EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1464

Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

IO L 335, 13.10.2020, p. 3–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/11/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 30/05/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1464/oj

13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/3


CINNEADH (CBES) 2020/1464 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Straitéis Slándála na hEorpa, arna glacadh ag an gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2003, leagtar amach cúig phríomhdhúshlán nach mór don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt orthu: an sceimhlitheoireacht, iomadú na n‐arm ollscriosta, coinbhleachtaí réigiúnacha, loiceadh stáit agus coireacht eagraithe. Is gné lárnach i gceithre cinn de na cúig dhúshlán sin gnáth-airm a bheith i gcúrsaíocht ar bhealach neamhrialaithe agus na hiarmhairtí a eascraíonn as sin. Sa Straitéis sin, cuirtear i dtreis a thábhachtaí atá rialuithe onnmhairiúcháin chun iomadú arm a shrianadh. Le Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála dar teideal Shared vision, common action: a stronger Europe, (“Fís chomhroinnte, comhghníomhaíochtaí: Eoraip níos láidre”), a thíolaic an tArdionadaí an 28 Meitheamh 2016, daingnítear tacaíocht an Aontais chun conarthaí agus córais maidir le dí-armáil iltaobhach, neamhleathadh agus rialú arm a uiliú, a chur chun feidhme ina n‐iomláine agus a fhorfheidhmiú.

(2)

An 5 Meitheamh 1998, ghlac an tAontas Cód Iompair maidir le honnmhairiú arm atá ceangailteach go polaitiúil, ina leagtar síos critéir choiteanna chun trádáil dhlíthiúil i ngnáth-airm a rialáil.

(3)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais in aghaidh airm thine, mionairm agus airm éadroma aindleathacha agus a n‐armlón dar teideal Securing Arms, Protecting Citizens, (“Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint”). Is é príomhchuspóir Straitéis an Aontais Eorpaigh Clár Gníomhaíochta 2001 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach chun trádáil aindleathach i mionairm agus in airm éadroma, agus gach gné den trádáil sin, a chosc, a chomhrac agus a dhíothú. Luaitear sa Straitéis go leanfaidh an tAontas de rialú freagrach agus éifeachtach ar onnmhairiú arm a chur chun cinn agus go dtabharfaidh sé tacaíocht chun an Conradh Trádála Arm a uiliú agus a chur chun feidhme. Luaitear sa Straitéis freisin go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’Aontas na hAfraice agus do na pobail eacnamaíocha réigiúnacha ábhartha ina n‐iarrachtaí in aghaidh na trádála aindleathaí i mionairm agus airm éadroma agus a n‐armlón.

(4)

An 8 Nollaig 2008, tháinig Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (1) in ionad an Chóid Iompair maidir le h-onnmhairiú arm; le Comhsheasamh 2008/944/CBES, lena gcuirtear ar bun ocht gcritéar a bhfuil iarratais ar onnmhairiú gnáth-arm le measúnú dá réir. Áirítear ann freisin sásra fógra agus comhairliúchán i gcás ina ndéanfar onnmhairithe arm a dhiúltú, agus bearta trédhearcachta amhail tuarascáil bhliantúil de chuid an Aontais maidir le honnmhairiú arm a fhoilsiú. Tá roinnt tríú tíortha tar éis iad féin a ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES. In 2019, mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar an gComhsheasamh sin, glacadh Cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle (2).

(5)

In Airteagal 11 de Chomhsheasamh 2008/944/CBES, cuirtear in iúl go ndéanfaidh na Ballstáit a ndícheall a thathant ar stáit eile a onnmhairíonn teicneolaíocht mhíleata nó trealamh míleata na critéir a leagtar amach sa Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm.

(6)

Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Conradh Trádála Arm (CTA) i mí Aibreáin 2013 agus tháinig sé i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014. Tá sé d’aidhm ag CTA trédhearcacht agus an fhreagracht i dtrádáil arm a neartú. Leis an gConradh Trádála Arm, amhail Comhsheasamh 2008/944/CBES, leagtar síos roinnt critéar maidir le measúnú riosca nach mór onnmhairiú arm a mheasúnú dá réir. Tacaíonn an tAontas, trí na cláir thiomnaithe atá aige arna nglacadh faoi Chinntí 2013/768/CBES (3) agus (CBES) 2017/915 (4) ón gComhairle, le cur chun feidhme agus uiliú éifeachtach an Chonartha Trádála Arm. Leis na cláir sin, tugtar cúnamh do roinnt tríú tíortha, arna iarraidh sin dóibh, a gcórais rialaithe maidir le haistriú arm a neartú i gcomhréir le ceanglais CTA.

