus ionchur a sholáthar do Chlár Oiliúna bliantúil an Aontais in CBSC tríd an modúl sin;

    (g)

    gníomhú mar riarthóir ardán CD-TXP á thionscnamh ag an Aontas chun deiseanna oiliúna cibearghaolmhara a mhalartú;

    (h)

    tacaíocht a sholáthar do bhainistiú oiliúna agus oideachais sna réimsí seo a leanas: cosc coinbhleachtaí, bainistiú géarchéime sibhialtaí, bunú nó caomhnú na ndálaí is gá don fhorbairt inbhuanaithe agus tionscnaimh um Athchóiriú na hEarnála Slándála, chomh maith leis an gcibearshlándáil agus feasacht ar bhagairtí hibrideacha a chur chun cinn;

    (i)

    comhdháil bhliantúil líonra a eagrú agus a reáchtáil ina dtugtar le chéile saineolaithe oiliúna agus oideachais in CBES agus CBSC, idir shibhialtaigh agus lucht míleata, ó institiúidí agus aireachtaí oiliúna agus oideachais na mBallstát, agus ó ghníomhaithe seachtracha ábhartha san oiliúint agus oideachas de réir mar is iomchuí;

    (j)

    caidreamh a choinneáil le gníomhaithe ábhartha i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, i réimse na forbartha agus an chomhair, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha;

    (k)

    tacú leis an gCoiste um Ghnéithe Sibhialtacha den Bhainistíocht ar Ghéarchéimeanna agus le Grúpa an Aontais um Oiliúint Sibhialtach trí na costais taistil agus chóiríochta a bhaineann le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Sibhialtacha um Oiliúint a riar agus a bhainistiú;

    (l)

    páirt a ghlacadh sna cruinnithe de ghrúpaí an Aontais um oiliúint sibhialtach agus míleata, riachtanais oiliúna sibhialtach/míleata a dhíorthú óna n-aschur agus torthaí na hanailíse riachtanas a chur san áireamh le linn bheartú tosaíochta bliantúil ghníomhaíochtaí ESDC agus chun curaclaim ESDC a fhorbairt agus;

    (m)

    an creat cáilíochtaí de réir earnála d’oifigigh mhíleata a mhionsaothrú a thuilleadh, a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn.

    CAIBIDIL II

    Eagrú

    Airteagal 5

    Líonra

    1.   Eagrófar ESDC mar líonra lena dtabharfar le chéile institiúidí, coláistí, acadaimh, ollscoileanna, forais, ionaid barr feabhais agus gníomhaithe eile idir shibhialtacha agus mhíleata a bheidh ag plé le saincheisteanna beartais slándála agus cosanta laistigh den Aontas de réir mar a bheidh á sainaithint ag na Ballstáit, mar aon le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS).

    Bunóidh ESDC dlúthnaisc le forais an Aontais agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe leis na gníomhaireachtaí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

    Gníomhaireacht an Aontais um oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí (CEPOL),

    an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (FRONTEX),

    an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC),

    an Lárionad Satailíte Eorpach (EU SatCen), agus

    Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).

    2.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta, idir-rialtasacha, rialtasacha nó neamhrialtasacha stádas “comhpháirtí comhlach den líonra” (ANP) a fháil, agus comhaontóidh an Coiste Stiúrtha na socruithe mionsonraithe ina leith.

    3.   Oibreoidh ESDC faoi fhreagracht fhoriomlán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“An tArdionadaí”).

    Airteagal 6

    Ról Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála

    1.   Mar chuid de líonra ESDC, comhoibreoidh EUISS le ESDC trína chuid saineolais agus cumas bailithe eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí oiliúna ESDC, lena n‐áirítear trí fhoilseacháin EUISS, de réir mar is acmhainn dó.

    2.   Go háirithe, cuirfidh EUISS léachtaí ar fáil agus iad á dtabhairt ag anailísithe de chuid EUISS agus rannchuideoidh sé le forbairt bhreise ar ábhar ríomhfhoghlama ESDC.

    3.   Tacóidh EUISS le Comhlachas Alumni ESDC freisin.

    Airteagal 7

    Inniúlacht dhlíthiúil

    1.   Beidh an inniúlacht dhlíthiúil is gá ag ESDC chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    a chuid cúraimí a chomhlíonadh agus a chuid cuspóirí a bhaint amach;

    (b)

    conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh a mbeidh gá leo dá fheidhmiú, lena n‐áirítear chun iasachtaí foirne a chur chun feidhme agus baill foirne ar conradh a earcú; trealamh a fháil, go háirithe trealamh múinteoireachta;

    (c)

    cuntais bhainc a shealbhú; agus

    (d)

    a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

    2.   Aon dliteanas a d’fhéadfadh teacht as conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag ESDC, cumhdófar é leis na cistí a bheidh ar fáil dó de bhun Airteagail 16 agus 17.

