This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1014
Council Decision (CFSP) 2020/1014 of 13 July 2020 amending Decision (CFSP) 2018/905 extending the mandate of the European Union Special Representative for the Horn of Africa
Cinneadh (CBES) 2020/1014 ón gComhairle an 13 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice
Cinneadh (CBES) 2020/1014 ón gComhairle an 13 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice
ST/8564/2020/INIT
IO L 225I, 14.7.2020, pp. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2021
|
14.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 225/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/1014 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/819/CBES (1), lena gceaptar an tUas. Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice. |
|
(2) |
Rinneadh sainordú an Uas. RONDOS mar ISAE a athnuachan go leanúnach, den uair is déanaí le Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2020/251 ón gComhairle (3). Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 31 Lúnasa 2020. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 6 mhí breise a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, mír 1: “1. Cuirtear síneadh le sainordú Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”; |
|
(2) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Is é EUR 1 290 000,00 an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021, a chumhdach”; |
|
(3) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an dara fomhír: “Tíolacfar an tuarascáil chuimsitheach dheiridh ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme faoin 30 Samhain 2020 ”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2011/819/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2011 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 327, 9.12.2011, lch. 62).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 161, 26.6.2018, lch. 16).
(3) Cinneadh (CBES) 2020/251 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 54I, 26.2.2020, lch. 5).