This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1116
Council Decision (EU) 2020/1116 of 24 July 2020 appointing a member of the Court of Auditors
Cinneadh (AE) 2020/1116 ón gComhairle an 24 Iúil 2020 lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí
Cinneadh (AE) 2020/1116 ón gComhairle an 24 Iúil 2020 lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí
ST/9381/2020/INIT
IO L 244, 29.7.2020, p. 17–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 244/17 |
CINNEADH (AE) 2020/1116 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Iúil 2020
lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,
Ag féachaint don togra ó Phoblacht na hOstaire,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 29 Feabhra 2020 chuaigh téarma oifige an Uas. Oskar HERICS in éag. |
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Helga BERGER ina comhalta den Chúirt Iniúchóirí don tréimhse ón 1 Lúnasa 2020 go dtí an 31 Iúil 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Tuairim an 8 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).