Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0392

Cinneadh (AE) 2020/392 ón gcomhairle an 5 Márta 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia agus an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta sin

ST/8974/2019/INIT

IO L 75, 11.3.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/392/oj

Related international agreement

11.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 75/1


CINNEADH (AE) 2020/392 ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Márta 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia agus an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún agus don chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1332 ón gComhairle (2) , síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta (“an Prótacal”) an 31 Iúil 2019, faoi réir a dtabhairt i gcrích ar dháta is déanaí.

(2)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, aisghairtear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialtas Phoblacht na Gaimbia maidir le hiascaireacht amach ó Ghaimbia (3), a tháinig i bhfeidhm an 2 Meitheamh 1987.

(3)

Tá an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

(4)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a fhormheas.

(5)

Le hAirteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, bunaítear an Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. De bhun an Airteagail sin agus de bhun Airteagal 5, 6 agus 8 den Phrótacal, tá an Comhchoiste in ann modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh. D’fhonn formheas na modhnuithe sin a éascú, ba cheart a údarú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(6)

Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal. Glacfar leis na modhnuithe atá beartaithe mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in Coreper i gcoinne na modhnuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7)

Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia agus an Prótacal i dtaca leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a Chur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia. (4)

Airteagal 2

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údarófar don Choimisiún na modhnuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus in Airteagal 16 den Phrótacal.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. ĆORIĆ


(1)  Toiliú an 18 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1332 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an Chomhphobal Eorpach agus Poblacht na Gaimbia agus an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta sin (IO L 208, 8.8.2019, lch.1).

(3)   IO L 146, 6.6.1987, lch. 3.

(4)  Foilsíodh téacsanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail in IO L 208, 8.8.2019, lch.3, mar aon leis an gcinneadh maidir leis an síniú.


IARSCRÍBHINN

An nós imeachta maidir le formheas a dhéanamh ar na modhnuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste

I gcás ina n-iarrtar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 8 den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad luath go leor roimh ré.

(3)

Déanfaidh Coreper measúnú ar chomhréireacht na modhnuithe atá beartaithe leis na critéir a leagtar síos i bpointe (1) den Iarscríbhinn seo.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) CAE, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe a thionólfar leis an nGaimbia ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2) go (4), chun go gcuirfear eilimintí nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

I dtaca le hábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 nó 8 de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais sheanbhunaithe.


Top