(7)

Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach comhlántacht a áirithiú idir gníomhaíochtaí for-rochtana agus gníomhaíochtaí cúnaimh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/915. Chuige sin, ba cheart malartuithe rialta faisnéise a dhéanamh idir gníomhaireachtaí cur chun feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais i réimse an rialaithe ar onnmhairiú arm, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Leis an sásra comhordaithe sin, déanfar rannpháirtíocht saineolaithe ó Bhallstáit eile a spreagadh, cibé uair is ábhartha.

(8)

Ó 2008 i leith, faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES (5) agus faoi Chinntí 2009/1012/CBES (6), 2012/711/CBES (7), (CBES) 2015/2309 (8) agus (CBES) 2018/101 (9) ón gComhairle, tá forbairt ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun rialuithe éifeachtacha trédhearcacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí a rinneadh, tacaíodh go háirithe le tuilleadh comhar réigiúnach, feabhsaíodh go háirithe an trédhearcacht agus breis freagrachta, i gcomhréir le prionsabail Chomhsheasamh 2008/944/CBES agus leis na critéir measúnaithe riosca a leagtar amach ann. De ghnáth, leis gníomhaíochtaí atá i gceist, tugadh aghaidh ar thríú tíortha chomharsanachtaí oirthir agus deiscirt an Aontais.

(9)

Le blianta beaga anuas, tá cúnamh curtha ar fáil ag an Aontas chun feabhas a chur ar na rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide i dtríú tíortha. Ba cheart comhordú éifeachtach a áirithiú leis na gníomhaíochtaí sin atá ábhartha do rialuithe ar onnmhairiú dé-úsáide.

(10)

Chuir an Chomhairle de chúram ar Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (“Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle – BAFA”) Cinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309 agus (CBES) 2018/101 a chur chun feidhme go teicniúil. Is gníomhaireacht cur chun feidhme é BAFA freisin i gcás na dtionscadal sin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach an Chonartha Trádála CTA faoi Chinntí 2013/768/CBES agus (CBES) 2017/915. Ó 2005 i leith, tá BAFA i mbun roinnt tionscadal comhair de chuid an Aontais a chur chun feidhme i réimse na rialuithe onnmhairí dé-úsáide. Is é BAFA an t‐údarás inniúil um rialú onnmhairiúcháin sa Ghearmáin, agus tá neart eolais agus saineolais forbartha aige maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana, chomh maith lena chroí-inniúlachtaí a roinnt le stáit eile.

(11)

An 28 Bealtaine 2018, chuir Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a chlár oibre maidir le dí-armáil i láthair, dar teideal Securing Our Common Future (“Ár dTodhchaí Choiteann a shlánú”). Le trédhearcacht i ngníomhaíochtaí míleata, amhail tuairisciú ar allmhairiú agus onnmhairiú arm, cuirtear cuntasacht dhaonlathach agus rialachas freagrach chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo tríd an gCinneadh seo, rannchuidítear le cuspóirí an chláir oibre sin, agus le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, agus i gcomhréir le Straitéis Slándála na hEorpa agus leis an Straitéis Dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, saothróidh an tAontas na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a dhéanann tríú tíortha a chur chun cinn i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA (an Conradh Trádála Arm), agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht agus sineirgí a lorg le tionscadail chúnaimh an Aontais i réimse na rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide; agus

(b)

tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú.

2.   Saothróidh an tAontas na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí na gníomhaíochtaí tionscadail seo a leanas:

(a)

na critéir agus na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA a chur chun cinn a thuilleadh, i measc tríú tíortha, ar bhonn an méid a baineadh amach trí Chomhsheasamh 2008/230/CBES, agus Cinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309, agus (CBES) 2018/101 a chur chun feidhme;

(b)

cuidiú le tríú tíortha bearta iomchuí reachtacha agus riaracháin a dhréachtú, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, arb é is aidhm dóibh córas éifeachtach do rialuithe ar onnmhairiú gnáth-arm a bhunú;

(c)

cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe san oiliúint ar oifigigh cheadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú leordhóthanach na rialuithe ar onnmhairiú arm a áirithiú;

(d)

cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe agus for-rochtain á déanamh acu ar a dtionscal náisiúnta arm chun comhlíonadh na rialachán maidir le rialú ar onnmhairiú a áirithiú;

(e)

trédhearcacht agus freagracht i dtrádáil idirnáisiúnta arm a chur chun cinn, lena n‐áirítear trí thacú le bearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí chun cinn i dtaca le gnáth-airm a onnmhairiú;

(f)

na tíortha is tairbhithe sin nach bhfuil aon chéimeanna tugtha acu i dtreo aontachas le CTA a spreagadh chun clárú le CTA, agus sínitheoirí CTA a spreagadh chun an conradh sin a dhaingniú; agus

(g)

tuilleadh machnaimh ar riosca agus ar mhaolú an atreoraithe arm, ó thaobh allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin araon, a chur chun cinn.

