EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2152

Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n‐aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/81/2019/REV/1

IO L 327, 17.12.2019, p. 1–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2152/oj

17.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 327/1


RIALACHÁN (AE) 2019/2152 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n‐aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Go dtí seo, is ar bhonn roinnt gníomhartha dlí aonair a dhéantar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh na faisnéise staidrimh faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ghnólachtaí na mBallstát. Cumhdaítear leis na gníomhartha dlí sin an staidreamh gnó gearrthéarmach agus struchtúrach agus staidreamh i ndáil le táirgeadh, le trádáil in earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas (trádáil idirnáisiúnta), le fiontair chleamhnaithe choigríche, le taighde agus forbairt (T&F), le nuálaíocht agus le húsáid teicneolaíochtai faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus r‐thráchtáil. Ina theannta sin, bunaíodh creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh san Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

An struchtúr seo atá bunaithe ar ghníomhartha dlí aonair, ní sholáthraítear leis an chomhsheasmhacht a theastaíonn ar fud na réimsí staidrimh aonair, nó ní chothaítear leis cur chuige comhtháite ach oiread i leith staidreamh gnó a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart go gcuimseofaí i staidreamh gnó Eorpach staidreamh T&F in earnáil an ardoideachais, in earnáil an rialtais, agus san earnáil phríobháideach neamhbhrabúis. Ba cheart creat comhchoiteann dlíthiúil a bhunú chun comhsheasmhacht a áirithiú i staidreamh gnó Eorpach agus chun comhtháthú na bpróiseas comhfhreagrach staidrimh a éascú.

(3)

Próisis staidrimh atá níos comhtháite agus atá bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna mhodheolaíochta, ar shainmhínithe comhchoiteanna agus ar chritéir chomhchoiteanna cháilíochta, ba cheart go mbeadh mar thoradh orthu staidreamh comhchuibhithe i ndáil le struchtúr, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, idirbhearta agus feidhmíocht na hearnála gnó san Aontas, ar staidreamh é lena soláthraítear an leibhéal ábharthachta agus mionsonraí a theastaíonn chun freastal ar riachtanais úsáideoirí.

(4)

Tá sé i gceist ag Clár na nGrúpaí Eorpacha a chinntiú gur féidir treoir an Aontais, amhail Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (4), atá ábhartha maidir le staidreamh gnó Eorpach, a leanúint ar bhealach níos éifeachtúla, go háirithe maidir le fiontair uathrialacha a shainaithint, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Mholadh sin. Tá gá le Treoir ón Aontas den sórt sin chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht ghnó a chothú agus chun cothrom na Féinne a chruthú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá bunaithe san Aontas.

(5)

Is ábhartha maidir le staidreamh gnó Eorpach treoir idirnáisiúnta amhail Lámhleabhar Frascati a bhaineann le staidreamh T&F agus Lámhleabhar Osló a bhaineann le sonraí nuálaíochta agus comhaontuithe idirnáisiúnta arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe, ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta eile. Ba cheart treoir den sórt sin a leanúint a mhéid is féidir agus staidreamh Aontais á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh, agus ba cheart an treoir sin a leanúint laistigh den chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh , chun a áirithiú go mbeidh staidreamh an Aontais inchomparáide leis an staidreamh sin a thiomsaíonn príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais. Mar sin féin, ba cheart caighdeáin, comhaontuithe agus treoirlínte an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus sonraí le haghaidh staidreamh gnó Eorpach á bhailiú do thopaicí na n‐ionchur T&F agus na nuálaíochta.

(6)

Ba cheart an t‐ualach riaracháin a bhíonn ar chuideachtaí, go háirithe ar FBManna, a bheith chomh teoranta agus is féidir, agus oiread airde is féidir á thabhairt ar fhoinsí eile sonraí seachas suirbhéanna. Chun críche an t‐ualach ar fhiontair a mhaolú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann ceanglais dhifriúla i ndáil le sonraí a bhunú, ag brath ar mhéid gheilleagair ghnó na mBallstát agus ar an tábhacht a bhaineann leo.

(7)

Luadh i bhFís 2020 an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) gur cheart sonraí a bhaineann le réimsí difriúla staidrimh a úsáid ar mhaithe le hanailís níos fearr a dhéanamh ar fheiniméin atá ag teacht chun cinn (e.g. an domhandú) agus ar mhaithe le freastal ar bhealach níos fearr ar bheartais de chuid an Aontais lena ngabhann ardtionchar. Ba cheart an t‐aschur sonraí a bheith bunaithe ar phróisis éifeachtúla agus láidre staidrimh de chuid CSE. Mar gheall ar raon feidhme níos leithne an chreata chomhchoitinn dhlíthiúil do staidreamh gnó, ba cheart go mbeifí in ann próisis idirspleácha táirgthe a chomhtháthú, agus leas á bhaint as ilfhoinsí sonraí.