    Airteagal 8

    Struchtúr

    Bunófar an struchtúr seo a leanas faoi ESDC:

    (a)

    an Coiste Stiúrtha a mbeidh freagracht air as comhordú foriomlán ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC agus as iad a stiúradh;

    (b)

    an Bord Acadúil Feidhmiúcháin (“an Bord”) a mbeidh freagracht air as cáilíocht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC a áirithiú;

    (c)

    Ceann ESDC (“an Ceann”), ionadaí dlíthiúil aonair ESDC, a mbeidh freagracht air nó uirthi as bainistiú airgeadais agus riaracháin ESDC, chomh maith le comhairle a chur ar an gCoiste Stiúrtha agus ar an mBord maidir le gníomhaíochtaí ESDC a eagrú agus a bhainistiú;

    (d)

    Rúnaíocht ESDC (“an Rúnaíocht”) a chuideoidh leis an gCeann cúraimí an Chinn a chomhlíonadh agus, go háirithe, a chuideoidh leis an mBord cáilíocht agus comhleanúnachas foriomlán ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC a áirithiú.

    Airteagal 9

    An Coiste Stiúrtha

    1.   Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d'ionadaí amháin arna cheapadh ag gach Ballstát agus beidh sé mar chomhlacht cinnteoireachta ESDC. Féadfaidh comhalta malartach feidhmiú thar ceann comhalta den Choiste nó a bheith ann in éineacht leis an gcomhalta sin.

    2.   Féadfaidh comhaltaí an Choiste Stiúrtha saineolaithe a thabhairt leo chuig cruinnithe an Choiste.

    3.   Is ionadaí ón Ardionadaí a mbeidh taithí iomchuí aige nó aici a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha. Tiocfaidh sé le chéile ceithre huaire ar a laghad sa bhliain.

    4.   Féadfaidh ionadaithe ó thíortha a aontaíonn don Aontas freastal ar chruinnithe an Choiste Stiúrtha mar bhreathnóirí gníomhacha.

    5.   Beidh an Ceann , baill foirne eile ESDC, Cathaoirleach an Bhoird agus, nuair is iomchuí, Cathaoirligh na bhfoirmíochtaí éagsúla, mar aon le hionadaí ón gCoimisiún agus ó institiúidí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear SEGS, rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Stiúrtha ach ní bheidh ceart vótála acu.

    6.   Is iad seo a leanas cúraimí an Choiste Stiúrtha:

    (a)

    gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC a fhormheas agus a choinneáil faoi athbhreithniú rialta, a léireoidh na ceanglais oiliúna agus oideachais CBSC a comhaontaíodh;

    (b)

    clár acadúil bliantúil ESDC a fhormheas;

    (c)

    na gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais a bheidh le reáchtáil faoi ESDC a roghnú agus a chur in ord tosaíochta, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil do ESDC agus na riachtanais oiliúna agus oideachais a sainaithníodh á gcur san áireamh;

    (d)

    an Ballstát nó na Ballstáit ina mbeidh gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC á n‐óstáil a roghnú mar aon leis na hinstitiúidí a bheidh á reáchtáil;

    (e)

    cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí sonracha oiliúna agus oideachais ESDC a oscailt do rannpháirtíocht tríú tír laistigh den chreat polaitiúil ginearálta a dhéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a leagan síos;

    (f)

    na curaclaim a ghlacadh le haghaidh gach gníomhaíocht oiliúna agus oideachais ESDC;

    (g)

    na tuarascálacha meastóireachta cúrsa a thabhairt ar aird;

    (h)

    an tuarascáil bhliantúil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC a thabhairt ar aird agus na moltaí inti a ghlacadh, a bheidh le cur ar aghaidh chuig comhlachtaí ábhartha na Comhairle;

    (i)

    treoir fhoriomlán a sholáthar d’obair an Bhoird;

    (j)

    Cathaoirligh an Bhoird agus a fhoirmíochtaí éagsúla a cheapadh;

    (k)

    déanfaidh sé na cinntí is gá maidir le feidhmiú ESDC sa mhéid is nach cinntí iad a shanntar do chomhlachtaí eile;

    (l)

    an buiséad bliantúil agus aon bhuiséad leasaitheach a fhormheas, ag gníomhú dó ar thograí ón gCeann;

    (m)

    na cuntais bhliantúla a fhormheas agus urscaoileadh a thabhairt don Cheann;

