Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0954

    Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023

    ST/8758/2020/INIT

    IO L 212, 3.7.2020, p. 14–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/954/oj

    3.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 212/14


    CINNEADH (AE) 2020/954 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Meitheamh 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis agus is é is aidhm dó aeriompar idirnáisiúnta a rialú.

    (2)

    Is Stáit chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit uile an Aontais agus is comhaltaí de ICAO iad uile, cé go bhfuil stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

    (3)

    I mí na Nollag 2015, ghlac an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide Comhaontú Pháras (1). Áirítear ar chuspóirí Chomhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear earnáil na heitlíochta idirnáisiúnta.

    (4)

    In 2016, trí bhíthin Rún A39-3, chinn 39ú Tionól ICAO scéim beart margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme i bhfoirm na Scéime Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó eitlíocht idirnáisiúnta a theorannú do na leibhéil ag a bhfuil siad in 2020. Bunaíodh seasamh an Aontais i leith mionsaothrú agus glacadh na scéime sin agus a eilimintí mionsonraithe éagsúla le Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle (2).

    (5)

    An 27 Meitheamh 2018, ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún, ghlac Comhairle ICAO an chéad eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago: an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (“Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV”).

    (6)

    In 2017, rinne Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasú ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba é ceann de chuspóirí an Rialacháin sin cur chun feidhme CORSIA ó 2021 a ullmhú, ceanglais a leagan síos faoi dhlí an Aontais le haghaidh faireachán, tuairisciú agus fíorú chun críoch CORSIA, agus tuairisciú ar chur chun feidhme CORSIA agus athbhreithniú a dhéanamh air.

    (7)

    Tá na rialacha in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV le teacht chun bheith ceangailteach i gcomhréir le Coinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha leagtar amach ann. Tá na rialacha sin le teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas agus ar na Ballstáit, faoi chomhaontuithe aeriompair idirnáisiúnta atá ann faoi láthair.

    (8)

    Ionas gur féidir le ICAO aird iomlán a thabhairt ar an gcreat dlíthiúil ar leibhéal an Aontais faoi láthair, tá fógra tugtha ag na Ballstáit faoi dhifríochtaí i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle (5). Faoi Chinneadh (AE) 2018/2027, tá feidhm le Treoir 2003/87/CE, mar atá faoi láthair, gan beann ar náisiúntacht an oibreora aerárthaí agus i bprionsabal, cumhdaítear léi eitiltí a imíonn ó aeradróm nó a thagann isteach in aeradróm atá i gcríoch Ballstáit lena mbaineann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”). Tá feidhm ag Treoir 2003/87/CE gan idirdhealú maidir le heitiltí laistigh de na Ballstáit agus/nó tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus eatarthu sin. Ag an gcéim seo, tá feidhm ag na rialacha sin maidir le ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) agus maidir le ceanglais fritháirithe ar aon.

    (9)

    Faoi réir na ndifríochtaí ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027, ionchorpraíodh ceanglais MRV a leagtar amach in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV agus is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2019 i ndlí an Aontais trí bhithín Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (6) agus (AE) 2018/2067 (7) ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 (8) ón gCoimisiún. Faoi na Rialacháin sin, déanfar sonraí maidir le hastaíochtaí a bhailiú agus a tharchur chuig Ardrúnaíocht ICAO i leith astaíochtaí le linn na céime píolótaí.

    (10)

    De bhun mhíreanna 3.1.3 agus 3.2.1 de Chaibidil 3 de Chuid II agus Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, ceanglaítear ar na Stáit chonarthacha fógra a thabhairt do ICAO maidir lena gcinneadh a bheith rannpháirteach go saorálach in CORSIA, nó gan a bheith rannpháirteach go saorálach a thuilleadh in CORSIA ón 1 Eanáir 2021. Tá ceangal ar na Stáit chonarthacha freisin fógra a thabhairt do ICAO maidir leis an rogha a roghnaigh siad chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023. Tá ceangal orthu na fógraí sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2020.