(8)

Is de bhun Chinneadh Uimh. 1297/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a mhair ón mbliain 2009 go 2013, a glacadh an clár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil, agus é mar aidhm aige cúnamh a thabhairt chun staidreamh a bhaineann le cúrsaí gnó agus trádála a oiriúnú do riachtanais nua sonraí agus chun an córas faoina dtáirgtear staidreamh gnó a choigeartú. Na conclúidí agus na moltaí a eascraíonn as an gclár sin maidir leis na tosaíochtaí agus na tacair nua táscairí, an creat do staidreamh a bhaineann le gnó a shruthlíniú, staidreamh faoin bhfiontraíocht agus faoin dtrádáil a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtúla agus nuachóiriú staidrimh ar thrádáil earraí laistigh den Aontas, ba cheart iad a aistriú go forálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí.

(9)

Tá gá ann le cur chuige níos solúbtha faoin chreat do staidreamh gnó Eorpach ionas gur féidir forbairtí modheolaíochta a oiriúnú agus freagairt thráthúil a thabhairt do riachtanais úsáideoirí sonraí atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil údar cuí leo, ar riachtanais iad atá ag teacht ón timpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú agus ón domhandú méadaitheach agus ón gcastacht mhéadaitheach atá ann sa tírdhreach gnó. Ba cheart anailís leordhóthanach costais is tairbhe a dhéanamh chun tacú le hoiriúnú den sórt sin, agus níor cheart costas ná ualach breise suntasach a leagan ar na Ballstáit ná ar fhreagróirí mar gheall ar na ceanglais nua i ndáil le sonraí.

(10)

Ba cheart ról na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a fheabhsú mar bhonneagar bunúsach le haghaidh sonraí faoi staidreamh gnó Eorpach a bhailiú agus a thiomsú. Ba cheart cláir ghnó staidrimh náisiúnta a úsáid mar an phríomhfhoinse faisnéise chun anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus ar dhéimeagrafaíocht an phobail gnó, chun an pobal suirbhéireachta a shainiú agus chun an nasc a bhunú le foinsí sonraí riaracháin.

(11)

Chun ról na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a áirithiú, ba cheart aitheantóir uathúil a bhunú agus a chur chun feidhme do gach aonad ábhartha.

(12)

Maidir le sonraí iontaofa tráthúla a úsáid chun cur síos ceart a dhéanamh ar na grúpaí fiontar atá i gClár na nGrúpaí Eorpacha, ba cheart déanamh amhlaidh trí chritéir chomhchuibhithe a úsáid agus trí nuashonrú rialta a dhéanamh ar na naisc rialaithe atá ann idir na haonaid dhlíthiúla atá mar chuid de na grúpaí fiontar.

(13)

Chun feabhas a chur ar a éifeachtúla atá próisis táirgthe staidrimh an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus chun an t‐ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta (ÚSNanna) gach taifead riaracháin náisiúnta a rochtain agus a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun staidreamh gnó Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17(a) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(14)

Is le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a sholáthraítear creat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach. Ceanglaítear leis go háirithe go gcomhlíonfar prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta, na hoibiachtúlachta, na hiontaofachta, na rúndachta staidrimh agus na héifeachtachta costais.

(15)

Ar mhaithe le staidreamh gnó náisiúnta nó Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh nó ar mhaithe le feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh gnó Eorpaigh, ba cheart malartú micreashonraí agus rochtain ar mhicreashonraí a thabhairt isteach i measc na nÚdarás Staidrimh Náisiúnta (ÚNSanna) a tháirgeann staidreamh gnó agus a choinníonn ar bun creat Eorpach do na cláir ghnó staidrimh. Ba cheart an malartú micreashonraí a theorannú do chásanna a bhfuil údar cuí leo, dá bhrí sin.

(16)

Má chruthaítear foinse bhreise sonraí atá bunaithe ar mhalartú micreashonraí faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas, agus má tá féidearthacht ann modheolaíochtaí nuálacha a úsáid, méadófar ar an tsolúbthacht a bheidh ar fáil do na Ballstáit le linn dóibh staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a thiomsú, rud a chumasóidh do na Ballstáit an t‐ualach freagartha ar ghnólachtaí a laghdú. Tá sé mar chuspóir leis an malartú staidreamh faoi thrádáil idirnáisiúnta earraí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar bhealach éifeachtúil nó feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh sin.

(17)

Is gá go ndéanfaí an fhaisnéis riachtanach staidrimh faoi shreafaí trádála na mBallstát le tríú tíortha agus go hilltaobhach a chur ar fáil don Choimisiún le linn comhaontuithe trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus tríú tíortha nó ar bhonn iltaobhach a chaibidil, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú.