    (n)

    rialacha breise is infheidhme maidir leis an gcaiteachas arna bhainistiú ag ESDC a fhormheas;

    (o)

    aon chomhaontú maoinithe agus/nó aon socrú teicniúil leis an gCoimisiún, le SEGS, le Gníomhaireacht de chuid an Aontais nó le Ballstát maidir le maoiniú agus/nó cur chun feidhme chaiteachas ESDC a fhormheas;

    (p)

    rannchuidiú le próiseas roghnúcháin an Chinn de réir mar a shainítear in Airteagal 11(3);

    (q)

    meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chinn i mbun a chúraimí nó a cúraimí a mhéid a bhaineann le síneadh féideartha a chur lena shainordú nó lena sainordú dá dtagraítear in Airteagal 11(4).

    7.   Déanfaidh an Coiste Stiúrtha a Rialacha Nós Imeachta a fhormheas.

    8.   Seachas an cás dá bhforáiltear in Airteagal 2(6) de na Rialacha Airgeadais is infheidhme maidir le caiteachas arna chistiú ag ESDC agus maidir le maoiniú chaiteachas ESDC, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo (“Rialacha Airgeadais”), gníomhóidh an Coiste Stiúrtha trí thromlach cáilithe, de réir mar a shainítear in Airteagal 16(4) CAE.

    Airteagal 10

    An Bord Feidhmiúcháin Acadúil

    1.   Is iad a bheidh ar an mBord: ionadaithe sinsearacha ó na hinstitiúidí sibhialtacha agus míleata sin, agus gníomhaithe eile, arna sainaithint ag na Ballstáit chun tacú le seoladh ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC agus ó Stiúrthóir EUISS nó ionadaí an Stiúrthóra.

    2.   Ceapfaidh an Coiste Stiúrtha Cathaoirleach an Bhoird as measc chomhaltaí an Bhoird.

    3.   Tabharfar cuireadh d’ionadaithe an Choimisiúin agus d’ionadaithe SEGS freastal ar chruinnithe an Bhoird.

    4.   Tabharfar cuireadh d’ionadaithe sinsearacha na líonraí gaolmhara comhpháirtíochta freastal ar chruinnithe an Bhoird mar bhreathnóirí gníomhacha.

    5.   Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe acadúla agus d’oifigigh shinsearacha ó institiúidí an Aontais agus ó institiúidí náisiúnta freastal ar chruinnithe an Bhoird, mar bhreathnóirí. Nuair is iomchuí agus ar bhonn cás ar chás, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe acadúla ar ionadaithe iad, agus d’oifigigh shinsearacha ar ionadaithe iad ar institiúidí nach comhalta den líonra iad chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird.

    6.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an mBord:

    (a)

    comhairle acadúil agus moltaí acadúla a sholáthar don Choiste Stiúrtha;

    (b)

    an clár acadúil bliantúil comhaontaithe a chur chun feidhme, tríd an líonra;

    (c)

    maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras ríomhfhoghlama;

    (d)

    curaclaim a fhorbairt do gach gníomhaíocht oiliúna agus oideachais ESDC;

    (e)

    a áirithiú go ndéantar comhordú ginearálta ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC i measc na n‐institiúidí uile;

    (f)

    athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin na ngníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ar tugadh fúthu sa bhliain acadúil roimhe sin;

    (g)

    tograí a chur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha maidir le gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais sa chéad bhliain acadúil eile;

    (h)

    a áirithiú go ndéantar meastóireacht chórasach ar gach gníomhaíocht oiliúna agus oideachais ESDC agus na tuarascálacha meastóireachta ar na cúrsaí a fhormheas;

    (i)

    rannchuidiú leis an dréacht-tuarascáil bhliantúil ghinearálta maidir le gníomhaíochtaí ESDC;

    (j)

    tacú le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh um Malartú Oifigeach Óg Airm, arna spreagadh ag an gclár Erasmus.

    7.   Chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Bord teacht le chéile i bhfoirmíochtaí tionscadal-dhírithe éagsúla. Tarraingeoidh an Bord suas na rialacha agus na socruithe lena rialófar cruthú agus feidhmiú na bhfoirmíochtaí sin a bheidh le comhaontú ag an gCoiste Stiúrtha. Tuairisceoidh gach foirmíocht a cuid gníomhaíochtaí ar ais chuig an mBord foriomlán uair sa bhliain ar a laghad, agus féadfar síneadh a chur lena sainordú ina dhiaidh sin.

