Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2176

RIALACHÁN (AE) 2019/2176 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/77/2019/REV/1

IO L 334, 27.12.2019, pp. 146–154 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2176/oj

27.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

146


RIALACHÁN (AE) 2019/2176 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 8 Lúnasa 2014 maidir le misean agus eagrú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, scrúdú ar Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 chun a chinneadh ar ghá misean agus eagrúchán an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) a athbhreithniú. Lena chois sin, rinneadh athbhreithniú ar na módúlachtaí maidir le hainmniú Chathaoirleach BERS.

(2)

Is é an chonclúid ar thángthas uirthi in anailís an Choimisiúin ar éifeachtaí a ghabhann lena thogra don Rialachán seo ná gur gá pointí áirithe a fheabhsú, cé go bhfuil BERS ag feidhmiú go maith ar an iomlán.

(3)

Leis na hathruithe institiúideacha a rinneadh le déanaí maidir leis an aontas baincéireachta, in éineacht na n-iarrachtaí a rinneadh chun aontas margaí caipitil a thógáil, agus an t-athrú teicniúil, tá athrú tagtha iarbhír ar an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BERS ó cuireadh tús leis. Ba cheart do BERS cuidiú chun rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas a chosc nó a mhaolú agus ar an gcaoi sin bhainfí amach cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh. Is cuid dhílis den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais é formhaoirseacht stuamachta an Aontais ar an macraileibhéal a dhéantar ar an gcóras airgeadais. Socruithe institiúideacha ar féidir leo na rioscaí stuamachta ar an micrileibhéal agus ar an macraileibhéal a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, is féidir a áirithiú leo go bhfuil dóthain muiníne ag na geallsealbhóirí uile dul i mbun gníomhaíochtaí airgeadais, go háirithe gníomhaíochtaí trasteorann. Trí fhreagairtí beartais tráthúla comhsheasmhacha ar rioscaí sistéamacha sainaitheanta a chur chun cinn i measc na mBallstát, ba cheart do BERS cuidiú le héagsúlacht sa chur chuige a chosc agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(4)

Is mór an buntáiste é go bhfuil réimse leathan comhaltaí ar Bhord Ginearálta BERS (“an Bord Ginearálta”). Mar sin féin, níl ballraíocht an Bhoird Ghinearálta sin curtha in oiriúint do na hathruithe a rinneadh le déanaí i gcóras maoirseachta airgeadais an Aontais, agus go háirithe cruthú aontais baincéireachta. Ar an gcúis sin, ba cheart Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála. Ba cheart coigeartuithe ar an dul céanna a dhéanamh ar Choiste Comhairleach Teicniúil BERS (“an Coiste Comhairleach Teicniúil”).

(5)

Tá cathaoirleacht déanta ag Uachtarán BCE ar BERS ó bunaíodh é, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 go dtí an 15 Nollaig 2015 agus ar bhonn eatramhach ina dhiaidh sin. Le linn na tréimhse sin, tá údarás agus creidiúnacht tugtha ag Uachtarán BCE agus do BERS agus tá sé áirithithe ag Uachtarán BCE gurbh fhéidir le BERS tógáil go héifeachtach ar bhonn shaineolas BCE i réimse na cobhsaíochta airgeadais agus bheith ag brath air. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaidh Uachtarán BCE cathaoirleacht ar BERS ar bhonn buan.

