This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0722
Council Decision (EU) 2020/722 of 19 May 2020 on the position to be adopted, on the Union’s behalf, within the Port State Control Committee of the Paris Memorandum of Understanding on port State control, during the period 2020–2024
Cinneadh (AE) 2020/722 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i dtionól an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú Stáit ar chalafoirt, le linn na tréimhse 2020-2024
Cinneadh (AE) 2020/722 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i dtionól an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú Stáit ar chalafoirt, le linn na tréimhse 2020-2024
ST/7462/2020/INIT
IO L 171, 2.6.2020, pp. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024
|
2.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 171/4 |
CINNEADH (AE) 2020/722 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Bealtaine 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i dtionól an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú Stáit ar chalafoirt, le linn na tréimhse 2020-2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) leagtar amach córas dlí an Aontais maidir le rialú Stáit ar chalafoirt agus déantar athfhoirmliú agus athneartú ar an reachtaíocht a bhí roimhe seo ag an Aontas, reachtaíocht sa réimse sin atá i bhfeidhm ó 1995 i leith. Tá córas an Aontais maidir le rialú Stáit ar chalafoirt bunaithe ar an struchtúr atá cheana ar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“Meabhrán Comhthuisceana Pháras”), a síníodh i bPáras an 26 Eanáir 1982. |
|
(2) |
A mhéid a bhaineann le Ballstáit an Aontais, tugtar, le Treoir 2009/16/CE, nósanna imeachta, uirlisí agus gníomhaíochtaí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, go héifeachtach, faoi raon feidhme dhlí an Aontais. De bhua na Treorach sin, beidh cinntí áirithe arna nglacadh ag coiste um rialú stáit ar chalafoirt arna bhunú faoi Roinn 7 de Mheabhrán Comhthuisceanna Pháras (“PSCC”) ceangailteach ar Bhallstáit an Aontais. |
|
(3) |
Tagann PSCC le chéile gach bliain. Le linn na bpléití a bhíonn aige déanann sé cinntí maidir le saincheisteanna áirithe a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla leo. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna bhunú le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo, tá an seasamh sin le glacadh le Cinneadh ón gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún. |
|
(5) |
Toisc go bhfágann rialacha inmheánacha Mheabhrán Comhthuisceana Pháras gur deacair seasamh a bhunú go tráthúil le haghaidh gach cruinniú bliaitiúil PSCC, ar seasamh é atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE. Mar sin, is éifeachtúil sa chás seo an seasamh sin a bhunú ar bhonn ilbhliantúil, arb é a bheidh ann treoirphrionsabail agus treoshuíomhanna, mar aon le creat dá shonraíocht ó bhliain go bliain. Thairis sin, baineann formhór na n-ábhar a phléitear ag cruinnithe bliaintiúla PSCC le hábhair a bhaineann le rialú Stáit ar chalafoirt agus cumhdaítear iad go ginearálta le gníomh dlíthiúil aonair de chuid an Aontais, eadhon Treoir 2009/16/CE. Sna himthosca ar leith a bhfuil feidhm acu maidir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, is féidir, dá bhrí sin, seasamh ginearálta atá le glacadh a bhunú thar ceann an Aontais le haghaidh roinnt de chruinnithe PSCC. |
|
(6) |
Ní páirtí conarthach é an tAontas Eorpach i Meabhrán Comhthuisceana Pháras. Ní mór don Chomhairle, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais agus a chur in iúl go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal na gcinntí a ghlacfaidh PSCC. |
|
(7) |
Tá an-tábhacht ag roinnt le pléití teicniúla agus le comhar teicniúil le comhaltaí tríú tíortha de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras i dtionól PSCC chun éifeachtacht agus dea‐fheidhmiú Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a áirithiú. |
|
(8) |
Ba cheart go gcumhdófaí leis an gCinneadh seo an tréimhse ó 2020 go 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól chruinniú bliantúil an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“PSCC”) arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“Meabhrán Comhthuisceana Pháras”), le linn na tréimhse 2020-2024, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, i gcomhréir leis na prionsabail treoracha agus treoshuíonna ar an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais i dtionól PSCC (2).
Airteagal 2
Bunófar sonraíochtaí ó bhliain go bliain ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól chruinnithe bliantúla PSCC arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, le linn na tréimhse 2020-2024, i gcomhréir le rialacha nós imeachta arna mbunú sonraíochtaí ó bhiain go bliain ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól PSCC (3).
Airteagal 3
Gníomhóidh na Ballstáit atá faoi cheangal ag Meabhrán Comhthuisceana Pháras i gcomhréir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, ag gníomhú dóibh i gcomhpháirt ar mhaithe le leasanna an Aontais.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(2) Féach doic. ST 7465/20, pointe I, ar http://register.consilium.europa.eu.
(3) Féach doic. ST 7465/20, pointe II, ar http://register.consilium.europa.eu.