(18)

Ba cheart dlúthnasc a choinneáil ar bun idir an córas um fhaisnéis staidrimh a bhailiú agus na foirmiúlachtaí fioscacha a bhaineann leis an gcáin bhreisluacha atá ann i gcomhthéacs na trádála earraí idir na Ballstáit. A bhuí leis an nasc sin, táthar in ann, go háirithe chun críche an staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas, onnmhaireoirí agus allmhaireoirí a shainaithint agus cáilíocht na faisnéise arna bailiú a sheiceáil.

(19)

Tá gluaiseacht trasteorann earraí go háirithe gluaiseachtaí as tríú tíortha agus chuig tíortha nach ballstáit iad, faoi réir maoirseacht chustaim dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Coinníonn údaráis chustaim faisnéis nó taifid a bhaineann le gluaiseachtaí den sórt sin nó bíonn rochtain acu ar fhaisnéis nó ar thaifid a bhaineann le gluaiseacht den sórt sin. Maidir leis an bhfaisnéis nó leis na taifid sin, ar nithe iad a bhaineann le dearbhuithe custaim nó atá bunaithe ar dhearbhuithe custaim, ba cheart iad a úsáid chun staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a tháirgeadh.

(20)

Chun staidreamh trádála idirnáisiúnta earraí a ullmhú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh sin, ba cheart do na ÚSNanna sna Ballstáit sonraí a mhalartú faoi allmhairí agus onnmhairí earraí a bhfuil na húdaráis chustaim i níos mó ná Ballstát amháin bainteach leo. Chun a áirithiú go mbeidh tiomsú an staidrimh comhchuibhithe, ba cheart malartú na micreashonraí sin idir na ÚSNanna a bheith sainordaitheach.

(21)

Chun cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh gnó Eorpaigh nó cuntais náisiúnta a chosaint, i gcomhréir le coincheapa agus modheolaíochtaí Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart malartú sonraí rúnda a cheadú idir ÚSNanna na mBallstát lena mbaineann, na bainc cheannais náisiúnta faoi seach, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Coimisiún (Eurostat) chun críocha staidrimh amháin.

(22)

Chun a chúraimí faoi na Conarthaí a chur i gcrích, go háirithe na cúraimí a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Choimisiún faisnéis atá iomlán, iontaofa agus cothrom le dáta a bheith aige faoin táirgeadh earraí agus seirbhísí san Aontas agus faoi shreafaí trádála idirnáisiúnta. Teastaíonn faisnéis den sórt sin ó fhiontair freisin ionas gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar ghné idirnáisiúnta na margaí sin.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit nó do na húdaráis náisiúnta inniúla iarracht a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar bhailiú na sonraí ó na gnólachtaí Eorpacha a shimpliú. Ba cheart do ÚSNanna na forbairtí digiteacha is déanaí a chur san áireamh tráth a mbeidh na hionstraimí agus na modheolaíochtaí do na sonraí don staidreamh a bhaileofar á mbunú agus ba cheart iad a spreagadh chun cur chuige nuálach a chur chun feidhme.

(24)

Chun táirgiúlacht na ngnólachtaí san Aontas a thomhas, tá gá ann le staidreamh gnó a sholáthar de réir earnáil gníomhaíochta. Rud sonrach, tá éileamh méadaitheach ann ar staidreamh i ndáil leis an earnáil seirbhísí, arb í an earnáil is dinimiciúla i ngeilleagair nua-aimseartha í, go háirithe i ndáil leis an acmhainneacht atá ag an earnáil sin fás a bhaint amach agus poist a chruthú agus an caidreamh atá ann idir í agus an earnáil déantúsaíochta á chur sna áireamh. Cuirtear feabhas breise ar an treocht sin trí sheirbhísí nua digiteacha a fhorbairt. Mar atá ráite sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le beartas comhtháite de chuid an AE i leith thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, tá méadú ag teacht freisin ar an éileamh ar staidrimh i dtaca le tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta (9). Is den riachtanas é go mbeadh ann staidreamh maidir le trádáil seirbhísí má táthar le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí agus ar an margadh aonair digiteach agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bacainní ar thrádáil seirbhísí.

(25)

Tá Rialachán Uimh. (CE) 223/2009 ina chreat tagartha don Rialachán seo, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí rúnda. Mar sin féin, fágann an leibhéal faisnéise sin, atá sách mionsonraithe i réimse an staidrimh maidir le trádáil idirnáisiúnta earraí, go dteastaíonn rialacha sonracha maidir le rúndacht. Ní mór d’allmhaireoir nó d’onnmhaireoir earraí iarraidh a chur faoi bhráid an ÚSN ionas nach nochtar torthaí staidrimh a dhéanfadh an t‐allmhaireoir nó an t‐onnmhaireoir sin a shainaithint go hindíreach. Ba cheart don Údarás Staidrimh Náisiúnta a mheas go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh i gcás ina ndéanfadh na torthaí staidrimh an t-allmhaireoir nó an t‐onnmhaireoir a shainaithint go hindíreach. Nuair nach amhlaidh atá, ba cheart go bhféadfadh an tÚdarás Staidrimh Náisiúnta na torthaí staidrimh a scaipeadh i bhfoirm a d’fhágfadh gur féidir an t‐allmhaireoir nó an t‐onnmhaireoir sin a shainaithint go hindíreach.