Tá tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) a bheidh freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (“Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle – BAFA”) a dhéanfaidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Tá bonn cirt le roghnú BAFA i ngeall ar an taithí chruthaithe, na cáilíochtaí agus an saineolas riachtanach atá aige thar réimse iomlán ghníomhaíochtaí an Aontais um rialú ar onnmhairiú arm.

3.   Cuirfidh BAFA a chuid cúraimí i gcrích faoi fhreagracht an Ardionadaithe. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le BAFA.

Airteagal 3

1.   EUR 1 377 542,73 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun gníomhaíochtaí an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Maoirseoidh an Coimisiún bainistiú cuí an mhéid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le BAFA. Forálfar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil BAFA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, a bheidh iomchuí dá mhéid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n‐ullmhú ag BAFA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis an dáta a nglacfar é, mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(2)  Cinneadh 2019/1560 (CBES) ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Comhsheasamh 2008/944/CBES lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 239, 17.9.2019, lch. 16).

(3)  Cinneadh 2013/768/CBES ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le gníomhaíochtaí AE le tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, i gcreat Straitéis Slándála na hEorpa (IO L 8.12.2013, lch. 56)

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana de chuid an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).

(5)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2008 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid AE d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chód Iompair AE maidir le hOnnmhairithe Arm i measc tríú tíortha a chur chun cinn (IO L 75, 18.3.2008, lch. 81).

(6)  Cinneadh 2009/1012/CBES ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid AE d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chomhsheasamh 2008/944/CBES i measc tríú tíortha a chur chun cinn (IO L 348, 29.12.2009, lch. 16).

(7)  Cinneadh 2012/711/CBES ón gComhairle an 19 Samhain 2012 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chomhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun cinn i measc tríú tíortha (IO L 321, 20.11.2012, lch. 62).

(8)  Cinneadh (CBES) 2015/2309 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairithe arm a chur chun cinn (IO L 326, 11.12.2015, lch. 56).

(9)  Cinneadh (CBES) 2018/101 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairithe arm a chur chun cinn (IO L 17, 23.1.2018, lch. 40).


IARSCRIBHINN

TIONSCADAL CHUN RIALUITHE ÉIFEACHTACHA AR ONNMHAIRIÚ ARM A CHUR CHUN CINN

1.   Cuspóirí

Is é is cuspóir don Chinneadh seo an chuntasacht agus an fhreagracht a chur chun cinn maidir le trádáil dhlíthiúil arm i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, rud a chuirfidh leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais. Is iad cuspóirí an Chinnidh seo rialuithe feabhsaithe ar aistrithe arm ag tríú tíortha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil idirnáisiúnta i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí chur chun cinn na bprionsabal agus na gcritéar a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, agus in CTA. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na torthaí sin éifeachtacht na gcóras náisiúnta onnmhairiúcháin arm i dtíortha spriocdhírithe a mhéadú: tuairisceoidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme ar athruithe dlíthiúla agus institiúideacha agus ar athruithe ábhartha eile agus ar a n‐ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES agus, i gcás inarb iomchuí, le CTA. Ba cheart na torthaí sin a shaothrú agus comhlántacht agus sineirgí á lorg le tionscadail leanúnacha cúnaimh an Aontais chun tacú le cur chun feidhme CTA agus i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin ar earraí dé-úsáide. Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gCinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle chun tacú le CTA.

D’fhonn na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach, ba cheart don Aontas leanúint de chaighdeáin Chomhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun cinn, lena gcuirtear leis an méid a baineadh amach trí chur chun feidhme Chinntí 2018/101/CBES, 2015/2309/CBES, 2012/711/CBES agus 2009/1012/CBES ón gComhairle, agus Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES ón gComhairle. Chun na críche sin, ba cheart cúnamh a thabhairt do thriú tíortha is tairbhithe chun bearta ábhartha reachtacha, riaracháin agus institiúideacha a dhréachtú, a nuashonrú agus a chur chun feidhme, mar is iomchuí, lena dtacaítear le córas éifeachtach rialuithe aistrithe gnáth-arm.

