Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0272

    Cinneadh (AE) 2020/272 ón gComhairle an 20 Feabhra 2020 i dtaca le siniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus agus Poblacht na Séiséal agus a phrótacal cur chun feidhme (2020-2026)

    ST/5242/2020/INIT

    IO L 60, 28.2.2020, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/272/oj

    Related international agreement

    28.2.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 60/3


    CINNEADH (AE) 2020/272 ÓN GCOMHAIRLE

    an 20 Feabhra 2020

    i dtaca le siniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus agus Poblacht na Séiséal agus a phrótacal cur chun feidhme (2020-2026)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Iúil 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún idirbheartaíocht a thosú le Poblacht na Séiséal ("na Séiséil"), d'fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (an "Comhaontú Comhpháirtíochta"), agus prótacal chur chun feidhme a ghabhann leis ("an Prótacal") a thabhairt i gcrích.

    (2)

    Tugadh an chaibidilíocht i gcrích go rathúíl an 22 Deireadh Fómhair 2019 nuair a rinneadh an Comhaontú agus an Prótacal a inisiliú.

    (3)

    Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal (1), comhaontú a tháinig i bhfeidhm an 2 Samhain 2007 ar feadh tréimhse sé bliana agus a rinneadh a athnuachan go hintuigthe, agus dá bhrí sin, is comhaontú é atá fós i bhfeidhm.

    (4)

    Síniodh an prótacal is déanaí lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2) an 18 Nollaig 2013 agus cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ón 18 Eanáir 2014. Chuaigh an prótacal sin in éag an 17 Eanáir 2020.

    (5)

    Is é is cuspóir don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus don Phrótacal cur ar chumas an Aontais agus Phoblacht na Séiséal oibriú níos dlúithe le chéile chun forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Séiséal agus san Aigéan Indiach a éascú ar bhealach freagrach, agus chun tacú le dálaí córa oibre in earnáil na hiascaireachta san am céanna.

    (6)

    Ba cheart go dtiocfadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal agus an ghá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir.

    (7)

    Chun go mbeidh soithí an Aontais in ann leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ar iad a shíniú.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal ("an Comhaontú Comhpháirtíochta") agus an Prótacal i dtaca leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a Chur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2020-2026) ("an Prótacal"), faoi réir thabhairt i gcrích na n‐ionstraimí sin (3).

    Airteagal 2

    Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích.

    Airteagal 3

    Cuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm (4).

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Feabhra 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. DIVJAK


    (1)  IO L 290, 20.10.2006, lch. 2.

    (2)  Protacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (IO L 4, 9.1.2014, lch. 3).

    (3)  Féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo.

    (4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top