    8.   Tabharfaidh comhaltaí de Rúnaíocht tacaíocht agus cúnamh don Bhord agus do gach foirmíocht dá cuid. Beidh na comhaltaí sin i láthair ag na cruinnithe ach ní bheidh cead vótála acu. Féadfaidh comhalta cathaoirleacht a dhéanamh ar na cruinnithe an tráth céanna, mura féidir aon iarrthóir eile a aimsiú.

    9.   Glacfaidh an Coiste Stiúrtha Rialacha Nós Imeachta an Bhoird agus Rialacha Nós Imeachta gach ceann dá fhoirmíochtaí.

    Airteagal 11

    Ceann ESDC

    1.   Déanfaidh an Ceann an méid seo a leanas:

    (a)

    freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí ESDC;

    (b)

    gníomhú mar ionadaí dlíthiúil aonair ESDC;

    (c)

    freagracht a ghlacadh as bainistiú airgeadais agus riaracháin ESDC;

    (d)

    comhairle a chur ar an gCoiste Stiúrtha agus ar an mBord agus tacaíocht a thabhairt dá gcuid oibre; agus

    (e)

    gníomhú mar ionadaí ESDC le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais laistigh den líonra agus lasmuigh de.

    2.   Is daoine a bhfuil saineolas agus taithí seanbhunaithe aitheanta acu ar oiliúint agus ar oideachas a bheidh ina n‐iarrthóirí ar an bpost mar Cheann. Féadfaidh Ballstáit iarrthóirí a chur ar aghaidh don phost mar Cheann. Féadfaidh foireann institiúidí an Aontais agus foireann SEGS iarratas a dhéanamh ar an bpost sin, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

    3.   Eagrófar an próiseas réamhroghnúcháin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Is triúr ionadaithe ó SEGS a bheidh ar an bpainéal réamhroghnúcháin. Is é Cathaoirleach an Choiste Stiúrtha a bheidh ina chathaoirleach air. Ar bhonn thorthaí an réamhroghnúcháin, déanfaidh an tArdionadaí moladh a thíolacadh chuig an gCoiste sin agus gearrliosta ar a mbeidh triúr iarrthóirí ar a laghad, arna tharraingt suas in ord rogha an phainéil réamhroghnúcháin. Ba cheart gur ó Bhallstáit a thiocfadh leath na n‐iarrthóirí ar an ngearrliosta ar a laghad. I rith an phróisis roghnúcháin, cuirfidh na hiarrthóirí a bhfís do ESDC i láthair an Choiste sin, agus tabharfar cuireadh do Bhallstáit ina dhiaidh sin na hiarrthóirí a rangú i scríbhinn, le ballóid rúnda. Ceapfaidh an tArdionadaí Ceann mar chomhalta d’fhoireann SEGS ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana.

    4.   Roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coiste Stiúrtha meastóireacht ar fheidhmíocht an Chinn i mbun a chúraimí nó a cúraimí, go háirithe i gcoinne na gcuspóirí a leagfar amach san fhís arna cur i láthair aige nó aici le linn an phróisis roghnúcháin. Molfaidh an Coiste sin, ar bhonn na meastóireachta sin, síneadh a chur le sainordú an Chinn reatha nó nós imeachta roghnúcháin nua a sheoladh chun Ceann nua a roghnú. Sa chás deireanach sin, ní fhéadfaidh an Ceann reatha iarratas a dhéanamh ar an bpost sin. I gcás síneadh, ní rachaidh ré iomlán shainordú an Chinn thar 5 bliana.

    5.   Is iad seo a leanas go háirithe na cúraimí a bheidh ar Cheann:

    (a)

    na bearta ar fad is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí ESDC a fheidhmiú go héifeachtach;

    (b)

    réamhdhréacht-thuarascáil bhliantúil ESDC agus a réamh-dhréachtchlár oibre a tharraingt suas, a bheidh le cur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha ar bhonn na dtograí arna dtíolacadh ag an mBord;

    (c)

    cur chun feidhme chlár oibre ESDC a chomhordú;

    (d)

    teagmháil a choinneáil ar bun leis na húdaráis ábhartha i mBallstáit;

    (e)

    teagmháil a choinneáil ar bun le gníomhaithe ábhartha seachtracha oiliúna agus oideachais i réimse CBES agus CBSC;

    (f)

    socruithe teicniúla a thabhairt i gcrích, i gcás inar gá, maidir le gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC leis na húdaráis ábhartha agus le gníomhaithe oiliúna agus oideachais i réimse CBES agus CBSC;

    (g)

    aon chúram eile a shannfaidh an Coiste Stiúrtha dó nó di a chomhlíonadh.

