This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0848
Council Decision (EU) 2020/848 of 16 June 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union in the World Forum for Harmonisation of Vehicle Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe as regards the proposals for modifications to UN Regulations Nos 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 and 152, as regards the proposals for modifications to Global Technical Regulations Nos 3, 6, 7, 16 and 19, as regards the proposal for amendments to Consolidated Resolution R.E.3. and as regards the proposals for five new UN Regulations in relation to safety, emissions and automation in the area of motor vehicles
Cinneadh (AE) 2020/848 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí
Cinneadh (AE) 2020/848 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí
ST/8164/2020/INIT
IO L 196, 19.6.2020, pp. 5–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
19.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 196/5 |
CINNEADH (AE) 2020/848 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’). Comhaontú Athbhreithnithe 1958, tháinig sé i bhfeidhm an 24 Márta 1998. |
|
(2) |
Trí Chinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000. |
|
(3) |
Le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cuireadh nós imeachta ceadaithe an Aontais in ionad chórais cheadaithe na mBallstát agus leagadh síos creat comhchuibhithe ina bhfuil forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla ghinearálta maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nua agus gach aonad teicniúil ar leithligh. D’ionchorpraigh an Treoir sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. Ó glacadh Treoir 2007/46/CE, tá méadú ag teacht ar an líon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá á n-ionchorprú i reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) nua agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Ina theannta sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh. |
|
(5) |
Le linn a 181ú seisiún atá le reáchtáil an 23 Meitheamh 2020, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú i ndáil le sláine an chórais breosla agus sábháilteacht na traenach cumhachta leictrí i gcás imbhualadh deiridh, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tástáil chomhchuibhithe dhomhanda ar fheithiclí éadroma agus modhnú ar an Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann le nuashonrú ar bhogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann le Córas Uathoibrithe Coimeádta Lána, na tograí le haghaidh leasuithe ar RTDanna Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19 ó na Náisiúin Aontaithe agus an togra le haghaidh leasú ar Rialachán Comhdhlúite R.E.3. maidir le Tógáil Feithiclí. Thairis sin, tá UNECE WP.29 le togra a ghlacadh le haghaidh síneadh a chur leis an sainordú do RTD Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe agus togra le haghaidh údaruithe chun leasú ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt agus chun RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le marthanacht ceallraí infheithicle. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna agus an Rún Comhdhlúite R.E.3 ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle. |
|
(7) |
I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, is gá na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rún Comhdhlúite R.E.3., a leasú nó a fhorlíonadh. |
|
(8) |
Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTDanna Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú. |
|
(9) |
Is gá Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe a cheartú, cé nach mbaineann na hathruithe ach leis an leagan Rúiseach amháin. |
|
(10) |
Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithiclí agus tástáil astaíochtaí a fheabhsú, is gá cúig cinn de Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh: maidir le sláine an chórais breosla agus sábháilteacht na traenach cumhachta leictrí i gcás imbhualadh deiridh, maidir le Tástáil chomhchuibhithe Dhomhanda ar fheithiclí Éadroma, maidir le cibearshlándáil agus córas bainistithe cibearshlándála, maidir le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí agus maidir le Córas Uathoibrithe Coimeádta Lána. Ag an am céanna, caithfear leasú ar an Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tástáil chomhchuibhithe dhomhanda ar fheithiclí éadroma a ghlacadh, toisc go gceadófar leis sin, ar leithligh, lánaitheantas frithpháirteach do na Páirtithe Conarthacha a roghnaíonn ceanglais nua a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná sraith bhunaidh 00 an Rialacháin, lena gcumhdaítear ceanglais réigiúnacha amháin. |
|
(11) |
Chun go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar cheanglais theicniúla, caithfear na tograí chun sainordú RTD Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh, chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe agus forbairt RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle a údarú a ghlacadh ar bhonn na n-iarrataí ó Pháirtithe Conarthacha UNECE a urraíonn an obair ar RTD ó na Náisiúin Aontaithe nó ó fhochomhlachtaí tiomanta UNECE WP.29. |
|
(12) |
An 27 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/287 (4) maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh maidir le RTDanna Uimh. 3, 6 agus 16 ó na Náisiúin Aontaithe don 180ú seisiún de chuid UNECE WP.29, a tionóladh idir an 10 agus an 12 Márta 2020. Mar sin féin, ní raibh WP.29 in ann vóta a ghlacadh sa seisiún sin agus chinn sé na tograí a thíolacadh lena vótáil an athuair ag seisiún mhí an Mheithimh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 181ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí a thionólfar an 23 Meitheamh 2020 maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152, maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, maidir leis an togra le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus maidir leis na tograí le haghaidh cúig Rialachán nua de chuid na Náisiún Aontaithe i dtaca le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí (5), go vótálfar ina bhfabhar.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).
(2) Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).
(3) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2020/287 ón gComhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoistí ábhartha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152 ó na Náisiún Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) Uimh. 3, 6, agus 16, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rialachán Comhdhlúite R.E.5, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 6 agus RTD nua a fhorbairt maidir le Cumhacht Feithiclí Leictrithe a Chinneadh (IO L 62, 2.3.2020, lch. 26).
(5) Féach doiciméad ST 8471/20 ag http://register.consilium.europa.eu.