This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0490
Council Decision (CFSP) 2020/490 of 2 April 2020 amending Decision 2014/932/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Yemen
Cinneadh (CBES) 2020/490 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin
Cinneadh (CBES) 2020/490 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin
ST/6827/2020/INIT
IO L 105, 3.4.2020, p. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 105/7 |
CINNEADH (CBES) 2020/490 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Aibreán 2020
lena leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Nollaig 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/932/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin. |
(2) |
An 25 Feabhra 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2511 (2020) lena léirítear imní maidir leis na dúshláin leanúnacha pholaitiúla, slándála, eacnamaíocha agus daonnúla in Éimin, agus lena n-iarrann sí arís ar na páirtithe uile in Éimin a gcuid difríochtaí a réiteach trí idirphlé agus comhairliúchán. |
(3) |
I Rún 2511 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (Rún UNSC), cuirtear i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le cúnamh daonnúil a éascú agus foráiltear go bhféadfaidh an Coiste a bunaíodh le mír 19 de Rún UNSC 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar bhonn cás ar chás, aon ghníomhaíocht a dhíolmhú ó na bearta smachtbhannaí arna bhforchur ag an gComhairle Slándála i Rún UNSC 2140 (2014) agus i Rún UNSC 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe má dhéanann an Coiste cinneadh go bhfuil gá le díolúine den sórt sin chun obair na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile atá comhsheasmhach le cuspóirí na Rún sin. |
(4) |
Dearbhaítear freisin le Rún UNSC 2511 (2020) go bhféadfadh foréigean gnéasach i gcoinbhleacht armtha, nó earcú nó úsáid leanaí i gcoinbhleacht armtha de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, a bheith ina ghníomh, mar a shonraítear i mír 18(c) de Rún UNSC 2140 (2014) agus, dá bhrí sin, ina ghníomh insmachtbhannaithe arb é atá ann dul i mbun gníomhartha nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhartha lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Éimin i mbaol, mar a thuairiscítear i mír 17 den Rún sin. |
(5) |
Tá gá lena thuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe atá sa Chinneadh seo a chur chun feidhme. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/932/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2a(1), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (c):
|
(2) |
in Airteagal 2b(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(3) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 6a De mhaolú ar na bearta a fhorchuirtear le Rún UNSC 2140 (2014) agus Rún UNSC 2216 (2015), ar choinníoll gur chinn an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás gur gá díolúine chun obair na Náisiún Aontaithe agus obair eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile atá comhsheasmhach le cuspóirí na Rún sin, tabharfaidh údarás inniúil na mBallstát an t-údarú is gá.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Aibreán 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin (IO L 365, 19.12.2014, lch. 147).