Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0520

    Cinneadh (AE) 2020/520 ón gComhairle an 18 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus an Rómáin leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    ST/13318/2019/INIT

    IO L 117, 15.4.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/520/oj

    15.4.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 117/1


    CINNEADH (AE) 2020/520 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Samhain 2019

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus an Rómáin leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, agus d'Ionstraim Aontachais Phoblacht na Cróite, agus go háirithe Airteagal 6(2) díobh,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Síníodh an Comhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus aBhallstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin (1), den pháirt eile (“an Comhaontú”) ar an 1 Nollaig 2005 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2013.

    (2)

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin chun bheith ina mBallstáit den Aontas ar an 1 Eanáir 2007 agus tháinig an Chróit chun bheith ina Ballstát den Aontas ar an 1 Iúil 2013.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 6(2) d'Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine agus Airteagal 6(2) Ionstraim Aontachais na Cróite tá aontachas leis an gComhaontú le comhaontú trí phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Déantar foráil sna forálacha sin do nós imeachta trína bhfuil an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus an Úcráin, chun prótacal a thabhairt i gcrích.

    (4)

    Ar an 23 Deireadh Fómhair 2006 agus ar an 14 Meán Fómhair 2012, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis na tríú tíortha lena mbaineann d'fhonn prótacail a thabhairt i gcrích a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta a thugann an tAontas agus a Bhallstáit i gcrích.

    (5)

    Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht leis an Úcráin maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus an Rómáin leis an Aontas Eorpach (“an Prótacal”) a chur san áireamh a thahairt i gcrích go rathúil, trí notes verbales a mhalartú.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta eile is déanaí.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, síniú an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus an Úcráin chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (2), faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail.

    Airteagal 2

    Leis seo, tugtar d'údarás d'Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a dtugtar de chumhacht dó nó dóibh an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Samhain 2019.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. LEPPÄ


    (1)  IO L 125, 26.4.2014, lch. 3.

    (2)  Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


    Top