This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0965
Council Decision (CFSP) 2020/965 of 27 March 2020 on the signing and conclusion, on behalf of the Union, of the Agreement in the form of an Exchange of Letters between the European Union and the Central African Republic on the status of the European Union CSDP Advisory Mission in the Central African Republic (EUAM RCA)
Cinneadh (CBES) 2020/965 ón gComhairle an 27 Márta 2020 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le stádas Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)
Cinneadh (CBES) 2020/965 ón gComhairle an 27 Márta 2020 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le stádas Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)
ST/6636/2020/INIT
IO L 219, 8.7.2020, pp. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/965/oj
|
8.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 219/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/965 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Márta 2020
maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le stádas Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37, i gcomhar le hAirteagal 218 (5) agus (6) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar an 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2110 (1) maidir le Misean Comhairleach CBSC de chuid an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA). |
|
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2019/2110 nach mór stádas EUAM RCA agus foireann EUAM RCA, lena n‐áirítear i gcás inarb iomchuí, na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí eile is gá chun EUAM RCA a thabhairt chun críche agus a fheidhmiú go rianúil, bheith faoi réir comhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(3) |
Ar an 6 Feabhra 2020, thug an Chomhairle údarú tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na hAfraice Láir chun comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le stádas EUAM RCA i bhfoirm malartú litreacha. |
|
(4) |
Rinne Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an comhaontú a chaibidil, i gcomhréir le hAirteagal 37 CAE, trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le stádas Mhisean Comhairleach CBSC de chuid an Aontais Eorpaigh (EUAM RCA) i bPoblacht na hAfraice Láir (an “Comhaontú”). |
|
(5) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le stádas Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (2) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige nó acu an Comhaontú a shíniú, d’fhonn ceangal a chur ar an Aontas.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 318, 10.12.2019, lch. 141).
(2) Níl téacs an Chomhaontaithe ann sa Ghaeilge.