    6.   Beidh Ceann freagrach as bainistiú airgeadais agus riaracháin ESDC, agus déanfaidh sé nó sí an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    aon dréachtbhuiséad a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha;

    (b)

    na buiséid a ghlacadh tar éis don Choiste Stiúrtha iad a fhormheas;

    (c)

    a bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údarúcháin do bhuiséad ESDC;

    (d)

    cuntas bainc amháin nó níos mó a oscailt thar ceann ESDC;

    (e)

    aon chomhaontú maoinithe agus/nó aon chomhshocrú teicniúil leis an gCoimisiún, le SEGS nó le Ballstát maidir le maoiniú agus/nó cur chun feidhme chaiteachas ESDC a chaibidil, a chur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha agus a thabhairt i gcrích;

    (f)

    baill foirne na Rúnaíochta a roghnú, le cúnamh ó phainéal roghnúcháin;

    (g)

    aon Mhalartú Litreacha maidir le foireann ón Rúnaíocht a bheith á tabhairt ar iasacht do ESDC a chaibidil agus a shíniú thar ceann ESDC;

    (h)

    aon chonradh fostaíochta do bhaill foirne a íoctar ó bhuiséad ESDC a chaibidil agus a shíniú thar ceann ESDC;

    (i)

    ionadaíocht ghinearálta a dhéanamh thar ceann ESDC chun críoch gach gníomh dlíthiúil a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leis;

    (j)

    cuntais bhliantúla ESDC a chur faoi bhráid an Choiste Stiúrtha.

    7.   Beidh Ceann cuntasach don Choiste Stiúrtha as a chuid nó as a cuid gníomhaíochtaí.

    Airteagal 12

    Rúnaíocht ESDC

    1.   Tabharfaidh an Rúnaíocht cúnamh don Cheann cúraimí an Chinn a chomhlíonadh.

    2.   Cuirfidh an Rúnaíocht tacaíocht ar fáil don Choiste Stiúrtha, don Bhord, lena n‐áirítear a fhoirmíochtaí, agus d’institiúidí a bhaineann le bainistiú, comhordú agus eagrú ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC.

    3.   Tabharfaidh an Rúnaíocht tacaíocht agus cúnamh don Bhord chun cáilíocht fhoriomlán agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC a áirithiú agus chun a áirithiú go bhfanfaidh siad i gcomhréir le forbairtí beartais an Aontais. Cabhróidh siad go háirithe lena áirithiú gurb iad na caighdeáin is airde is féidir a bheidh á léiriú i ngach céim de sheachadadh gníomhaíochta oiliúna agus oideachais, is cuma an í forbairt an churaclaim agus ábhar an churaclaim a bheidh i gceist nó an cur chuige modheolaíoch.

    4.   Ainmneoidh gach institiúid as a mbeidh líonra ESDC comhdhéanta pointe teagmhála leis an Rúnaíocht chun déileáil leis na saincheisteanna eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC.

    5.   Comhoibreoidh an Rúnaíocht go dlúth leis an gCoimisiún agus le SEGS.

    Airteagal 13

    Foireann ESDC

    1.   Beidh na daoine seo a leanas ar fhoireann ESDC:

    (a)

    foireann ar iasacht ag ESDC ó institiúidí an Aontais, SEGS agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais;

    (b)

    saineolaithe náisiúnta arna dtabhairt ar iasacht do ESDC ag na Ballstáit;

    (c)

    foireann ar conradh más rud é nár sainaithníodh aon saineolaí náisiúnta agus tar éis formheas an Choiste Stiúrtha a fháil.

    2.   Féadfaidh ESDC intéirnigh a fháil mar aon le comhaltaí ar cuairt.

    3.   Is é an Coiste Stiúrtha a chinnfidh líon foirne ESDC mar aon leis an mbuiséad don chéad bhliain eile agus beidh nasc soiléir idir iad agus an líon gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC agus le cúraimí eile mar a shainítear in Airteagal 4.

    4.   Beidh an Cinneadh ón Ardionadaí lena mbunaítear na rialacha is infheidhme maidir le saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht ag SEGS infheidhme mutatis mutandis maidir le saineolaithe náisiúnta arna dtabhairt ar iasacht do ESDC ag na Ballstáit. Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (6) i gcás pearsanra a bheidh ar iasacht ag ESDC ó institiúidí an Aontais, lena n‐áirítear baill foirne ar conradh a íocfar ó bhuiséad ESDC.

    5.   Déanfaidh an Coiste Stiúrtha, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardionadaí, na coinníollacha is infheidhme maidir le hintéirnigh agus comhaltaí ar cuairt a shainiú a mhéid is gá.