Ba cheart tacú freisin le hoiliúint oifigeach ceadúnúcháin agus forfheidhmithe atá freagrach as rialuithe aistrithe arm a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus do bhearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí ar onnmhairiú gnáth-arm chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart teagmhálacha leis an earnáil phríobháideach (lena n‐áirítear tionsclaíocht, institiúidí taighde agus lucht acadúil) a chur chun cinn d’fhonn comhlíonadh reachtaíocht agus rialacháin maidir le rialú aistrithe arm a áirithiú, ag díriú go háirithe ar chláir inmheánacha um chomhlíonadh (ICPanna).

2.   An ghníomhaireacht cur chun feidhme a roghnú

Cuirtear cur chun feidhme an Chinnidh seo faoi chúram BAFA. I gcás inarb iomchuí, beidh BAFA i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí rialaithe onnmhairí na mBallstát, le heagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le meithleacha machnaimh, le hinstitiúidí taighde agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha.

Tá taithí ceannaireachta ag BAFA i soláthar cúnaimh rialaithe onnmhairí agus gníomhaíochtaí for-rochtana. Tá taithí den sórt sin faighte aige i réimsí ábhartha uile rialaithe straitéisigh onnmhairí, lena dtugtar aghaidh ar earraí dé-úsáide a bhaineann le CBRN agus ar earraí míleata. Trí na cláir agus na gníomhaíochtaí sin, tá eolas cuimsitheach faighte ag BAFA ar chórais rialaithe onnmhairí maidir le formhór na dtíortha a áirítear sa Chinneadh seo.

Maidir le cúnamh agus for-rochtain i ndáil le rialú onnmhairí arm, thug BAFA chun críche go rathúil cur chun feidhme Chinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309 agus (CBES) 2018/101. Tá BAFA i gceannas freisin ar chur chun feidhme teicniúil chlár tacaíochta cur chun feidhme CTA arna bhunú le Cinntí 2013/768/CBES agus (CBES) 2017/915.

Is é an éifeacht fhoriomlán atá ann go bhfuil BAFA in áit ar leith chun láidreachtaí agus laigí na gcóras rialaithe onnmhairiúcháin sna tíortha sin a bheidh ina dtairbhithe do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a shainaithint. Is fearr is féidir leis sineirgí a éascú idir an cúnamh éagsúil maidir le rialú ar onnmhairiú arm agus na cláir fhor-rochtana agus chun dúbailt a sheachaint. Tá sé sin thar a bheith ábhartha do thíortha is tairbhithe a fuair tacaíocht faoi chláir comhair de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo chun an acmhainneacht áitiúil a neartú maidir leis an gcóras náisiúnta rialaithe ar thrádáil arm a chur i bhfeidhm agus a nuashonrú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus leis na forbairtí le déanaí.

3.   Comhordú le tionscadail chúnaimh eile de chuid an Aontais i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais a bhí ann roimhe seo i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin lena gcumhdaítear earraí dé-úsáide agus gnáth-airm araon, ba cheart sineirge agus comhlántacht a lorg. Chuige sin, ní dhéanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn 5 ach amháin i dtíortha nach ndírítear orthu cheana féin trí ghníomhaíochtaí faoi thionscadal cúnaimh for-rochtana CTA. I gcás inarb iomchuí, féadfar sineirge a lorg i gcomhar le gníomhaíochtaí eile arna maoiniú trí bhuiséad CBES nó le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide arna maoiniú trí ionstraimí airgeadais an Aontais seachas buiséad CBES. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir iomlán leis na teorainneacha dlíthiúla agus airgeadais a leagtar síos le haghaidh úsáid ionstraimí ábhartha airgeadais de chuid an Aontais.

Chuige sin, déanfar malartuithe rialta faisnéise idir gníomhaireachtaí cur chun feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais i réimse an rialaithe onnmhairiúcháin, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Ba cheart an sásra comhordaithe sin a chur ar bhonn foirmiúil agus déanfar rannpháirtíocht saineolaithe ó Bhallstáit eile an Aontais a spreagadh, nuair is ábhartha.

4.   Comhordú le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

I gcás inarb iomchuí, ba cheart sineirge agus comhlántacht le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na for-rochtana maidir le rialú onnmhairiúcháin a lorg freisin. Mar a luaitear i roinn 3, ba cheart an comhordú le deontóirí eile a dhéanamh go háirithe do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhforanna 5.2.1 go 5.2.3 agus 5.2.6.

