Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0796

    Cinneadh (CBES) 2020/796 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1252 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

    ST/8507/2020/INIT

    IO L 193, 17.6.2020, p. 15–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/796/oj

    17.6.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 193/15


    CINNEADH (CBES) 2020/796 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Meitheamh 2020

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1252 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 11 Iúil 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1252 (1);

    (2)

    Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/1252 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

    (3)

    Tugadh an comhaontú maoinithe leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) i gcrích an 30 Lúnasa 2017, agus dá bhrí sin rachaidh sé in éag an 30 Lúnasa 2020.

    (4)

    An 23 Aibreán 2020, d’iarr ESCE síneadh sé mhí ar thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/1252, toisc gur cuireadh ar fionraí go sealadach roinnt gníomhaíochtaí chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin mar gheall ar phaindéim COVID-19.

    (5)

    Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/1252 ón gComhairle go dtí an 28 Feabhra 2021.

    (6)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1252 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/1252:

    “2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 28 Feabhra 2021.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/1252 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceaceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 179, 12.7.2017, lch. 8).


    Top