    6.   Ní fhéadfaidh baill foirne ESDC conarthaí a thabhairt i gcrích ná tabhairt faoi aon chineál oibleagáidí airgeadais thar ceann ESDC gan údarú i scríbhinn a fháil roimh ré ón gCeann.

    CAIBIDIL III

    Maoiniú

    Airteagal 14

    Ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais

    1.   Seasfaidh gach Ballstát, gach foras de chuid an Aontais, gach gníomhaireacht agus institiúid de chuid an Aontais, agus SEGS, seasfaidh siad na costais ar fad a bhaineann lena rannpháirtíocht in ESDC, lena n-áirítear tuarastail, liúntais, speansais taistil agus chothaithe agus costais a bhaineann le tacaíocht eagraíochtúil agus riaracháin a thabhairt do ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC.

    2.   Íocfaidh gach rannpháirtí i ngníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC na costais go léir a bhaineann lena rannpháirtíocht.

    Airteagal 15

    Tacaíocht ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

    1.   Íocfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí na costais a eascróidh as óstáil Cheann agus Rúnaíocht ina háitreabh, lena n-áirítear costais teicneolaíochta faisnéise, an Ceann a bheith ar iasacht agus ball foirne cúnta amháin a thabhairt ar iasacht don Rúnaíocht .

    2.   Cuirfidh SEGS an tacaíocht riaracháin is gá ar fáil do ESDC chun a fhoireann a earcú agus a bhainistiú agus chun a bhuiséad a chur chun feidhme.

    Airteagal 16

    Ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

    1.   Gheobhaidh ESDC ranníocaíocht bhliantúil nó ilbhliantúil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Féadfar a chumhdach leis an ranníocaíocht sin, go háirithe, na costais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais agus costais saineolaithe náisiúnta arna dtabhairt ar iasacht ó na Ballstáit do ESDC agus suas le ball foirne amháin ar conradh.

    2.   Is EUR 2 055 156 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartófar chun caiteachas ESDC a chumhdach ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021.

    Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais a bheartófar chun caiteachas ESDC a chumhdach maidir le tréimhsí ina dhiaidh sin.

    3.   Mar thoradh ar an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Ceann comhaontú maoinithe a chaibidil leis an gCoimisiún.

    Airteagal 17

    Ranníocaíochtaí deonacha

    1.   Chun gníomhaíochtaí sonracha a mhaoiniú, féadfaidh ESDC ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó institiúidí nó ó dheontóirí eile a fháil agus a bhainistiú. Déanfaidh ESDC na ranníocaíochtaí sin a ainmniú go sonrach.

    2.   Is é an Ceann a dhéanfaidh na socruithe teicniúla a chaibidil maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 18

    Tionscadail a chur chun feidhme

    1.   Féadfaidh ESDC iarratas a dhéanamh ar thionscadail taighde agus eile i réimse CBES. Féadfaidh ESDC gníomhú mar chomhordaitheoir tionscadail nó mar chomhalta de thionscadal. Féadfar an Ceann a chur i gceangal le “bord comhairleach” tionscadail den sórt sin. Féadfaidh an Ceann an cúram sin a tharmligean chuig duine de Chathaoirligh fhoirmíochtaí an Bhoird nó chuig comhalta den Rúnaíocht.

    2.   Ní mór an rannchuidiú ó na tionscadail sin a chur in iúl i mbuiséad leasaitheach ESDC agus a úsáid i gcomhréir le cúraimí agus cuspóirí ESDC.

    Airteagal 19

    Rialacha airgeadais

    Beidh feidhm ag na Rialacha Airgeadais maidir le caiteachas arna chistiú ag ESDC agus maidir le caiteachas den sórt sin a mhaoiniú.

    CAIBIDIL IV

    Forálacha ilghnéitheacha

    Airteagal 20

    Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC

    1.   Beidh gach gníomhaíocht oiliúna agus oideachais ESDC oscailte do rannpháirtíocht náisiúnaigh na mBallstát ar fad agus na Stát aontach. Áiritheoidh na hinstitiúidí eagrúcháin agus stiúrtha go gcuirfear an prionsabal sin i bhfeidhm gan aon eisceacht.

    2.   Beidh gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC oscailte freisin i bprionsabal do rannpháirtíocht náisiúnaigh ó thíortha ar iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas iad agus, de réir mar is iomchuí, náisiúnaigh tríú Stáit agus eagraíochtaí eile, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais sin dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(2).

    3.   Pearsanra sibhialtach/taidhleoireachta/póilíneachta/míleata a bheidh sna rannpháirtithe agus iad ag plé le gnéithe i réimse CBSC agus CBES, mar aon le saineolaithe a bheidh le himscaradh i misin nó in oibríochtaí CBSC.

    Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó, inter alia, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí acadúla agus na meáin, chomh maith le comhaltaí den lucht gnó, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais ESDC.

    4.   Bronnfar deimhniú arna shíniú ag an Ardionadaí ar rannpháirtí a bhfuil cúrsa ESDC curtha i gcrích aige nó aici. Coimeádfaidh an Coiste Stiúrtha modúlachtaí an deimhnithe faoi athbhreithniú. Tabharfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais aitheantas don deimhniú.

    Airteagal 21

    Comhar

    Oibreoidh ESDC i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaithe ábhartha eile, amhail institiúidí náisiúnta oiliúna agus oideachais tríú Stáit, go háirithe iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 5(2) ach gan a bheith teoranta dóibh, agus bainfidh sé leas as an saineolas atá acu.

    Airteagal 22

    Rialacháin slándála

    Beidh feidhm ag Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (7) maidir le ESDC.

    CAIBIDIL V

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 23

    Leanúnachas

    Maidir leis na rialacha agus na rialacháin a ghlacfar chun Cinneadh (CBES) 2016/2382 a chur chun feidhme, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme, a mhéid a luíonn siad leis an gCinneadh seo, agus go dtí go ndéanfar iad a leasú nó a aisghairm.

    Airteagal 24

    Aisghairm

    Aisghairtear leis seo Cinneadh (CBES) 2016/2382.

    Airteagal 25

    Athbhreithniú

    1.   Tráth nach déanaí ná an 20 Deireadh Fómhair 2024, tionscnóidh Ceann athbhreithniú ar na gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir.

    2.   Cuirfear an t-athbhreithniú faoi bhráid an Choiste Stiúrtha.

    Airteagal 26

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta glactha.

    Airteagal 27

    Foilsiú

    Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 19 Deireadh Fómhair 2020;

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. KLOECKNER


    (1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/575/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) (IO L 194, 26.7.2005, lch. 15).

    (2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/550/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) agus lena n‐aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/575/CBES (IO L 176, 4.7.2008, lch. 20).

    (3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2013/189/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) agus lena n‐aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/500/CBES (IO L 112, 24.4.2013, lch. 22).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2016/382 ón gComhairle an 21 Nollaig 2016 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/189/CBES (IO L 352, 23.12.2016, lch. 60).

    (5)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

    (6)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

    (7)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1)


    IARSCRÍBHINN

    NA RIALACHA AIRGEADAIS IS INFHEIDHME MAIDIR LE CAITEACHAS ARNA CHISTIÚ AG ESDC AGUS MAIDIR LE MAOINIÚ CHAITEACHAS ESDC

    Airteagal 1

    Prionsabail bhuiséadacha

    1.   Is é a bheidh i mbuiséad ESDC, arna dhréachtú in euro, an ionstraim i gcomhair gach bliain airgeadais lena leagtar síos agus lena n-údaraítear gach ioncam de chuid ESDC agus an caiteachas ar fad a bheidh á chistiú ag ESDC.

    2.   Beidh ioncam agus caiteachas an bhuiséid ar comhardú.

    3.   Ní fhéadfar aon ioncam ná caiteachas arna chistiú ag ESDC a chur chun feidhme ach amháin trína leithdháileadh ar cheannteideal i mbuiséad ESDC.

    Airteagal 2

    Buiséid a ghlacadh

    1.   Déanfaidh an Ceann dréachtbhuiséad a tharraingt suas gach bliain don bhliain airgeadais dár gcionn, a thosóidh an 1 Eanáir agus a chríochnóidh an 31 Nollaig den bhliain chéanna. Áireofar sa dréachtbhuiséad na leithreasuithe a mheastar a bheith riachtanach chun an caiteachas a bheidh le cistiú ag ESDC le linn na tréimhse sin a chumhdach agus réamhaisnéis den ioncam ionchais chun caiteachas den sórt sin a chumhdach.

    2.   Aicmeofar na leithreasuithe de réir cineáil nó cuspóra i gcaibidlí agus in airteagail. Áireofar barúlacha mionsonraithe de réir airteagail sa dréachtbhuiséad.

    3.   Is é a bheidh san ioncam ranníocaíochtaí deonacha ó Bhallstáit nó ó dheontóirí eile mar aon leis an ranníocaíocht bhliantúil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    4.   Tíolacfaidh an Ceann tuarascáil bhuiséadach mhionsonraithe faoin 31 Márta maidir leis an mbliain airgeadais roimhe sin. Molfaidh an Ceann an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais dár gcionn don Choiste Stiúrtha faoin 31 Iúil.