(26)

Má táthar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais i dtreo chomhlíonadh na spriocanna a leagadh síos sa straitéis Eoraip 2020, beidh staidreamh comhchuibhithe do gheilleagar an Aontais ag teastáil i ndáil leis an athrú aeráide agus éifeachtúlacht acmhainne, le T&F, le nuálaíocht, leis an tsochaí faisnéise a chuimsíonn gníomhaíochtaí margaidh agus gníomhaíochtaí neamh-mhargaidh araon, agus leis an tírdhreach gnó ina iomláine, go háirithe staidreamh i ndáil le déimeagrafaíocht agus fostaíocht gnó a bhaineann le gníomhaíochtaí margaidh. A bhuí le faisnéis den sórt sin, tig le lucht déanta beartas cinntí eolacha beartais a dhéanamh chun geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas agus nuálaíocht, d’fhonn rochtain níos fearr a thabhairt do FBManna ar an margadh inmheánach, d’fhonn fiontraíocht a chothú agus inbhuanaitheacht agus iomaíochas a fheabhsú.

(27)

Teastaíonn staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí nuálaíochta agus T&F chun forbairt agus faireachán a dhéanamh ar bheartais a bhfuil sé mar aidhm leo iomaíochas na mBallstát a neartú agus cur leis an acmhainneacht atá acu fás cliste a bhaint amach agus poist a chruthú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tosca tábhachtacha eile is bun leis an iomaíochas agus fás san Aontas is ea an méadú ar an ngeilleagar digiteach agus an úsáid mhéadaithe atá á baint as TFC, agus tá gá le sonraí chun tacú leis na straitéisí agus na beartais a bhaineann leis na réimsí sin, lena n‐áirítear comhlánú an mhargaidh aonair dhigitigh.

(28)

Bíonn gá freisin le staidreamh gnó chun cuntais náisiúnta agus réigiúnacha a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

(29)

Teastaíonn staidreamh iontaofa tráthúil chun tuairisc a thabhairt ar an bhforbairt eacnamaíoch i ngach Ballstát faoi chreat bheartas eacnamaíoch an Aontais. Teastaíonn staidreamh gearrthéarmach atá ar fail go tapa ó BCE chun gur féidir leis measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha sna Ballstáit faoi chuimsiú an bheartais aonair airgeadaíochta.

(30)

Agus an prionsabal á choimeád ar bun arb é staidreamh gnó a sholáthar i ndáil leis an ngeilleagar ar fad, ba cheart a chur san áireamh, a mhéid is féidir, sna ceanglais i ndáil le sonraí bearta simplithe a dhéanamh d’fhonn an t‐ualach ar na geilleagair ghnó i mBallstáit atá réasúnta beag a mhaolú, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Níor cheart do na ceanglais bhreise ualach riaracháin díréireach a leagan ar fhreagróirí.

(31)

Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta, amhail an tionscnamh um Malartú Sonraí agus Meiteashonraí Staidrimh (SDMX), agus caighdeáin staidrimh nó theicniúla arna bhforbairt laistigh de CSE, amhail caighdeáin mheiteashonraí agus bhailíochtaithe, ba cheart iad a úsáid a mhéid is ábhartha do staidreamh gnó Eorpach freisin. Rinne an Coiste um an CSE Caighdeán ó CSE maidir le Tuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart go rannchuideofaí leis na caighdeáin sin le dearbhú cáilíochta agus tuairisciú cáilíochta a chomhchuibhiú faoin Rialachán seo.

(32)

Chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn cineálacha na faisnéise staidrimh a leasú agus d’fhonn na mionsonraí don fhaisnéis staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chánach agus chustaim i gcomhréir le hIarscríbhinní V agus VI, faoi seach, a shonrú tuilleadh, agus d’fhonn leasú a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus sa Rialachán seo tríd an ráta clúdaigh a laghdú d’onnmhairí earraí laistigh den Aontas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca le mionsonraí na n‐athróga chomh maith leis an bhformáid, leis na bearta slándála agus rúndachta agus leis an nós imeachta do mhalartú sonraí rúnda chun críche an chreata Eorpaigh do na cláir gnó staidrimh, na socruithe maidir le hinneachar agus spriocamanna chun na tuarascálacha meitea-shonraí agus cáilíochta a tharchur, na caighdeáin maidir le tarchur sonraí agus meiteashonraí agus maoluithe ar cheanglais an Rialacháin seo nó ar na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlactar dá bhun. Chun na críche céanna, ba cheart cumhachtaí breise cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonrú na socruithe chun taifid áirithe riaracháin a sholáthar agus sonraí a bhaineann leo a mhalartú, mar aon leis na bearta agus an nós imeachta maidir le sonraí rúnda a mhalartú chun críche an staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas; sonraíochtaí na meiteashonraí ábhartha; an t‐amchlár; socruithe maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú agus a thiomsú faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas arna soláthar do na Ballstáit allmhairíochta; na socruithe maidir le ráta cumhdaigh na trádála iomláine onnmhairí earraí laistigh den Aontas a chur i bhfeidhm i dtaca leis an tréimhse tagartha, agus i ndáil leis na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis na heilimintí sonraí staidrimh le haghaidh na faisnéise staidrimh ar thrádáil earraí laistigh den Aontas a sholáthrófar don Bhallstát allmhairíochta agus na simplithe gaolmhara a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(34)

