Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0457

Cinneadh (AE) 2020/457 ón gComhairle an 27 Márta 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas Phoblacht na Seirbia leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

ST/6679/2020/INIT

IO L 97, 30.3.2020, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/457/oj

30.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 97/12


CINNEADH (AE) 2020/457 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Márta 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas Phoblacht na Seirbia leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”), i gcrích trí bhíthin Chinneadh 96/88/CE (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse trí bliana.

(2)

De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar dhá bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise dhá bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 10 Meitheamh 2019 (2) agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

De bhun Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile cur isteach ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.

(4)

An 1 Márta 2012, thug an Chomhairle Eorpach stádas iarrthóra don tSeirbia.

(5)

An 23 Eanáir 2020, rinne Poblacht na Seirbia iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gCoinbhinsiún.

(6)

Táirgeoir mór grán is ea Poblacht na Seirbia, go háirithe an t-arbhar Indiach.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú óir tá aontachas na Seirbia chun leas an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán aontachas Phoblacht na Seirbia leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a fhormheas.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/813 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh síneadh a thabhairt don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (IO L 133, 21.5.2019, lch. 19).


Top