    5.   Formheasfaidh an Coiste Stiúrtha an dréachtbhuiséad faoin 31 Deireadh Fómhair.

    6.   I gcás ina bhfaighidh ESDC ranníocaíocht ilbhliantúil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coiste Stiúrtha an buiséad bliantúil a fhormheas de chomhthoil.

    Airteagal 3

    Aistrithe leithreasuithe

    I gcás imthosca gan choinne, féadfaidh an Ceann cinneadh a dhéanamh faoi aistrithe leithreasuithe idir línte buiséid nó ceannteidil bhuiséid, nach mó iad ná 25 % de na línte buiséid nó de na ceannteidil bhuiséid sin, ón ranníocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 16, agus coimeádfaidh sé nó sí an Coiste Stiúrtha ar an eolas faoi na haistrithe sin. Aistrithe leithreasuithe idir línte buiséid nó ceannteidil bhuiséid ar mó iad ná 25 % de na línte buiséid nó de na ceannteidil bhuiséid, cuirfear faoi bhráid an Choiste Stiúrtha iad i mbuiséad leasaithe ESDC lena bhformheas.

    Airteagal 4

    Leithreasuithe a thugtar anonn

    1.   Na leithreasuithe is gá chun íoc as oibleagáidí dlíthiúla arna ndéanamh faoin 31 Nollaig i mbliain airgeadais, tabharfar anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile iad.

    2.   Tabharfar leithreasuithe ó ranníocaíochtaí deonacha anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile.

    3.   Tabharfar leithreasuithe a thagann ó thionscadail anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile.

    4.   Féadfaidh an Ceann leithreasuithe eile sa bhuiséad a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile le formheas an Choiste Stiúrtha.

    5.   Cealófar leithreasuithe eile ag deireadh na bliana airgeadais.

    Airteagal 5

    Cur chun feidhme an bhuiséid agus bainistiú foirne

    Chun a bhuiséad a chur chun feidhme agus a fhoireann a bhainistiú, úsáidfidh ESDC struchtúir riaracháin an Aontais atá ann cheana, go háirithe SEGS, a mhéid is féidir.

    Airteagal 6

    Cuntais bhainc

    1.   Aon chuntas bainc a bheidh ag ESDC, osclófar é in institiúid iontaofa a bhfuil a ceannoifig i mBallstát, agus is cuntas reatha nó cuntas gearrthéarma in euro a bheidh ann.

    2.   Ní dhéanfar aon chuntas bainc de chuid ESDC a rótharraingt.

    Airteagal 7

    Íocaíochtaí

    Maidir le haon íocaíocht ó chuntas bainc de chuid ESDC, beidh comhshíniú ó Cheann agus ó chomhalta foirne eile de chuid ESDC ag teastáil ina leith.

    Airteagal 8

    Cuntasaíocht

    1.   Áiritheoidh an Ceann go gcoimeádfar na cuntais ina dtaispeánfar ioncam, caiteachas agus fardal sócmhainní ESDC i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta a nglactar leo go hidirnáisiúnta don earnáil phoiblí.

    2.   Cuirfidh an Ceann na cuntais bhliantúla do bhliain airgeadais ar leith faoi bhráid an Choiste Stiúrtha tráth nach déanaí ná an 31 Márta ina dhiaidh sin, mar aon leis an tuarascáil mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de na Rialacha Airgeadais seo.

    3.   Féadfar seirbhísí cuntasaíochta a sheachfhoinsiú, más gá.

    Airteagal 9

    Iniúchadh

    1.   Déanfar iniúchóireacht bhliantúil ar chuntais ESDC.

    2.   Déanfar na seirbhísí iniúchóireachta is gá a sheachfhoinsiú.

    3.   Cuirfear na tuarascálacha iniúchóireachta ar fáil don Choiste Stiúrtha mar aon leis an tuarascáil mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de na Rialacha Airgeadais seo.

    Airteagal 10

    Urscaoileadh

    1.   Cinnfidh an Coiste Stiúrtha ar bhonn na tuarascála mionsonraithe, na gcuntas bliantúil agus na tuarascála bliantúla iniúchóireachta cibé an ndeonóidh sé urscaoileadh don Cheann i leith chur chun feidhme bhuiséad ESDC.

    2.   Déanfaidh an Ceann gach beart is iomchuí chun an Coiste Stiúrtha a shásamh go bhféadfar urscaoileadh a dheonú agus chun gníomhú de réir na mbarúlacha sna cinntí urscaoilte, más ann dóibh.


    Top