Nuair is iomchuí, ba cheart don Choimisiún anailís costais is tairbhe a dhéanamh agus a áirithiú nach leagfar aon chostas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar fhreagróirí, go háirithe ar FBManna, i ngeall ar aon ghníomh a chuirfidh sé ar aghaidh, agus aird á tabhairt ar na tairbhí a mheastar a bheidh ag na húsáideoirí, agus go méadaítear cáilíocht an staidrimh dá bharr.

(35)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann maoluithe a dheonú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó ó ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun, i gcás ina gcruthaíonn cur i bhfeidhm den sórt sin oiriúnuithe móra ar an gcóras staidrimh náisiúnta i mBallstát i dtéarmaí suirbhéanna breise a eagrú nó oiriúnuithe móra a dhéanamh ar a chóras táirgthe staidrimh chun freastal ar fhoinsí nua sonraí nó chun meascán sonraí difriúla a cheadú.

(36)

I gcás inar gá ceanglais nua sonraí nó ina bhfuil gá le feabhsúcháin a dhéanamh ar na tacair sonraí a chuimsítear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann treoirstaidéir a sheoladh a bheidh le déanamh ar bhonn deonach ag na Ballstáit. Mar thosaíocht, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann treoirstaidéir a sheoladh a chuimseoidh trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí, eastát réadach, táscairí airgeadais agus comhshaol agus aeráid.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú do staidreamh gnó Eorpach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr cúiseanna a bhaineann le comhchuibhiú agus inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(38)

Ba cheart go gcuirfí na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo in ionad na mbeart sin atá i Rialacháin (CE) Uimh. 48/2004 (12), (CE) Uimh. 638/2004 (13), (CE) Uimh. 808/2004 (14), (CE) Uimh. 716/2007 (15), (CE) Uimh. 177/2008, (CE) Uimh. 295/2008 (16) agus Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), i gCinneadh (CE) Uimh. 1608/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus i Rialacháin (CEE) Uimh. 3924/91 (19) agus (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle (20). Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhartha sin a aisghairm.

(39)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(40)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um CSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann dlíthiúil le haghaidh na nithe seo:

(a)

staidreamh gnó Eorpach, dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh;

(b)

an creat Eorpach do chláir ghnó staidrimh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Cumhdófar na nithe seo le staidreamh gnó Eorpach:

(a)

struchtúr, gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus feidhmíocht na n‐aonad staidrimh, a gcuid gníomhaíochtaí T&F agus nuálaíochta, an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus ríomhthráchtáil, mar aon le slabhraí luacha domhanda. Chun críche an Rialacháin seo, cuimseofar freisin i staidreamh gnó Eorpach staidreamh T&F in earnáil an ardoideachais, in earnáil an rialtais, agus san earnáil phríobháideach neamhbhrabúis;

(b)

táirgeadh earraí monaraithe agus seirbhísí agus an trádáil idirnáisiúnta in earraí agus seirbhísí.

2.   Cumhdófar leis an gcreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha, mar aon leis na malartuithe sonraí eatarthu, i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   Cuimseofar na nithe seo leis na cláir ghnó staidrimh náisiúnta dá dtagraítear i mír 2:

(a)

gach fiontar a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI), agus a n‐aonaid áitiúla;

(b)

na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh;

(c)

do na fiontair sin a bhfuil tionchar suntasach acu féin, de bharr a méide, agus ag a n‐aonaid phríomhghníomhaíochta (APGanna) ar na sonraí comhiomlánaithe (náisiúnta):

(i)

an APG agus méid gach APG a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh; nó,

(ii)

cód NACE gníomhaíochtaí tánaisteacha na bhfiontar sin mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) maidir le gníomhaíochtaí tánaisteacha na bhfiontar sin agus méid gach ceann de na ngníomhaíochtaí tánaisteacha sin;

(d)

grúpaí fiontar lena mbaineann na fiontair sin.