5.   Cur síos ar ghníomhaíochtaí tionscadail

5.1.   Cuspóirí tionscadail

Is é an príomhchuspóir cúnamh teicniúil a thabhairt do roinnt tíortha is tairbhithe a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad toilteanach a gcaighdeáin agus a gcleachtais maidir le rialú ar onnmhairiú arm a fhorbairt. Chuige sin, cuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh stádas na dtíortha is tairbhithe, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

ballraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann, nó iarratas ar bhallraíocht, córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí a bhaineann le haistriú gnáth-arm agus aistriú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide;

na hiarrthóireachtaí ar bhallraíocht san Aontas agus cibé acu an iarrthóirí oifigiúla nó iarrthóirí ionchasacha iad na tíortha is tairbhithe;

an acmhainneacht a bhaineann le trádáil i ngnáth-threalamh agus i ngnáth-theicneolaíochtaí míleata, mar tháirgeoir, mar allmhaireoir nó mar mhol trádála;

leibhéal aibíochta an chórais náisiúnta rialaithe onnmhairí atá ann cheana, agus aird ar leith á tabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh mar thoradh ar thacaíocht a fuarthas faoi chláir chomhair um rialú onnmhairí arm a bhí ann roimhe seo agus atá á maoiniú ag an Aontas;

an seasamh atá acu maidir le CTA.

I gcás nach bhfuil sna tíortha is tairbhithe a ndírítear orthu ach sínitheoirí le CTA, ba cheart go bhféachfaí leis na gníomhaíochtaí — i gcás inarb indéanta — a fháil amach ar bhealach níos fearr cad iad na bacainní ar dhaingniú CTA, go háirithe i gcás ina bhfuil na bacainní sin de chineál dlítheanach nó rialála agus go bhfuil baint acu le bearnaí nó le riachtanais ó thaobh acmhainneachtaí cur chun feidhme de. I gcás nach mbeidh aon chéim glactha i dtreo an CTA ag na tíortha a ndírítear orthu (ní dhéanann siad síniú, daingniú ná aontachas), ba cheart aontachas le CTA a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí, le tacaíocht ó thíortha eile is tairbhithe a bhfuil CTA daingnithe acu, b’fhéidir.

5.2.   Cur síos ar an tionscadal

5.2.1.   Ceardlanna réigiúnacha

Beidh suas le hocht gceardlann réigiúnacha dhá lá i gceist leis an tionscadal, lena gcuirfear oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil ar fáil chomh maith le deis idirphlé a dhéanamh chun cur chuige réigiúnach a chomhdhlúthú i réimsí ábhartha na rialuithe ar onnmhairí gnáth-arm.

Áireofar ar na rannpháirtithe sna ceardlanna (suas go dtí 35) oifigigh rialtais de chuid na dtíortha is tairbhithe a chumhdófar. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na parlaimintí náisiúnta, ón tionsclaíocht agus ón tsochaí shibhialta, i measc ionadaithe eile, i gcás inarb iomchuí.

Is saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe ó thíortha a d’ailínigh iad féin le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, a thabharfaidh an oiliúint.

Féadfaidh na ceardlanna a bheith ar siúl i dtír is tairbhí nó in áit eile atá le cinneadh ag an Ardionadaí, i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM).

Is mar a leanas a eagrófar na ceardlanna réigiúnacha:

(a)

suas le dhá cheardlann do na tíortha in Oirdheisceart na hEorpa;

(b)

suas le dhá cheardlann do thíortha Oirthear na hEorpa agus do thíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

(c)

suas le dhá cheardlann do thíortha Meánmhara na hAfraice Thuaidh de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa; agus

(d)

suas le dhá cheardlann don Áise Láir.

D’fhonn comhar trasréigiúnach a chothú, tabharfar cuireadh do thíortha comhpháirtíochta ó réigiúin eile freastal ar cheann amháin ar a laghad de na ceardlanna do gach réigiún.

D’fhéadfadh sé nach mbainfí amach an miondealú réigiúnach sin ar dhá cheardlann in aghaidh an réigiúin mura mbíonn na cúinsí fabhracha (mar shampla, má bhíonn líon na rannpháirtithe ró-íseal agus gan súil a bheith leis sin, mura bhfuil aon tairiscint dháiríre ann ó aon tír is tairbhí sa réigiún iad a óstáil, nó má bhíonn dúbailt ann le gníomhaíochtaí eile de chuid soláthraithe for-rochtana eile). Sa chás nach gcuirtear ceardlann amháin nó níos mó chun feidhme, d’fhéadfaí líon na gceardlann don réigiún/do na réigiúin eile thuasluaite a mhéadú dá réir, laistigh den uasteorainn fhoriomlán arb í dhá cheardlann déag.

