This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1135
Council Decision (CFSP) 2020/1135 of 30 July 2020 appointing the European Union Special Representative in Kosovo (This designation is without prejudice to positions on status, and is in line with UNSCR 1244/1999 and the ICJ Opinion on the Kosovo declaration of independence.)
Cinneadh (CBES) 2020/1135 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.)
Cinneadh (CBES) 2020/1135 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.)
ST/9487/2020/INIT
IO L 247, 31.7.2020, pp. 25–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2024: This act has been changed. Current consolidated version:
20/07/2023
|
31.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 247/25 |
CINNEADH (CBES) 2020/1135 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Iúil 2020
lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Lúnasa 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1338 (1) lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Chosaiv agus lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar ISAE sa Chosaiv. Chuir an Chomhairle síneadh breise leis an sainordú sin le Cinntí (CBES) 2017/348 (2), (CBES) 2018/903 (3) agus (CBES) 2020/249 (4). Tá an sainordú sin le dul in éag an 31 Lúnasa 2020. |
|
(2) |
Ba cheart Tomáš SZUNYOG a cheapadh mar ISAE sa Chosaiv don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021. |
|
(3) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leis seo, ceaptar Tomáš SZUNYOG mar ISAE sa Chosaiv ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (HR).
Airteagal 2
Cuspóirí beartais
Beidh sainordú ISAE bunaithe ar chuspóirí beartais an Aontais sa Chosaiv. Áirítear orthu sin: ról ceannasach a ghlacadh i gCosaiv chobhsaí, inmharthana, shíochánta, dhaonlathach agus il-eitneach a chur chun cinn a chomhoibríonn leis an réigiún; an chobhsaíocht a neartú sa réigiún agus cuidiú leis an gcomhar réigiúnach agus leis an dea-chaidreamh comharsanachta sna Balcáin Thiar; an Chosaiv a chur chun cinn ar bhealach go mbeidh sí tiomanta don smacht reachta agus do mhionlaigh agus oidhreacht chultúrtha agus reiligiúnach a chosaint; tacú le peirspictíocht Eorpach agus rapprochement na Cosaive leis an Aontas atá ag teacht le peirspictíocht an réigiúin agus i gcomhréir leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (5) (dá ngairtear “an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais” anseo feasta) agus le Cinneadh (AE) 2015/1988 ón gComhairle (6), agus atá ag teacht leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle.
Airteagal 3
Sainordú
Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:
|
(a) |
comhairle agus tacaíocht an Aontais a thairiscint sa phróiseas polaitiúil; |
|
(b) |
comhordú polaitiúil foriomlán an Aontais sa Chosaiv a chur chun cinn; |
|
(c) |
láithreacht an Aontais sa Chosaiv a neartú agus a chomhleanúnachas, a éifeachtacht agus a infheictheacht a áirithiú; |
|
(d) |
treoir pholaitiúil áitiúil a chur ar fáil don Cheann ar Mhisean Smacht Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO), lena n‐áirítear maidir le gnéithe polaitiúla na saincheisteanna a bhaineann le freagrachtaí feidhmiúcháin; |
|
(e) |
comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais sa Chosaiv a áirithiú, lena n‐áirítear maidir le trasdul EULEX KOSOVO a threorú go háitiúil chun gníomhaíochtaí a aistriú chuig ISAE nó chuig Oifig an AE sa Chosaiv agus/nó chuig na húdaráis áitiúla, de réir mar is iomchuí agus má cheadaítear a leithéid le cúinsí áitiúla; |
|
(f) |
tacú le peirspictíocht Eorpach agus rapprochement na Cosaive leis an Aontas, atá ag teacht le peirspictíocht an réigiúin agus i gcomhréir leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais agus Cinneadh (AE) 2015/1988, agus atá ag teacht leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle, trí chumarsáid phoiblí spriocdhírithe agus gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais atá ceaptha chun tuiscint agus tacaíocht níos leithne ó phobal na Cosaive a áirithiú maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas, lena n‐áirítear obair EULEX KOSOVO; |
|
(g) |
faireachán a dhéanamh, ar gach bealach agus le gach ionstraim atá ar fáil do ISAE agus le tacaíocht ó oifig an AE sa Chosaiv, ar an dul chun cinn maidir le tosaíochtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus Eorpacha, cúnamh a thabhairt agus an dul chun cinn sin a éascú, atá ag teacht le hinniúlachtaí agus freagrachtaí institiúideacha faoi seach, agus tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, lena n‐áirítear tríd an gClár Oibre Eorpach um Athchóiriú; |
|
(h) |
cuidiú le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha sa Chosaiv a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, lena n‐áirítear maidir le mná agus leanaí agus mionlaigh a chosaint, i gcomhréir le beartas an Aontais um chearta an duine agus le Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine; |
|
(i) |
tacú, de réir mar is gá, leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas, lena n‐áirítear cúraimí tacaíochta oibríochtúil nach mór a aistriú faoi dheireadh ó EURLEX KOSOVO, i gcomhar le ISAE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile na mBalcán Thiar agus béim á cur ar thimpeallacht chuiditheach a chur chun cinn don phróiseas; |
|
(j) |
tacú le sainordú na Sain-Dlísheomraí agus Sainoifig an Ionchúisitheora, de réir mar is iomchuí, lena n‐áirítear trí chumarsáid agus trí fhor-rochtain. |
Airteagal 4
An sainordú a chur chun feidhme
1. Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó faoi údarás HR.
