Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1126

    Cinneadh (CBES) 2020/1126 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

    ST/9327/2020/INIT

    IO L 246, 30.7.2020, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1126/oj

    30.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 246/10


    CINNEADH (CBES) 2020/1126 ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Iúil 2020

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhaire Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo.

    (2)

    I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n‐eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693:

    “6.

    Bryan D’ANCONA; dáta breithe: 26 Eanáir 1997; áit bhreithe: Nice (an Fhrainc); náisiúntacht: Francach.”.


    Top