Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0489

Cinneadh (CBES) 2020/489 ón gcomhairle an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

ST/6754/2020/INIT

IO L 105, 3.4.2020, pp. 3–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/01/2025: This act has been changed. Current consolidated version: 15/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/489/oj

3.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 105/3


CINNEADH (CBES) 2020/489 ÓN GCOMHAIRLE

an 2 Aibreán 2020

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) agus Airteagal 33 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé ríthábhachtach saothar an Aontais i normálú an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv (*1) agus saothar an Aontais sna Balcáin Thiar a threisiú.

(2)

Ba cheart Ionadaí Speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar a cheapadh ar feadh tréimhse 12 mhí.

(3)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Leis seo, ceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar ón 2 Aibreán 2020 go dtí an 31 Márta 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, ar bhonn measúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar bhonn togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí).

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

Maidir le sainordú ISAE, beidh sé bunaithe ar na cuspóirí beartais seo a leanas de chuid an Aontais sna Balcáin Thiar agus beidh sé i gcomhréír le beartais bhunaithe an Aontais:

(a)

ar an gcéad dul síos agus go príomha, normalú cuimsitheach ar an gcaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a bhaint amach, ar ní é atá croílárnach ina gconair Eorpacha faoi seach;

(b)

dea-chaidreamh comharsanachta a fheabhsú agus athmhuintearas a chur chun cinn freisin;

(c)

feabhas a chur ar infheictheacht agus éifeachtacht an Aontais trí thaidhleoireacht phoiblí;

(d)

rannchuidiú le haontas, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais sna Balcáin Thiar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 3

Sainordú

Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

a mhéid a bhaineann le croílár an tsainordaithe, an t-idirphlé idir Béalgrád agus Pristine a éascú thar ceann an Ardionadaí, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus obair a dhéanamh ar normalú cuimsitheach an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv trí chomhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt i gcrích lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna uile idir na páirtithe atá fós gan réiteach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus rannchuidiú leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus faireachán a dhéanamh ar obair na bpáirtithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe a baineadh amach san am atá caite faoi chuimsiú an idirphlé a d’éascaigh an tAontas, agus cúnamh a thabhairt don obair sin de réir mar is gá;

(b)

ina theannta sin, de réir mar is iomchuí, obair a dhéanamh ar dea-chaidreamh comharsanachta agus athmhuintearas a fheabhsú idir na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar, lena gcabhrófar le hoidhreacht an ama atá caite a shárú;

(c)

saothrú go gníomhach éifeachtacht agus infheictheacht an Aontais sna Balcáin Thiar a fheabhsú trí thaidhleoireacht phoiblí chomh maith le luachanna an Aontais agus clár oibre níos leithne an Aontais don réigiún a chur in iúl agus a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí, ar nithe iad lena rannchuidítear le tuiscint níos leithne ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas, agus le tacaíocht níos leithne a thabhairt dóibh;

(d)

oibriú ar bhealach comhordaithe comhleanúnach le hiarrachtaí uile an Aontais agus le beartais fhoriomlána an Aontais i dtaca leis an réigiún, chomh maith le toscaireachtaí an Aontais, oifigí an Aontais agus go háirithe ISAEnna eile sna Balcáin Thiar, agus dlútheagmháil a choimeád ar bun leis na Ballstáit.

(e)

tacú le hobair an Ardionadaí agus le gníomhaíochtaí an Aontais sa réigiún.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Maidir leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) coimeádfaidh sé nasc pribhléideach le ISAE ar bun agus is é a bheidh ann príomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Soláthróidh CPS treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhordú agus i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na ranna ábhartha di.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 1 200 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 2 Aibreán 2020 go dtí an 31 Márta 2021 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

Airteagal 6

An fhoireann a chur le chéile agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha sainordúISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is é an Ballstát, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, (an t-“údarás seolta”) a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Ballstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.

3.   An pearsanra uile atá ar iasacht, fanfaidh siad faoi údarás riaracháin an údaráis seolta, agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus gníomhóidh siad chun leasa shainordú ISAE.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus foireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú an mhisin a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh toscaireachtaí agus oifigí an Aontais nó na Ballstáit, nó iad ar aon, de réir mar is iomchuí, an Coimisiún agus Ardrúnaíocht na Comhairle, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus ar bhonn staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála agus plean teagmhais agus aslonnaithe misin;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar dhul cinn agus na dtuarascálacha ar chur chun feidhme an tsainordaithe.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha ar fáil go rialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. Féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú agus comhchuibheas

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú de réir mar is iomchuí le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, ISAE don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin, ISAE sa Chosaiv, agus Misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) sa réigiún, gan dochar do shainchumais an Choimisiuin, Ceann Toscaireachta ISAE agus Cheann Oifige ISAE. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí agus oifigí an Aontais.

2.   Ar an láthair, leanfaidh ISAE d’idirchaidreamh a chothú go dlúth le Cinn thoscaireachtaí agus oifigí an Aontais sa réigiún agus le Cinn Mhisin na mBallstát. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 13

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2020 agus tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 31 Eanáir 2021.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún UNSC 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


Top