5.2.2.   Cuairteanna staidéir

Is éard a bheidh sa tionscadal suas le seacht gcuairt staidéir dhá nó trí lá ó oifigigh rialtais ar údaráis ábhartha Bhallstáit an Aontais nó tíortha eile is tairbhithe.

Ba cheart go gcumhdófaí idir dhá thír agus ceithre thír is tairbhithe le cuairteanna staidéir. Ní gá gur as an réigiún céanna a thiocfadh tíortha is tairbhithe na gcuairteanna staidéir.

5.2.3.   Cúnamh aonair agus cianchúnamh do thíortha is tairbhithe

Déanfar an tionscadal i bhfoirm ceardlann nach mairfidh níos faide ná 10 lá san iomlán i gcás tíortha aonair is tairbhithe a iarrann ceann, agus ina mbeidh oifigigh Stáit ó na tíortha is tairbhithe, lena n‐áirítear oifigigh rialtais, ceadúnaithe agus forfheidhmithe, rannpháirteach. Más féidir, beidh na himeachtaí sin ar siúl sna tíortha is tairbhithe faoi seach. Leithdháilfear an 10 lá foriomlána atá ar fáil le formáid de thréimhsí dhá lá an ceann ar a laghad, ag brath ar riachtanais bheachta shaineolaithe na dtíortha is tairbhithe agus na mBallstát, agus ar an bhfáil a bheidh orthu.

Tionólfar na ceardlanna cúnaimh aonair sin go príomha arna iarraidh sin do na tíortha is tairbhithe. Leis na ceardlanna sin, tá sé i gceist aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm arna tarraingt anuas ag tír is tairbhí, mar shampla, ar imeall ceardlainne réigiúnaí nó le linn teagmhálacha rialta le saineolaithe an Aontais agus le BAFA. Beidh na ceardlanna sin ar fáil chun saincheisteanna agus iarrataí ó na tíortha is tairbhithe a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm a chumhdach, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, bearta náisiúnta fothaithe acmhainneachta spriocdhírithe, for-rochtain don tionscal agus/nó don lucht acadúil, agus straitéisí náisiúnta oiliúna i réimse an rialaithe ar onnmhairiú arm.

Ina theannta sin, leithdháilfear suas le 20 lá ar thacaíocht aonair a sholáthraítear trí chianchúnamh (e.g. athbhreithnithe dlí; comhairliúchán maidir le cásanna sonracha, lena n‐áirítear tacaíocht chun rátáil theicniúil a dhéanamh ar earra ar leith; etc.).

Cuirfidh saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe na dtíortha atá tar éis iad féin a ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe na hearnála príobháidí a gcuid saineolais ar fáil.

5.2.4.   Fothú acmhainneachta institiúidí agus imeachtaí ardaithe feasachta ardleibhéil

Beidh an tionscadal i bhfoirm suas le trí cheardlann a mhairfidh suas le ceithre lá an ceann agus é d’aidhm ag gach ceann acu tacaíocht a chur ar fáil do thíortha is tairbhithe a bhfuil córais rialaithe ar onnmhairiú arm ardleibhéil acu chun a bhfothú náisiúnta féin a fhorbairt. Áireofar sna bearta a dhéanfar cur chuige “oiliúint don oiliúnóir” a chur i bhfeidhm, ina ndíreofar, i measc nithe eile, ar chur chuige teagascach, ar aistriú eolais agus ar chuimhne institiúideach sa tír is tairbhí. Leis an bhfothú acmhainneachta institiúidí, ba cheart saincheisteanna a chumhdach amhail comhlíonadh inmheánach, bainistiú riosca, agus an trasnú idir laghdú bagairtí hibrideacha agus rialuithe ar onnmhairiú arm.

5.2.5.   Comhdháil le haghaidh tíortha comhpháirtíochta a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu

Beidh an tionscadal i bhfoirm comhdhála amháin sa Bhruiséil a mhairfidh suas le dhá lá, a chuirfidh fóram ar fáil do phlé ardleibhéil idir saineolaithe an Aontais agus ionadaithe sinsearacha (i réimsí an bheartais, an cheadúnúcháin agus an fhorfheidhmithe) na dtíortha is tairbhithe a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu.

Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do na tíortha rannpháirteacha is tairbhithe:

(a)

faisnéis a fháil faoi na forbairtí is nuaí a bhaineann leis an trádáil arm (e.g. bealaí soláthair reatha, tionchar na nuatheicneolaíochtaí, saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas slándála amhail bagairtí hibrideacha, etc.); agus

(b)

plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir leis an gcaoi ar féidir athruithe agus feabhsuithe a rinneadh le déanaí ar rialuithe trádála arm a chur chun feidhme mar chuid dá gcóras náisiúnta rialaithe onnmhairiúcháin féin.

5.2.6.   Imeachtaí measúnaithe

Chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí faoin gCinneadh seo, eagrófar dhá imeacht mheasúnaithe (meántéarma agus críochnaitheach) sa Bhruiséil, go hidéalach i gcomhthráth le cruinniú rialta de chuid na Meithle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM).

Beidh an t‐imeacht measúnaithe meántéarma i bhfoirm ceardlainne ina mbeidh Ballstáit an Aontais rannpháirteach, agus d’fhéadfadh sé maireachtáil suas le lá amháin.

Imeacht sa Bhruiséil ina mbeidh tíortha is tairbhithe agus Ballstáit an Aontais rannpháirteach a bheidh san imeacht measúnaithe deiridh. Tabharfar cuireadh do suas le beirt ionadaithe (oifigigh iomchuí rialtais) ó gach tír is tairbhí chuig an imeacht measúnaithe deiridh.

6.   Tairbhithe

6.1.   Tíortha a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí faoin gcinneadh seo ón gComhairle

Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gcinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoin gCinneadh (CBES) 2017/915ón gComhairle chun tacú le ATT.

(a)

Tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Chosaiv (*));

(b)

Tíortha Oirthear na hEorpa agus tíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin);

(c)

Tíortha na hAfraice Thuaidh, na Meánmhara agus an Deiscirt de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Ailgéir, an Éigipt, Maracó, an Túinéis, an Iordáin agus an Liobáin);

(d)

Tíortha na hÁise Láir (an Chasacstáin, an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin, an Chirgeastáin, an Tuircméanastáin).

6.2.   Leasú ar raon feidhme na dtíortha is tairbhithe

Féadfaidh COARM, tar éis dul i gcomhairle leis an sásra comhordúcháin a luaitear i Roinn 3, a chinneadh tíortha a chur le liosta na dtairbhithe, ar choinníoll nach tairbhithe iad faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. I gcásanna eisceachtúla, nuair a mheastar go bhfuil fiúntas leis, féadfaidh leis an sásra comhordaithe a chomhaontú dul i dteagmháil leis na tairbhithe a chumhdaítear le Cinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. Ba cheart modhnuithe a chur in iúl ar bhealach foirmiúil idir an BAFA agus an Aontais trí Chathaoirleach COARM.

7.   Torthaí an tionscadail agus táscairí cur chun feidhme

I dteannta an imeachta measúnaithe deiridh dá dtagraítear i bhforoinn 5.2.6, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú ar thorthaí an tionscadail:

7.1.   Measúnú aonair ar thíortha is tairbhithe

Tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, cuirfidh BAFA tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún maidir le gach ceann de na tíortha is tairbhithe dá dtagraítear i bhforoinn 6.1. Leis an tuarascáil, déanfar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa tír is tairbhí le linn thréimhse an Chinnidh a achoimriú, agus déanfar measúnú agus cur síos ar acmhainneacht na tíre is tairbhí i réimse na rialuithe aistrithe arm bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do BAFA. Is é an bonn measúnaithe a bheidh ann an chaoi a gcuireann an tír is tairbhí ionstraimí rialaithe i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES, a mhéid is nach bhfuil feidhm acu seo maidir le Ballstáit amháin.

7.2.   Measúnú tionchair agus táscairí cur chun feidhme

Ba cheart tionchar na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an gCinneadh sin ar na tíortha is tairbhithe a mheasúnú tar éis na gníomhaíochtaí a bheith déanta. Is é an tArdionadaí, i gcomhar le COARM agus, mar is iomchuí, le Toscaireachtaí an Aontais sna tíortha is tairbhithe, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, a dhéanfaidh an measúnú tionchair.