4.   Cuimseofar na haonaid seo a leanas i gClár na nGrúpaí Eorpacha, mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle (23):

(a)

gach fiontar a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an OTI agus ar cuid de ghrúpa fiontair ilnáisiúnta iad;

(b)

na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh;

(c)

grúpaí fiontar ilnáisiúnta lena mbaineann na fiontair sin.

5.   Ní thiocfaidh teaghlaigh faoi raon feidhme an chreata Eorpaigh do chláir ghnó staidrimh a mhéid gur dá dtomhaltas féin a bheidh na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, nó a mhéid a bhainfidh siad lena maoin féin a ligean amach ar cíos.

6.   Aonaid áitiúla d’fhiontair choigríche nach eintitis dhlíthiúla ar leithligh (craobhacha) iad agus atá aicmithe mar shamhailchorparáidí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, measfar iad a bheith ina bhfiontair chun críocha na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha.

7.   Sainaithneofar grúpaí fiontar trí na naisc rialaithe atá ann idir a n‐aonaid dhlíthiúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

8.   Nuair a bheidh tagairt á déanamh do chláir ghnó staidrimh náisiúnta agus do Chlár na nGrúpaí Eorpacha, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis na haonaid sin a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch go hiomlán nó go páirteach agus maidir le haonaid dhlíthiúla atá neamhghníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de ach ar cuid d’fhiontar iad i gcás ina bhfuil siad nasctha le haonaid dhlíthiúla atá gníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de.

9.   Chun críocha an chreata Eorpaigh do chláir ghnó staidrimh, measfar gur gníomhaíocht eacnamaíoch iad na nithe seo a leanas:

(a)

aon ghníomhaíocht lena dtairgtear earraí agus seirbhísí i margadh áirithe;

(b)

seirbhísí neamh-mhargaidh a chuireann leis an olltáirgeacht intíre; agus

(c)

sealbhú díreach nó indíreach aonad dlíthiúil gníomhach.

Féadfar a mheas freisin gur gníomhaíocht eacnamaíoch é sócmhainní agus /nó dliteanais s shealbhú.

10.   Déanfar aonaid staidrimh sa chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh a shainmhíniú i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93, faoi réir na dteorainneacha a shonraítear san Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “aonad staidrimh” na haonaid staidrimh de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 696/93;

(b)

ciallaíonn “aonad tuairiscithe” an t‐aonad a sholáthraíonn na sonraí;

(c)

ciallaíonn “réimse” tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaicí sonracha;

(d)

ciallaíonn “topaic” inneachar na faisnéise a thiomsófar, agus topaic mhionsonraithe amháin nó níos mó á chuimsiú i ngach topaic;

(e)

ciallaíonn “topaic mhionsonraithe” inneachar mionsonraithe na faisnéise a thiomsófar a bhaineann le topaic ar leith, agus gach topaic mhionsonraithe á chuimsiú le hathróg amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “athróg” saintréith d’aonad a d’fhéadfadh níos mó ná tacar luachanna amháin a chuimsiú;

(g)

ciallaíonn “gníomhaíocht mhargaidh” gníomhaíocht mhargaidh de réir bhrí phointe 1.37 de Chaibidil 1 de Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

(h)

ciallaíonn “gníomhaíocht neamh-mhargaidh” gníomhaíocht neamh-mhargaidh de réir bhrí phointe 1.34 de Chaibidil 1 de Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

(i)

ciallaíonn “táirgeoirí margaidh” táirgeoirí margaidh mar a shainmhínítear i bpointe 3.24 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

(j)

ciallaíonn “táirgeoirí neamh-mhargaidh” táirgeoirí neamh-mhargaidh mar a shainmhínítear i bpointe 3.26 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

(k)

ciallaíonn “Údaráis Staidrimh Náisiúnta” nó “ÚSNanna”na h-institiúidí staidrimh náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as an staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

(l)

ciallaíonn “foinse údarásach” soláthraí aonair na dtaifead sonraí ina bhfuil an clár gnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;

(m)

ciallaíonn “micreashonraí” breathnuithe nó tomhais aonair ar shaintréithe d’aonaid tuairiscithe in-sainaitheanta nó d'aonaid staidrimh in-sainaitheanta;

(n)

ciallaíonn “úsáid chun críocha staidrimh” úsáid chun críocha staidrimh mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

(o)

ciallaíonn “sonraí rúnda” sonraí rúnda mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’ Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

(p)

ciallaíonn “údaráis chánach” na húdaráis náisiúnta sa Bhallstát atá freagrach as Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm (24);

(q)

ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(r)

Ciallaíonn “grúpa fiontar ilnáisiúnta” grúpa fiontar de réir bhrí Chuid III C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) 696/93, a bhfuil dhá fhiontar nó aonad dlíthiúil, ar a laghad, aige, a bhfuil gach ceann acu i dtír éagsúil.