(6)

Tá BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an gcóras airgeadais san Aontas agus cuidíonn sé le rioscaí sistéamacha a chosc nó a mhaolú san Aontas ina iomláine nó i gcodanna de, lena n-áirítear rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a aithint agus a phlé, beag beann ar fhoinse na rioscaí sin. D’fhéadfadh impleachtaí don chobhsaíocht airgeadais a bheith ag dálaí airgeadaíochta agus is faoi shainordú formhaoirseachta BERS ar an macraileibhéal atá sé na himpleachtaí sin a phlé agus neamhspleáchas na mbanc ceannais á urramú go hiomlán. Táthar BERS freagrach freisin as faireachán agus measúnú a dhéanamh ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as forbairtí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leibhéal earnála nó ar leibhéal an chórais airgeadais ina iomláine, lena n-áirítear rioscaí agus leochaileachtaí a thagann as athrú teicneolaíochta nó as fachtóirí comhshaoil nó sóisialta. Lena chois sin, ba cheart do BERS anailís a dhéanamh ar fhorbairtí lasmuigh den earnáil baincéireachta, lena n-áirítear na forbairtí sin as a dtiocfaidh cur i gcrích aontas na margaí caipitil.

(7)

Tá comhaltaí an Bhoird Ghinearálta go léir le chéile freagrach as misean, cuspóirí agus cúraimí BERS a bhaint amach. Tá na comhaltaí uile freagrach freisin as dul i gcion ar clár oibre BERS agus as bheith gníomhach ag cuidiú lena ghnáthobair, lena n-áirítear trí aird chomhaltaí eile an Bhoird Ghinearálta a tharraingt ar ábhair ábhartha.

(8)

Chun gur sofheicthe BERS, ba cheart do Chathaoirleach BERS a bheith in ann cúraimí, amhail cúraimí a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach ar BERS, a tharmligean chuig an gcéad Leas-Chathaoirleach nó, i gcás nach mbeadh an chéad Leas-Chathaoirleach ar fáil agus i gcás inarb iomchuí, chuig an dara Leas-Chathaoirleach ná do cheann Rúnaíocht BERS. Níor cheart a bheith cuimsithe le tarmligean den sórt sin rannpháirtíocht in éisteachtaí poiblí agus i bpléití i seomraí iata i bParlaimint na hEorpa.

(9)

Chun foráil a dhéanamh don tsolúbthacht maidir le roghnú chomhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a n-ionadaí vótála ag a mbeidh cead vótála a roghnú idir Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta agus ionadaí ardleibhéil ó údarás atá ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), i gcás ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta. An tsolúbthacht sin maidir le roghnú chomhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála, ní dhéanann sí difear do Bhallstáit inar údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an banc ceannais náisiúnta. Chun tionchar polaitiúil a sheachaint, níor cheart feidhm i rialtas lárnach Ballstáit a bheith ag comhalta ar bith den Bhord Ginearálta.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, is iad comhaltaí Chomhairle Ghinearálta BCE a thoghann céad Leas-Chathaoirleach BERS go dtí seo, agus is astu sin a thoghtar é nó í, ag féachaint don ghá atá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit san iomlán agus idir na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus iad siúd nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Tar éis chruthú an aontais baincéireachta, is iomchuí tagairt do na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (8) atá páirteach san Aontas Baincéireachta agus dóibh siúd nach bhfuil páirteach ann a chur in ionad na tagartha do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus dóibh siúd nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Ba cheart gurb iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála a thoghfaidh an chéad Leas-Chathaoirleach as a gcomhaltaí féin, rud a léireoidh go bhfuil níos mó solúbthachta ann maidir le comhaltas an Bhoird Ghinearálta.

(11)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle (9), foráiltear go bhfuil ceann Rúnaíocht BERS le ceapadh ag BCE, i gcomhairle leis an mBord Ginearálta. Chun próifíl cheann Rúnaíocht BERS a mhéadú, ba cheart don Bhord Ginearálta a mheasúnú, i nós imeachta oscailte trédhearcach, i dtaobh an bhfuil na tréithe agus an taithí is gá chun Rúnaíocht BERS a bhainistiú ag na hiarrthóirí ar an ngearrliosta le haghaidh phost cheann Rúnaíocht BERS. Ba cheart do BCE breithniú a dhéanamh ar an nós imeachta roghnúcháin a oscailt go córasach d’iarrthóirí seachtracha. Ba cheart don Bhord Ginearálta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin nós imeachta measúnaithe. Ina theannta sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar chúraimí cheann Rúnaíocht BERS.