Chun na críche sin, úsáidfear na táscairí seo a leanas:

an bhfuil rialacháin ábhartha náisiúnta maidir le rialuithe ar aistriú arm i bhfeidhm agus an gcomhlíonann siad forálacha Chomhsheasamh 2008/944/CBES (inter alia, cur i bhfeidhm na gcritéar measúnaithe, cur chun feidhme liosta comhchoiteann míleata an Aontais, tuairisciú),

i gcás ina mbeidh sí ar fáil, faisnéis maidir le cásanna forfheidhmithe,

an bhfuil na tíortha is tairbhithe in ann onnmhairiú arm agus/nó allmhairiú a thuairisciú (e.g. Clár na Náisiún Aontaithe, tuairisciú bliantúil ATT, Socrú Wassenaar, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, tuarascálacha chuig parlaimintí náisiúnta), agus

an bhfuil ailíniú déanta ag an tír is tairbhí le Comhsheasamh 2008/944/CBES, nó an bhfuil sé ar intinn aici ailíniú go hoifigiúil leis.

Ba cheart go dtagródh na tuarascálacha measúnaithe aonair dá dtagraítear i bhforoinn 7.1 do na táscairí cur chun feidhme sin mar is iomchuí.

8.   Úsáid thairseach gréasáin P2P an Aontais a chur chun cinn (1)

Is mar acmhainn atá faoi úinéireacht an Aontais a forbraíodh tairseach gréasáin P2P AE dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/711/CBES. Is mar chomhardán do chláir fhor-rochtana uile an Aontais (dé-úsáid, airm) a fheidhmíonn sé. Is chun feasacht a ardú maidir le tairseach gréasáin for-rochtana an Aontais agus a húsáid a chur chun cinn atá na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bhforanna 5.2.1 go 5.2.6. Ba cheart rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí for-rochtana a chur ar an eolas maidir leis an gcuid phríobháideach den tairseach gréasáin lena dtugtar rochtain bhuan ar acmhainní, ar dhoiciméid agus ar theagmhálacha. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart úsáid na tairsí gréasáin a chur chun cinn d’oifigigh eile nach bhfuil in ann páirt dhíreach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cúnaimh agus for-rochtana. Ina theannta sin, ba cheart gníomhaíochtaí a chur chun cinn trí Nuachtlitir P2P an Aontais.

9.   Infheictheacht an Aontais

Déanfaidh BAFA gach beart is iomchuí chun a phoibliú go bhfuil an ghníomhaíocht á maoiniú ag an Aontas. Cuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis an lámhleabhar um ghníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Dá bhrí sin, áiritheoidh BAFA infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus l béim á leagan ar ról an Aontais agus feasacht ar na cúiseanna atá leis an gCinneadh á mhéadú, chomh maith le tacaíocht an Aontais don Chinneadh agus torthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais ar taispeáint go feiceálach ar an ábhar a tháirgeann an tionscadal i gcomhréir le treoirlínte ábhartha an Aontais, lena n‐áirítear an lógó “clár rialaithe onnmhairiúcháin P2P an Aontais”. Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais a bheith rannpháirteach in imeachtaí i dtríú tíortha chun feabhas a chur ar an obair leantach pholaitiúil agus ar an infheictheacht.

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór idir raon feidhme agus chineál na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, úsáidfear réimse uirlisí fógraíochta, lena n‐áirítear na meáin thraidisiúnta, suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, agus ábhair faisnéise agus fógraíochta (lena n‐áirítear grafaicí faisnéise, bileoga, nuachtlitreacha, preaseisiúintí agus nithe eile de réir mar is iomchuí). Déanfar foilseacháin agus imeachtaí poiblí, arna soláthar faoin tionscadal, a bhrandáil dá réir sin.

10.   Fad ama

Meastar gur 24 mhí a bheidh i ré iomlán an tionscadail.

11.   Tuairisciú

Ullmhóidh an t‐eintiteas cur chun feidhme tuarascálacha ráithiúla rialta ina mbeidh cur síos achomair ar dhul chun cinn an tionscadail, chomh maith le tuarascálacha misin tar éis gach gníomhaíocht a chur i gcrích. Cuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Ardionadaí tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis na gníomhaíochtaí ábhartha a chur i gcrích.

12.   Costas iomlán measta an tionscadail agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais

Is é EUR 1 538 292,73 costas measta iomlán an tionscadail le cómhaoiniú ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Is é EUR 1 377 542,73 costas measta iomlán an tionscadail atá maoinithe ag an Aontas.


(*)  Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  https://ec.europa.eu/jrc/en/research-topic/chemical-biological-radiological-and-nuclear-hazards/eu-p2p-outreach-programmes-export-control agus https://circabc.europa.eu/


Top