EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0610
Council Decision (CFSP) 2020/610 of 4 May 2020 concerning the temporary reception by Member States of the European Union of certain Palestinians
Cinneadh (CBES) 2020/610 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2020 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaighar bhonn sealadach
Cinneadh (CBES) 2020/610 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2020 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaighar bhonn sealadach
ST/7402/2020/INIT
IO L 142, 5.5.2020, p. 5–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/5 |
CINNEADH (CBES) 2020/610 ÓN GCOMHAIRLE
an 4 Bealtaine 2020
maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaighar bhonn sealadach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 agus Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/882 (1), lena bhforáiltear do bhailíocht na gceadanna náisiúnta de Phalaistínigh áirithe a fhadú chun teacht isteach, nó fanacht, i gcríoch na mBallstát dá dtagraítear i gComhsheasamh 2002/400/CBES ón gComhairle (2) go ceann tréimhse bhreise 24 mhí. |
(2) |
Ar bhonn meastóireachta ar chur i bhfeidhm Chomhsheasamh 2002/400/CBES, measann an Chomhairle gurb iomchuí bailíocht na gceadanna sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 24 mhí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chomhsheasamh 2002/400/CBES bailíocht na gceadanna náisiúnta le haghaidh iontrála agus fanachta arna ndeonú de bhun Airteagal 3 den Chomhsheasamh sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 24 mhí, amhail ón 31 Eanáir 2020.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh (CBES) 2018/882 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach agus lena leasaítear Comhsheasamh 2002/400/CBES (IO L 155, 19.6.2018, lch. 8).
(2) Comhsheasamh 2002/400/CBES ón gComhairle an 21 Bealtaine 2002 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach (IO L 138, 28.5.2002, lch. 33).