(12)

Ós rud é gur ionchorpraíodh Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ba cheart Airteagal 9(5) den Rialachán sin a leasú.

(13)

Chun costais a laghdú agus éifeachtúlacht nós imeachta a fheabhsú, ba cheart líon na n-ionadaithe ón gCoimisiún sa Choiste Comhairleach Teicniúil a laghdú ó bheirt ionadaithe, mar atá faoi láthair, go hionadaí amháin.

(14)

Ba cheart BCE a chur isteach mar sheolaí féideartha i leith rabhaidh agus mholtaí BERS i dtaca leis na cúraimí a thugtar dó i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Ba cheart údaráis réitigh arna n-ainmniú ag Ballstáit de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an Bord Réitigh Aonair a chur isteach mar sheolaithe féideartha freisin.

Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 go dtarchuirtear na rabhaidh agus moltaí sin chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus, i gcás ina ndírítear iad chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (dá ngairtear le chéile anseo feasta “na ÚMEnna”). Chun smacht daonlathach agus trédhearcacht a dhaingniú, ba cheart rabhaidh agus moltaí BERS a tharchur freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na ÚMEnna. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Bhord Ginearálta a cheangal go dtabharfar comhaontú i gcrích chun rúndacht a áirithiú nuair a bheidh rabhaidh nó moltaí rúnda nó neamhphoiblí á dtarchur.

(15)

Comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh, ba cheart dóibh a bheith in ann an fhaisnéis a fhaigheann siad ó BERS a úsáid agus iad i mbun a gcúraimí agus i ndáil le cúraimí BERS, lena n-áirítear chun a gcúraimí reachtúla a fheidhmiú.

(16)

Ba cheart do BERS éascú a dhéanamh ar roinnt na faisnéise i measc údaráis náisiúnta nó comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais agus comhlachtaí an Aontais, ar faisnéis í a bhaineann le bearta arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach ar fud chóras airgeadais an Aontais.

(17)

Chun cáilíocht agus ábharthacht tuairimí, moltaí, rabhadh agus cinntí de chuid BERS a áirithiú, táthar ag súil go rachaidh an Coiste Comhairleach Teicniúil agus an Choiste Comhairleach Eolaíoch i gcomhairle le geallsealbhóirí, i gcás inarb iomchuí, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach, agus déanamh amhlaidh a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar a áirithiú.

(18)

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar mhisean agus ar eagrú BERS, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, samhlacha eile institiúideacha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhreithniú. Ba cheart dó freisin breithniú an leanann an chothromaíocht idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad de bheith iomchuí in eagrú BERS.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ riosca go mbeidh suaitheadh ann sa chóras airgeadais, ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige d’fhíorgheilleagar an Aontais nó d’fhíorgheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais, margaidh airgeadais agus bonneagair airgeadais a bheith suntasach go sistéamach.”;

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Nuair a rachfar i gcomhairle leis faoi cheapadh cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle (*1), déanfaidh an Bord Ginearálta measúnú, tar éis nós imeachta oscailte trédhearcach, i dtaobh an bhfuil na cáilíochtaí, an neamhchlaontacht agus an taithí is gá chun an Rúnaíocht a bhainistiú ag na hiarrthóirí ar an ngearrliosta le haghaidh phost cheann na Rúnaíochta. Cuirfidh an Bord Ginearálta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas le mionsonraí leordhóthanacha faoin nós imeachta measúnaithe agus comhairliúcháin.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 162).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Agus treoracha á dtabhairt do cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle, féadfaidh an Cathaoirleach agus an Coiste Stiúrtha aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú na Rúnaíochta ó lá go lá;

(b)

aon saincheisteanna riaracháin agus buiséadacha a bhaineann leis an Rúnaíocht;

(c)

comhordú agus ullmhú obair agus chinnteoireacht an Bhoird Ghinearálta;

(d)

ullmhú thogra chlár bhliantúil BERS agus a chur chun feidhme;

(e)

ullmhú na tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí BERS agus an tuairiscithe chuig an mBord Ginearálta maidir le cur chun feidhme an chláir bhliantúil.”;

(3)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Déanfaidh Uachtarán BCE cathaoirleacht ar BERS.

