Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1421

    Cinneadh (AE) 2020/1421 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)

    IO L 329, 9.10.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1421/oj

    9.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 329/1


    CINNEADH (AE) 2020/1421 ÓN GCOMHAIRLE

    an 1 Deireadh Fómhair 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus ar na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) i bhfeidhm an 29 Eanáir 1968. Tháinig an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN) i bhfeidhm an 28 Feabhra 2008.

    (2)

    Ní Páirtí Conarthach é an tAontas Eorpach in ADR ná in ADN.

    (3)

    Is Páirtithe Conarthacha in ADR iad na Ballstáit uile, a chuireann ADR i bhfeidhm, agus tá 13 Bhallstát ina bPáirtithe Conarthacha in ADN a chuireann ADN i bhfeidhm.

    (4)

    De bhun Airteagal 14 ADR, is féidir le haon Pháirtí Conarthach leasú amháin nó níos mó ar Iarscríbhínní an Chomhaontaithe sin a mholadh. Is féidir leis an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le ADR a ghlacadh. De bhun Airteagal 20 de ADN, féadfaidh an Coiste Sábháilteachta agus an Coiste Riaracháin leasuithe ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN a ghlacadh.

    (5)

    Na leasuithe a glacadh ag WP.15 agus ag Coiste Riaracháin ADN um iompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre le linn an dá bhliain 2018-2020, tugadh fógra ina leith do Pháirtithe Conarthacha ADR agus ADN an 1 Iúil 2020.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe sin ar ADR agus ADN a bhunú toisc go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar a bhfuil i ndlí an Aontais, eadhon Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Leagtar síos leis an Treoir sin, riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, trí thagairt a dhéanamh do ADR agus ADN. Déantar foráil in Airteagal 4 de Threoir 2008/68/CE go n‐údarófar iompar earraí contúirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéid a chomhlíonfar riachtanais ADR, an Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID) a leagtar amach in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’iarnród (COTIF) agus ADN, mura dtabharfar a mhalairt le fios sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin. Thairis sin, faoi Airteagal 8 de Treoir 2008/68/CE, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Iarscríbhinn I, Roinn I.1 agus Iarscríbhinn III, Roinn III.1 a ghabhann leis an Treoir sin a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe chun na leasuithe ar ADR, RID agus ADN a chur san áireamh.

    (7)

    Baineann na leasuithe atá beartaithe le caighdeáin theicniúla nó le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha, agus é mar chuspóir acu a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, agus forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n‐iompartha, á gcur san áireamh sna leasuithe sin. Is cuid lárnach de bheartas coiteann iompair na hEorpa é iompar earraí contúirteacha de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre a fhorbairt, laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus tíortha comharsanachta araon, agus áirithítear leis feidhmiú ceart na mbrainsí tionsclaíocha uile a tháirgeann nó a úsáideann earraí atá aicmithe mar earraí contúirteacha faoi ADR agus ADN.

    (8)

    Thángthas ar chomhthoil theicniúil ar na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ADR agus ar na Rialachán a ghabhann le AND, a chumhdaítear leis an gCinneadh seo i WP.15 agus ag Coiste Riarachán AND, faoi seach.

    (9)

    Tá údar cuí leis na leasuithe arna nglacadh agus tá tairbhe le baint astu, agus dá bhrí sin ba cheart don Aontas tacú leo.

    (10)

    Maidir leis na Ballstáit sin an Aontais atá ina bpáirtithe conarthacha in ADR agus in ADN chun seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh i gcomhpháirt ar mhaithe le leasanna an Aontais.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe a glacadh ag an Meitheal um Iompar Earraí Contúirteacha (WP.15) agus ag Coiste Riaracháin Iarscríbhinn sin, tá sé le tacú leis na leasuithe seo a leanas:

    (a)

    dréachtleasuithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le ADR (doiciméad tagartha ECE/TRANS/WP.15/249; fógra taisclainne C.N.274.2020.TREATIES-XI.B.14);

    (b)

    dréachtleasuithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le ADR - aguisín (doiciméad tagartha ECE/TRANS/WP.15/249/Add.1; fógra taisclainne C.N.274.2020.TREATIES-XI.B.14);

    (c)

    dréachtleasuithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le ADR: - ceartúchán (doiciméad tagartha ECE/TRANS/WP.15/249/Corr.1; fógra taisclainne C.N.274.2020.TREATIES-XI.B.14);

    (d)

    dréachtleasuithe ar na Rialacháin atá i gceangal le ADN (doiciméad tagartha: ECE/ADN/54; fógra taisclainne C.N.273.2020.TREATIES-XI.D.6);

    (e)

    dréachtleasuithe ar na Rialachán atá i gceangal le ADR - ceartúchán (doiciméad tagartha ECE/TRANS/WP.15/AC.2/25; fógra taisclainne C.N.309.2020.TREATIES-XI.D.6); agus

    (f)

    dréachtleasuithe ar Rialachán atá i gceangal le ADR: (doiciméad tagartha ECE/ADN/54/Add.1; fógra taisclainne C.N.367.2020.TREATIES-XI.D.6).

    2.   Féadfaidh mionathruithe ar na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 a shocrú gan cinneadh breise ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 2.

    Airteagal 2

    Na Ballstáit sin den Aontas atá ina bpáirtithe conarthacha in ADR agus in ADN, faoi sceach, cuirfidh siad in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh.

    Airteagal 3

    Foilseofar tagairt do na leasuithe sin a shoiléireodh ar na hIarscríbhinní agus do na Rialacháin atá i gceangal leis an ADN in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha, (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.)


    Top