2. Coimeádfaidh PSC nasc pribhléideach le ISAE ar bun agus is é a bheidh ann mar phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Soláthróidh PSC treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí HR.
3. Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhordú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na ranna ábhartha di.
Airteagal 5
Maoiniú
1. Is é EUR 3 300 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021 a chumhdach.
2. Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conartha idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.
Airteagal 6
An fhoireann a chur le chéile agus comhdhéanamh na foirne
1. Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh na foirne.
2. Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is é an Ballstát, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.
3. Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.
Airteagal 7
Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus foireann ISAE
Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le comhaltaí fhoirne ISAE a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.
Airteagal 8
Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais
1. Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (7).
2. Beidh sé d’údarás ag HR faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe go leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL”, a ghintear chun críocha na gníomhaíochta, a scaoileadh le ECAT/KFOR EU i gcomhréir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a chosaint.
3. Beidh sé d’údarás ag HR faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe de chuid AE suas go leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” a scaoileadh leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla ISAE, faisnéis agus doiciméid a ghintear chun críocha na gníomhaíochta i gcomhréir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint. Dréachtófar socruithe áitiúla chun na críche sin.
4. Beidh sé d’údarás ag HR aon doiciméid neamhaicmithe de chuid AE atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil leis an ngníomhaíocht agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (8) a scaoileadh le tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo.
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.
2. Cuirfidh oifig an Aontais agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.
Airteagal 10
Slándáil
I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n‐áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála agus lena bhforáiltear do phlean teagmhais agus aslonnaithe misin; |
|
(b) |
a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n‐áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Chomhairle, do HR agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na tuarascála ar dhul chun cinn agus na tuarascála ar chur chun feidhme an tsainordaithe. |
Airteagal 11
Tuairisciú
Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go rialta do HR agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach maidir le faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 12
Comhordú
1. Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.
2. Ar an láthair, leanfar d’idirchaidreamh a chothú go dlúth le Cinn thoscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus le Ceannairí Misin na mBallstát. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Cuirfidh ISAE treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do Cheann EULEX KOSOVO, lena n‐áirítear maidir le gnéithe polaitiúla na saincheisteanna a bhaineann le freagrachtaí feidhmiúcháin. Rachaidh ISAE agus Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le comhlachtaí ábhartha áitiúla agus le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.
3. Áiritheoidh ISAE, in éineacht le gníomhaithe eile de chuid an Aontais ar an láthair, go scaipfear agus go gcomhroinnfear faisnéis i measc ghníomhaithe an Aontais sa limistéar oibríochtaí d’fhonn ardleibhéal a bhaint amach maidir le feasacht agus measúnú comhchoitinn staide.
Airteagal 13
Cúnamh i ndáil le héilimh
Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le gnéithe a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe sa Chosaiv agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.
Airteagal 14
Athbhreithniú
Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid HR, na Comhairle agus an Choimisiúin faoi 31 Deireadh Fómhair 2020 agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoi 31 Bealtaine 2021.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(*1) Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1338 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2016 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/2052 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 212, 5.8.2016, lch. 109).
(2) Cinneadh (CBES) 2017/348 ón gComhairle an 27 Feabhra 2017 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 50, 28.2.2017, lch. 75).
(3) Cinneadh (CBES) 2018/903 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 161, 26.6.2018, lch. 7).
(4) Cinneadh (CBES) 2020/249 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/903 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 54I, 26.2.2020, lch. 1).
(5) IO L 71, 16.3.2016, lch. 3.
(6) Cinneadh (AE) 2015/1988 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 290, 6.11.2015, lch. 4).
(7) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(8) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).