2.   Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála a thoghfaidh an chéad Leas-Chathaoirleach as a gcomhaltaí féin le haghaidh téarma cúig bliana, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (*2) agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Féadfar an chéad Leas-Chathaoirleach a atoghadh uair amháin.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Déanfaidh an Cathaoirleach ionadaíocht sheachtrach ar BERS. Féadfaidh an Cathaoirleach cúraimí a tharmligean, amhail cúraimí a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach ar BERS, lena n-áirítear an clár oibre a chur i láthair, don chéad Leas-Chathaoirleach, nó mura bhfuil an chéad Leas-Chathaoirleach ar fáil agus i gcás inarb iomchuí, don dara Leas-Chathaoirleach nó do cheann na Rúnaíochta. Ní fhéadfar cúraimí a bhaineann le cuntasacht BERS agus oibleagáidí BERS maidir le tuairisciú, a leagtar amach in Airteagal 19(1), (4) agus (5) a tharmligean.”;

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Ballstáit nach bhfuil an banc ceannais náisiúnta ina údarás ainmnithe iontu de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta, féadfaidh siad, de rogha air sin, ionadaí ardleibhéil ó údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a roghnú.

(*3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ionadaí ón gCoimisiún;”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

faoi réir cinneadh gach Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 agus i gcomhréir le mír 3, ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó údarás náisiúnta a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a stiúradh, nó ón mbanc ceannais náisiúnta, mura rud é nach é Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta comhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus sa chás sin comhalta an Bhoird Ghinearálta gan cearta vótála a bheidh san ionadaí ardleibhéil ó bhanc ceannais náisiúnta;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(c)

Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE;

(d)

Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na hionadaithe ardleibhéil faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é gur chomhaontaigh údaráis náisiúnta Ballstáit áirithe ar ionadaí comhchoiteann.”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha, nó nuair a bheidh siad i mbun aon ghníomhaíocht eile a bhaineann le BERS, comhlíonfaidh comhaltaí BERS a ndualgais go neamhchlaonta agus d’aon toisc ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine. Ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas, ó institiúidí an Aontais ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm i rialtas lárnach Ballstáit ag comhalta ar bith den Bhord Ginearálta (bíodh vóta ag an gcomhalta sin nó ná bíodh).”;

(6)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Ní dochar an mhír seo do na pléití rúnda ó bhéal a tionóladh i gcomhréir le hAirteagal 19(5).”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   Féadfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh, ina gcáil mar chomhaltaí BERS, faisnéis a thabhairt d’údaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais nó le socruithe náisiúnta, ar faisnéis í a bhaineann le déanamh na gcúraimí atá de chúram ar BERS agus atá riachtanach chun cúraimí reachtúla na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin a fheidhmiú, ar choinníoll go mbunófar a dhóthain cosaintí chun lán-urraim ar dhlí ábhartha an Aontais agus ar shocruithe náisiúnta a áirithiú.