    (11)

    Is é a thagann as na forálacha sin, go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla áirithe Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV coinníollach ar fhógraí ábhartha a thíolacadh chuig ICAO agus ar théarmaí na bhfógraí sin. Dá bhrí sin, tagann an tAontas do ghlacadh seasamh i leith na bhfógraí sin faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE.

    (12)

    I ndáil leis sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de ICAO a bhunú, ag féachaint do na ceanglais faoi Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV maidir le fógra a thabhairt, go háirithe mar go bhféadfadh rannpháirtíocht shaorálach in CORSIA agus an rogha a roghnaítear faoi mhír 3.2.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV tionchar cinntitheach a imirt ar chearta agus oibleagáidí i réimse a chumhdaítear le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2003/87/CE agus, go pointe áirithe, Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

    (13)

    Dhearbhaigh an tAontas agus na Ballstáit arís is arís eile (10) go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh in CORSIA ón 1 Eanáir 2021.

    (14)

    Tugtar le tuiscint le rannpháirtíocht shaorálach in CORSIA nach mór, i gcomhréir le mír 3.2.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, rogha a roghnú chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023. I ndáil leis sin, is iomchuí na ríomhanna a bhunú ar na hastaíochtaí le linn 2021, 2022, agus 2023, faoi seach. Is dócha go mbeidh an rogha sin chun sochair níos mó ó thaobh comhshaoil agus iompair idirnáisiúnta de ná an rogha eile atá ar fáil, is é sin na ríomhanna a bhunú ar na hastaíochtaí le linn 2020, ós rud é go meastar go mbeidh na hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta níos airde le linn 2021, 2022 agus 2023 ná le linn 2020 agus dá bhrí sin leanfaidh ceanglais fritháirithe níos airde as sin. D’áiritheofaí leis sin freisin leanúnachas níos mó, agus é á thabhairt ar aird, le haghaidh na mblianta ó 2024, go ndéantar foráil i mír 3.2.2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV maidir le ríomh bunaithe ar an mbliain féin.

    (15)

    I dtaca le roghnú astaíochtaí le linn 2021, 2022 agus 2023, faoi seach, chun ceanglais fritháirithe oibreoirí aerárthaí a ríomh, bheadh feidhm aige sin le linn na tréimhse 2021-2023 maidir leis na hoibreoirí aerárthaí uile a sannadh don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir leis an eagrán is déanaí de dhoiciméad ICAO dar teideal ‘CORSIA Aeroplane Operator to State Attributions’ [Oibreoirí Aerárthaí arna Sannadh do Stáit faoi chuimsiú CORSIA] (11).

    (16)

    Tá difríochtaí áirithe ann idir chreat Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV faoi láthair. Faoi Airteagal 28b(2) de Threoir 2003/87/CE, faoi cheann 12 mhí ón dáta a nglacfaidh ICAO na hionstraimí ábhartha, agus sula mbeidh CORSIA oibríochtúil, tá an Coimisiún le tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina bhfuil sé le breithniú a dhéanamh ar na bealaí chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/87/CE agus ina bhfuil sé le scrúdú a dhéanamh, i measc rudaí eile, ar uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil CORSIA, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta a bhaineann leis i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, i ndáil le leibhéal na rannpháirtíochta, lena infhorghníomhaitheacht, leis an trédhearcacht, leis na pionóis mar gheall ar neamhchomhlíonadh, leis na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, le cáilíocht na creidmheasanna fritháirimh, leis an bhfaireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéantar ar astaíochtaí, cláir, agus cuntasacht mar aon le rialacha maidir le bithbhreoslaí a úsáid. Faoi Airteagal 28b(3) de Threoir 2003/87/CE, i gcás inarb iomchuí, tá an Coimisiún le togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ag gabháil leis an tuarascáil, ar togra é chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 28a den Treoir sin a leasú, a scriosadh, a leathnú nó a athchur, atá i gcomhréir le gealltanas uile-gheilleagair laghdaithe ghás ceaptha teasa an Aontais do 2030, leis an sprioc go gcaomhnófar sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais.

