Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0652

Cinneadh (CBES) 2020/652 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)

ST/7593/2020/INIT

IO L 153, 15.5.2020, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/652/oj

15.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/5


CINNEADH (CBES) 2020/652 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2020

lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Aibreán 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/219/CBES (1) maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali).

(2)

An 25 Meitheamh 2018, sna conclúidí uaithi maidir leis an tSaiheil/Mailí, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir a thábhachtaí atá réigiúnú CBSC sa tSaiheil d’fhonn neartú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar an tacaíocht shibhialta agus mhíleata a thugtar don chomhar trasteorann, ar na struchtúir réigiúnacha comhair – go háirithe iad siúd de chuid G5 na Saiheile – agus ar acmhainn na dtíortha G5 aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála an réigiúin, mar aon le húinéireacht na dtíortha G5 ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

(3)

An 18 Feabhra 2019, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap comhpháirteach sibhialtach‐mhíleata d'Oibríochtaí maidir le gníomhaíocht CBSC sa tSaiheil a Réigiúnú.

(4)

An 21 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/312 (2), lena ndéantar Misean EUCAP Sahel Mali a fhadú agus lena soláthraítear méid tagartha airgeadais dó go dtí an 14 Eanáir 2021.

(5)

An 17 Márta 2020, leasaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Plean Oibríochtaí do EUCAP Sahel Mali agus chomhaontaigh sé gur cheart cur leis na hacmhainní a sholáthraítear dó chun gníomhaíocht CBSC sa tSaiheil a réigiúnú.

(6)

Ba cheart Cinneadh 2014/219/CBES a leasú dá réir.

(7)

Cuirfear EUCAP Sahel Mali i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 14(1) de Chinneadh 2014/219/CBES, cuirtear an méid a leanas in ionad an séú agus an seachtú mír:

“Is é EUR 69 650 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Sahel Mali a chumhdach don tréimhse idir an 1 Márta 2019 agus an 14 Eanáir 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh 2014/219 CBES ón gComhairle an 15 Aibreán 2014 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 113, 16.4.2014, lch. 21).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/312 ón gComhairle ar an 21 Feabhra 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali), agus lena gcuirtear síneadh leis an gCinneadh sin (IO L 51, 22.2.2019, lch. 29).


Top