2b.   I gcás ina dtagann faisnéis ó údaráis eile seachas na húdaráis dá dtagraítear i mír 2a, ní dhéanfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh an fhaisnéis sin a úsáid chun a gcúraimí reachtúla a fheidhmiú ach amháin le comhaontú follasach na n-údarás sin.”;

(7)

leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás inarb iomchuí, féadfar a iarraidh ar ionadaithe ardleibhéil ó eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheolann gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le cúraimí BERS a leagtar amach in Airteagal 3(2), nó ar uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó ar a hionadaithe ar ábhair a bhaineann le dlí an Aontais i réimse an bheartais macrastuamachta freastal ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfar rannpháirtíocht in obair BERS a bheith oscailte d’ionadaithe ardleibhéil ó na húdaráis ábhartha ó thríú tíortha nuair is ábhartha sin don Aontas. Féadfaidh BERS socruithe a dhéanamh lena sonrófar, go háirithe, cineál, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair BERS. Féadfar foráil a dhéanamh le socruithe den sórt sin maidir le hionadaíocht, ar bhonn ad hoc, mar bhreathnadóir, ar an mBord Ginearálta agus níor cheart baint a bheith ag na socruithe sin ach amháin le nithe atá ábhartha don Aontas, gan aon chás a áireamh ina bhféadfar plé a bheith ann faoi staid institiúidí airgeadais aonair nó staid Bhallstáit aonair.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Beidh imeachtaí na gcruinnithe rúnda. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh tuairisc phoiblí a thabhairt ar an bplé, faoi réir ceanglais ábhartha rúndachta agus ar bhealach nach mbeifear in ann comhaltaí aonair an Bhoird Ghinearálta nó institiúidí aonair a aithint uaithi. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh preasagallaimh a reáchtáil i ndiaidh a chruinnithe”;

(8)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE atá freagrach as an gcobhsaíocht airgeadais agus as an mbeartas macrastuamachta,”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ceithre chomhalta náisiúnta den Bhord Ginearálta ag a bhfuil cearta vótála, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótala a thoghfaidh na comhaltaí sin as a gcomhaltaí féin, le haghaidh tréimhse trí bliana;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ionadaí ón gCoimisiún;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Roimh gach cruinniú den Bhord Ginearálta, agus uair sa ráithe ar a laghad, eagróidh an Cathaoirleach agus an chéad Leas-Chathaoirleach go comhpháirteach na cruinnithe den Choiste Stiúrtha. Féadfaidh an Cathaoirleach agus an chéad Leas-Chathaoirleach cruinnithe ad hoc a eagrú chomh maith.”;

(9)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus de 15 saineolaí a bheidh ionadaíoch do raon leathan scileanna, taithí agus eolais a bhaineann le hearnálacha ábhartha uile na margaí airgeadais, arna moladh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna bhformheas ag an mBord Ginearálta le haghaidh tréimhse oifige inathnuaite ceithre bliana. Ní bheidh na hainmnithigh ina gcomhaltaí de na ÚMEnna agus roghnófar iad ar bhonn a n-inniúlachta ginearálta mar aon lena dtaithí ilchineálach i réimsí acadúla nó in earnálacha eile, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide nó i gceardchumainn, nó mar sholáthraithe nó tomhaltóirí seirbhísí airgeadais.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an bheirt Leas-Chathaoirleach den Choiste Chomhairleach Eolaíoch tar éis do Chathaoirleach BERS iad a mholadh agus beidh ardleibhéal saineolais agus eolais ábhartha acu faoi seach, mar shampla de bhua a gcúlra ábhartha acadúil agus gairmiúil in earnáil na baincéireachta, in earnáil na margaí urrúis, nó in earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde. Socrófar ról Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíochta ar bhonn uainíochta idir an triúr sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5), arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó an don Bhord Ginearálta.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.”;

(10)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

ionadaí ón gCoimisiún;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(fa)

ionadaí ó Bhord Maoirseachta BCE;

(fb)

ionadaí ón mBord Réitigh Aonair;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5) arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó don Bhord Ginearálta.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

Foinsí eile comhairle

Le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a dhéanamh, rachaidh BERS, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha san earnáil phríobháideach. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.”;