    (17)

    Níor thíolaic an Coimisiún an tuarascáil go fóill. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 28b(2) de Threoir 2003/87/CE a thíolacadh mar ábhar práinne, agus an togra comhfhreagrach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag gabháil léi, a luaithe is féidir agus roimh dheireadh 2020.

    (18)

    Sa chomhthéacs seo, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear san áireamh go héifeachtach difríochtaí atá ann faoi láthair idir dlí an Aontais agus Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, chomh maith leis na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, d’fhonn creat dlíthiúil an Aontais a chaomhnú de réir mar is gá, lena n-áirítear saoirse an reachtóra cinneadh a dhéanamh maidir le scéim an Aontais amach anseo is infheidhme maidir leis an réimse lena mbaineann.

    (19)

    Dá bhrí sin, agus na fógraí ábhartha á dtabhairt do ICAO, ba cheart tagairt don difríocht ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027, a bhfuil feidhm aige maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an rannpháirtíocht shaorálach. Ós rud é nach mbaineann an difríocht sin, a mhéid a bhfuil sí fós ábhartha, ach le sannadh inniúlachta Stát vis-à-vis na n-oibreoirí éagsúla, ba cheart, an fhéidearthacht a fhorchoimeád, agus fógraí ábhartha á dtabhairt do ICAO, fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí breise.

    (20)

    Ba cheart go gcuirfeadh gach Ballstát den Aontas ar ball é de ICAO na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den ICAO in iúl,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Is mar a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le fógra a thabhairt do ICAO faoi rannpháirtíocht shaorálach na mBallstát sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ó mhí Eanáir 2021: tabharfaidh gach Ballstát, ar ball é de ICAO, fógra do ICAO maidir leis an téacs seo a leanas faoin 30 Meitheamh 2020:

    “De bhun mhír 3.1.3 de Chaibidil 3 de Chuid II agus Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta: Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), tugann [Ballstát] fógra do ICAO maidir lena rannpháirtíocht shaorálach CORSIA ón 1 Eanáir 2021.”.

    2.   Is mar a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de ICAO maidir le fógra a thabhairt do ICAO i leith an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023: tabharfaidh gach Ballstát, ar ball é de ICAO, fógra do ICAO maidir leis an téacs seo a leanas, faoin 30 Meitheamh 2020:

    “De bhun mhír 3.2.1 de Chaibidil 3 de Chuid II agus le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta: Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), tugann [Ballstát] fógra do ICAO gurb é an rogha a roghnaíodh chun críche ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 ná OE = astaíochtaí CO2 oibreora Aerárthaí a chumhdaítear le 3.1 sa bhliain ar leith y.”.

    3.   Cuirfear an téacs seo a leanas leis na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo:

    “Ní dochar an fógra seo do dhifríochtaí, faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, i ndáil le forálacha Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.”.

    Airteagal 2

    Maidir le gach Ballstát de chuid an Aontais ar comhalta de ICAO é, is é a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfadh aisti cur chun feidhme birt domhanda mhargadhbhunaithe aonair le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2020 (IO L 153, 10.6.2016, lch. 32).

    (3)  Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an raon feidhme do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú le beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme ó 2021 (IO L 350, 29.12.2017, lch. 7).

    (4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (5)  Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1)

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le sonraí fíoraithe agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).

    (8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).

    (9)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (10)  Mar shampla “Dearbhú na Bratasláive”, ICAO A39- WP/414 (https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12029-2016-INIT/en/pdf), ICAO A40- WP/102 https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10227-2019-REV-1/en/pdf).

    (11)  https://www.icao.int/environmental-protection/CORSIA/Pages/CCR.aspx


    Top