Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0609

    Cinneadh (AE) 2020/609 ón gComhairle an 27 Aibreán 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bhunaítear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta inmheánacha an Chomhchoiste um Chomhar Custaim

    ST/6882/2020/INIT

    IO L 142, 5.5.2020, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/609/oj

    5.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 142/3


    CINNEADH (AE) 2020/609 ÓN gCOMHAIRLE

    an 27 Aibreán 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bhunaítear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta inmheánacha an Chomhchoiste um Chomhar Custaim

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim ("an Comhaontú") i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/601 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2018.

    (2)

    De bhun phointe (e) d'Airteagal 20(2) den Chomhaontú, ní mór don Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bhunaítear le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú na rialacha nós imeachta inmheánacha a ghlacadh.

    (3)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeacht dlí ag an gcinneadh san Aontas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bhunaítear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta inmheánacha, is taca é don dréachtchinneadh ón gComhchoiste um Chomhar Custaim (2).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. GRLIĆ RADMAN


    (1)  Cinneadh (AE) 2018/601 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua‐Shéalainn maidir le comhar custaim agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim (IO L 101, 20.4.2018, lch. 5).

    (2)  Féach doiciméad ST 6932/20 ag http://register.consilium.europa.eu.


    Top