2.   Chun críocha Airteagal 11 go hAirteagal 15, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Ballstát onnmhairíochta” an Ballstát a n‐onnmhairítear earraí óna chríoch staidrimh chuig a gceann scríbe i mBallstát allmhairíochta;

(b)

ciallaíonn “Ballstát allmhairíochta” an Ballstát a n-allmhairítear earraí ina chríoch staidrimh ó Bhallstát onnmhairíochta;

(c)

ciallaíonn “earraí” maoin inaistrithe, lena n‐áirítear fuinneamh leictreach agus gás nádúrtha.

CAIBIDIL II

Foinsí sonraí

Airteagal 4

Foinsí sonraí agus modhanna

Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 a tháirgeadh mar aon lena gcláir ghnó staidrimh náisiúnta a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 9, agus úsáid á baint acu as aon fhoinsí sonraí ábhartha, le linn dóibh ualach iomarcach ar fhreagróirí a sheachaint agus aird chuí a thabhairt ar a chostéifeachtúla atá na ÚSNanna.

Chun an staidreamh agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a cheanglaítear faoin Rialachán seo a tháirgeadh, agus ar choinníoll go gcomhlíonann na torthaí na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17, féadfaidh na ÚSNanna na foinsí sonraí seo a leanas, lena n‐áirítear meascáin díobh, a úsáid:

(a)

suirbhéanna;

(b)

taifid riaracháin, lena n‐áirítear faisnéis ó údaráis chánach agus chustaim amhail ráitis airgeadais bhliantúla;

(c)

micreashonraí a mhalartaítear;

(d)

aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a gceadaítear leo sonraí a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.

Do shuirbhéanna, dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír, déanfaidh aonaid tuairiscithe a n‐iarrann na Ballstáit orthu agus a bhfuil sé de cheangal orthu faisnéis phras, chruinn agus iomlán a sholáthar a theastaíonn chun an staidreamh agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a cheanglaítear faoin Rialachán seo a tháirgeadh.

Beidh na modhanna agus an cur chuige dá dtagraítear i bpointe (d) den dara mír bunaithe ar bhonn eolaíoch agus dea-dhoiciméadaithe.

Airteagal 5

Rochtain ar thaifid riaracháin agus faisnéis a sholáthar

1.   I gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, beidh an ceart ag na ÚSNanna agus ag an gCoimisiún (Eurostat) chun gach taifead riaracháin a rochtain agus a úsáid go pras agus saor in aisce agus chun na taifid sin a chomhtháthú le foinsí eile sonraí chun freastal ar na ceanglais staidrimh faoin Rialachán seo agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha a nuashonrú. Beidh an rochtain atá ag ÚSNanna agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar na taifid sin teoranta do thaifid riaracháin laistigh dá gcórais riaracháin phoiblí féin.

2.   Gan dochar do mhír 1, déanfaidh na húdaráis chánach i ngach Ballstát faisnéis chun críocha staidrimh a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí a sholáthar do na ÚSNanna inniúla mar a shonraítear in Iarscríbhinn V.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 22 d’fhonn:

(a)

Iarscríbhinn V a leasú trí na cineálacha faisnéise staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chánach; agus

(b)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí don fhaisnéis staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chánach i gcomhréir le hIarscríbhinn V a shonrú tuilleadh.

3.   Gan dochar do mhír 1, déanfaidh an t‐údarás custaim i ngach Ballstát faisnéis chun críocha staidrimh a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí a sholáthar do na ÚSNanna inniúla mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 d’fhonn:

(a)

Iarscríbhinn VI a leasú trí na cineálacha faisnéise staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chustaim a shainmhíniú; agus

(b)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí don fhaisnéis staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chustaim i gcomhréir le hIarscríbhinn V a shonrú tuilleadh.

4.   Chun staidreamh comhchuibhithe a tháirgeadh i ndáil leis an trádáil idirnáisiúnta earraí agus chun cáilíocht an staidrimh sin a fheabhsú, malartóidh ÚSNanna na mBallstát lena mbaineann micreashonraí chun críocha staidrimh, a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí, arna bhfáil óna n‐údaráis chustaim, ar mhaithe le meastachán a dhéanamh ar onnmhairí samhail-idirthurais óna Ballstát sin agus ar allmhairí samhail-idirthurais chuig a mBallstát.

