EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0511

Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

ST/6097/2020/REV/1

IO L 113, 8.4.2020, p. 18–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/511/oj

8.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 113/18


CINNEADH (AE) 2020/511 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Márta 2020

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí arna ndéanamh ag Rialtas na Beilge, Rialtas na Gearmáine agus Rialtas Mhálta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh gur cheart Coiste na Réigiún a bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfadh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann téarma 5 bliana i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag an 25 Eanáir 2020, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2). Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 10 gcomhalta agus 14 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 15 Samhain 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2019/2157.

(5)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus deichniúr comhalta malartach a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 20 Nollaig 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/102.

(6)

An 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/144 (4). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Spáinne, mar aon le comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 23 Eanáir 2020 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/144.

(7)

Mhol an Bheilg a hiarrthóirí ar na suíocháin de chomhaltaí agus de chomhaltaí malartacha atá fágtha aici; mhol an Ghearmáin a hiarrthóir ar chomhalta malartach amháin agus mhol Málta a iarrathóir ar chomhalta amháin. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020.

(8)

Is ag céim níos déanaí a cheapfar na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha eile sin nach bhfuil aon togra ina leith faighte ag an gComhairle go fóill,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar na daoine a leanas, leis seo, a cheapadh ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025:

mar chomhaltaí, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn I;

mar chomhaltaí malartacha, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

ПРИЛОЖЕНИЕ I - ANEXO I - PŘÍLOHA I - BILAG I - ANHANG I - I LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ Ι - ANNEX I - ANNEXE I - PRILOG I - ALLEGATO I - I PIELIKUMS - I PRIEDAS - I. MELLÉKLET - ANNESS I - BIJLAGE I - ZAŁĄCZNIK I - ANEXO I - ANEXA I - PRÍLOHA I - PRILOGA I - LIITE I - BILAGA I

Членове/Miembros/Členové/Medlemmer/Mitglieder/Liikmed/Μέλη/ Members/Membres/Članovi/Membri/Locekļi/Nariai/Tagok/Membri/Leden/ Członkowie/Membros/Membri/Členovia/Člani/Jäsenet/Ledamöter

BELGIË/BELGIQUE/BELGIEN

Mr Andries GRYFFROY

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Ms Joke SCHAUVLIEGE

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Willem-Frederik SCHILTZ

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Koen VANDENHEUVEL

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Karl VANLOUWE

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

MALTA

Mr Anthony MIFSUD

Member of a Regional Executive: North Region


IARSCRÍBHINN II

ПРИЛОЖЕНИЕ II - ANEXO II - PŘÍLOHA II - BILAG II - ANHANG II - II LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ ΙΙ - ANNEX II - ANNEXE II - PRILOG II - ALLEGATO II - II PIELIKUMS - II PRIEDAS - II. MELLÉKLET - ANNESS II - BIJLAGE II - ZAŁĄCZNIK II - ANEXO II - ANEXA II - PRÍLOHA II - PRILOGA II - LIITE II - BILAGA II

Заместник-членове/Suplentes/Náhradníci/Suppleanter/Stellvertreter/Asendusliikmed/Αναπληρωτές/Alternate members/Suppléants/Zamjenici članova/Supplenti/Aizstājēji/Pakaitiniai nariai/Póttagok/Membri Supplenti/Plaatsvervangers/Zastępcy członków/Suplentes/Supleanți/Náhradníci/Nadomestni člani/Varajäsenet/Suppleanter

BELGIË/BELGIQUE/BELGIEN

Ms Karin BROUWERS

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Ms Allessia CLAES

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Steven COENEGRACHTS

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Jan DURNEZ

Representative of a regional body with political accountability to an elected Assembly: Council of the province of West-Vlaanderen

Mr Joris NACHTERGAELE

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Yonnec POLET

Member of a Local Assembly: Municipal Council of Berchem-Sainte-Agathe

Ms Annabel TAVERNIER

Member of a Regional Assembly: Flemish Parliament

Mr Jean-Luc VANRAES

Member of a Local Assembly: Municipal Council of Uccle

DEUTSCHLAND

Mr Andreas DITTMANN

Representative of a local body with political accountability to an elected Assembly: Landtag von Sachsen-Anhalt


Top