Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0948

    Cinneadh (AE) 2020/948 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

    ST/9556/2019/INIT

    IO L 212, 3.7.2020, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/948/oj

    Related international agreement

    3.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 212/3


    CINNEADH (AE) 2020/948 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2020

    maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá an Coimisiún tar éis an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta a chaibidil, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát, leis an tSeoirsia (an ‘Comhaontú’) i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht.

    (2)

    Síníodh an Comhaontú an 2 Nollaig 2010, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh 2012/708/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle (2).

    (3)

    Dhaingnigh gach Ballstát an Comhaontú, seachas Poblacht na Cróite. Aontaíonn Poblacht na Cróite don Chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear san Ionstraim Aontachais atá i gceangal le Conradh Aontachais an 5 Nollaig 2011. Síníodh Prótacal ábhartha Aontachais Phoblacht na Cróite i mí na Samhna 2014.

    (4)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.

    (5)

    Áirítear, in Airteagail 3 agus 4 de Chinneadh 2012/708/AE, forálacha áirithe maidir le cinnteoireacht agus ionadaíocht i dtaca le hábhair éagsúla a leagtar amach sa Chomhaontú. I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais Eorpaí an 28 Aibreán 2015 i gcás C-28/12 (3), ba cheart deireadh a chur le cur i bhfeidhm cuid de na forálacha sin. Ag féachaint do na Conarthaí, níl gá le forálacha nua maidir leis na hábhair sin ná le forálacha maidir le hoibleagáidí faisnéise na mBallstát. Dá thoradh sin, ba cheart go scoirfeadh míreanna 2 go 5 d’Airteagal 3 agus Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh 2012/708/AE d’fheidhm a bheith acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (an “Comhaontú”) a fhormheas leis seo thar ceann an Aontais (4).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Chomhaontú.

    Airteagal 3

    An seasamh atá le glacadh ag an Aontas a mhéid a bhaineann le cinntí an Chomhchoiste faoi Airteagal 22 den Chomhaontú, maidir le reachtaíocht an Aontais a áireamh in Iarscríbhinn III (Rialacha is infheidhme maidir le heitlíocht shibhialta) a ghabhann leis an gComhaontú, faoi réir aon choigeartuithe teicniúla is gá, glacfaidh an Coimisiún é tar éis dó é a chur faoi bhráid na Comhairle nó a comhlachtaí ullmhúcháin le haghaidh comhairliúcháin, de réir mar a chinnfidh an Chomhairle.

    Airteagal 4

    Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 d’Airteagal 3 agus Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh 2012/708/AE ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh 2012/708/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 15 Deireadh Fómhair 2010, maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 321, 20.11.2012, lch. 1).

    (3)  ECLI:EU:C:2015:282.

    (4)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 321, 20.11.2012, lch. 3, in éineacht leis an gcinneadh maidir le síniú.


    Top