(12)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Sula ndéanfar gach iarraidh ar fhaisnéis de chineál maoirseachta nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, rachaidh BERS i gcomhairle go cuí leis an Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach. Má mheasann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach ábhartha nach bhfuil údar maith leis an iarraidh agus nach bhfuil sí comhréireach, cuirfidh sé an iarraidh ar ais, gan mhoill, chuig BERS agus iarrfaidh sé údar breise. Tar éis do BERS an t-údar sin a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha, déanfaidh na seolaithe ar díríodh an iarraidh chucu an fhaisnéis a iarrtar a tharchur chuig BERS, ar choinníoll go mbeidh rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.”;

(13)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le rabhaidh nó moltaí arna n-eisiúint ag BERS i gcomhréir le pointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus díreofar iad, go háirithe, chuig an Aontas nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ÚME amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, nó chuig údarás náisiúnta amháin nó níos mó atá ainmnithe chun bearta a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach nó riosca ar an macraileibhéal, nó chuig BCE i gcás na gcúraimí a tugadh do BCE i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, chuig údaráis náisiúnta réitigh atá ainmnithe ag Ballstáit de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) nó chuig an mBord Réitigh Aonair. Más rud é go mbeidh rabhadh nó moladh dírithe chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfear an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis freisin. Áireofar sna moltaí amlíne shonraithe le haghaidh na freagartha beartais. Féadfar moltaí a dhíriú freisin chuig an gCoimisiún i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

(*6)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   An tráth chéanna a dhéanfar na rabhaidh agus na moltaí a tharchur chuig na seolaithe i gcomhréir le mír 2, déanfar iad a tharchur freisin, i gcomhréir le rialacha dochta rúndachta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na ÚMEnna. Nuair a bheidh rabhaidh nó moltaí rúnda nó neamhphoiblí á dtarchur, ceanglóidh an Bord Ginearálta, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar comhaontú i gcrích chun rúndacht a áirithiú.”;

(14)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Má dhírítear moladh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) chuig ceann de na seolaithe a liostaítear in Airteagal 16(2), cuirfidh an seolaí in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar fhreagairt ar an moladh agus tabharfaidh sé bunús le haon easpa gníomhaíochta uaidh. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, na freagraí a fuair sé a chur in iúl do na ÚMEnna gan mhoill.

2.   Má chinneann BERS nár gníomhaíodh de réir a mholta nó gur mhainnigh an seolaí nó na seolaithe údar leordhóthanach a thabhairt i leith na neamhghníomhaíochta, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na ÚMEnna lena mbaineann.”;

(15)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina gcinneann an Bord Ginearálta gan rabhadh ná moladh a phoibliú, déanfaidh na seolaithe agus, i gcás inarb iomchuí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na ÚMEnna na bearta go léir is gá chun rúndacht an rabhaidh nó an mholta sin a chosaint.”;

(16)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruachás forleathan airgeadais, tabharfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa cuireadh do Chathaoirleach BERS a bheith i láthair ag éisteacht i bParlaimint na hEorpa ag an tráth a fhoilsítear tuarascáil bhliantúil BERS do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar an éisteacht sin a sheoladh ar leithligh ón idirphlé airgeadaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Uachtarán BCE.

2.   Beidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis a chinnfidh an Bord Ginearálta a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil don phobal agus áireofar inti cuntas ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do BERS i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   Tabharfaidh BERS freagra ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air. Tabharfaidh sé freagra ar na ceisteanna sin gan moill mhíchuí. Nuair a tharchuirfear faisnéis rúnda, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa rúndacht iomlán na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le mír 5 den Airteagal seo.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

“Airteagal 20

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2024, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí BERS, faoinar gá athbhreithniú a dhéanamh ar mhisean nó eagrú BERS, ag féachaint do mhúnlaí eile a d’fhéadfadh a bheith air seachas a bhfuil ann faoi láthair.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 18 Nollaig 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)   IO C 120, 6.4.2018, lch. 2.

(2)   IO C 227, 28.6.2018, lch. 63.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Nollaig 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(6)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 162).

(10)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


Top