Maidir le sreafaí trádála eile a bhaineann leis na húdaráis chustaim i nío mó ná Ballstát amháin, malartóidh na ÚSNanna na micreashonraí comhfhreagracha a bhaineann leis na honnmhairí nó le hallmhairí earraí d’fhonn cáilíocht an staidrimh lena mbaineann a fheabhsú.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche na socruithe a shonrú maidir leis na malartuithe faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)

CAIBIDIL III

Staidreamh Gnó

Airteagal 6

Ceanglais maidir le sonraí

1.   Cuimseofar na réimsí seo a leanas leis an staidreamh gnó Eorpach:

(a)

staidreamh gnó gearrthéarmach;

(b)

staidreamh gnó ar leibhéal tíre;

(c)

staidreamh gnó réigiúnach;

(d)

staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Áireofar leis na réimsí ceann amháin nó níos mó de na topaicí seo a leanas a mhionsonraítear a thuilleadh in Iarscríbhinn I:

(a)

an pobal gnó;

(b)

slabhraí luacha domhanda;

(c)

úsáid TFC agus r-thráchtáil;

(d)

nuálaíocht;

(e)

trádáil idirnáisiúnta earraí;

(f)

trádáil idirnáisiúnta seirbhísí;

(g)

infheistíochtaí;

(h)

ionchuir shaothair;

(i)

aschuir agus feidhmíocht;

(j)

praghsanna ;

(k)

ceannacháin;

(l)

eastát réadach;

(m)

ionchuir T&F.

3.   Beidh tréimhsiúlacht, tréimhse tagartha agus aonad staidrimh gach topaice mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 d’fhonn na topaicí mionsonraithe a shonraítear in Iarscríbhinn I a leasú.

5.   Agus a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh á feidhmiú aige de bhun mhír 4, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is dírithe ar neodracht nó laghdú ó thaobh costas agus ualaí de a bhaint amach a bheidh na gníomhartha tarmligthe agus ní ghearrfar costas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí i gcás ar bith;

(b)

ní dhéanfar níos mó ná topaic mhionsonraithe amháin ar a mhéad sa réimse “staidreamh gnó gearrthéarmach”, trí thopaic mhionsonraithe sa réimse “staidreamh gnó ar leibhéal tíre”, dhá thopaic mhionsonraithe sa réimse “staidreamh gnó réigiúnach”, agus dhá thopaic mhionsonraithe sa réimse “staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta”, a liostaítear in Iarscríbhinn I, a chur in ionad topaic mhionsonraithe eile agus ní chuirfear níos mó ná topaic mhionsonraithe amháin ar a mhéad agus ar an iomlán i ngach réimse in imeacht 5 bliana as a chéile;

(c)

glacfar na gníomhartha tarmligthe 18 mhí, ar a laghad, roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí, seachas i gcás na dtopaicí Nuálaíocht agus Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil, ar ina leith a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sé mhí agus 15mhí, ar a laghad, faoi seach roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí.

(d)

déanfar indéantacht gach topaic mhionsonraithe nua a mheasúnú trí bhíthin treoirstaidéir a chuirfidh na Ballstáit i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 20.

6.   Ní bheidh feidhm ag pointe (b) de mhír 5 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na topaicí mionsonraithe laistigh de na topaicí nuálaíocht, úsáid TFC agus ríomhthráchtáil agus slabhraí luacha domhanda;

(b)

leasuithe a eascraíonn as na hathruithe ar chreataí cuntasaíochta cuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 agus le staidreamh maidir le comhardú na n‐íocaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Airteagal 7

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí

1.   Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí atá ábhartha do gach topaic mhionsonraithe i gcás na dtopaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche mionsonrú breise a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas de na sonraí a tharchuirfear faoin Rialachán seo, ar a sainmhínithe teicniúla agus ar a simplithe:

(a)

athróga;

(b)

an t‐aonad tomhais;

(c)

an pobal staidrimh (lena n‐áirítear na ceanglais maidir le gníomhaíochtaí nó táirgeoirí margaidh/neamh-mhargaidh);

(d)

aicmiúcháin (lena n‐áirítear an táirge, tíortha agus críocha mar aon le cineál na liostaí idirbheart) agus miondealuithe;

(e)

taifid aonair sonraí a tharchur ar bhonn deonach;

(f)

úsáid a bhaint as meastacháin agus ceanglais cháilíochta;

(g)

an spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur;

(h)

an chéad tréimhse tagartha;

(i)

ualú agus athrú na bonnbhliana le haghaidh an réimse “staidreamh gnó gearrthéarmach”;

(j)

tuilleadh sonraíochtaí, lena n‐áirítear an tréimhse tagartha, a bhaineann leis an topaic “trádáil idirnáisiúnta earraí”.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 i dtaca leis na simplithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh méid agus tábhacht na mbarraineachtaí gnó, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun an t‐ualach ar fhiontair a mhaolú. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an t‐ionchur a theastaíonn le haghaidh tiomsú a dhéanamh ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 agus ar chreataí cuntasaíochta staidreamh chomhardú na n‐íocaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005. Gníomhartha cur chun feidhme, seachas na chéad gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo, glacfar iad 18 mhí, ar a laghad, roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí le haghaidh na dtopaicí a liostaítear in Iarscríbhinn I. I gcás na dtopaicí “nuálaíocht” agus “úsáid TFC” agus “ríomhthráchtáil”, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme 6 mhí agus 15 mhí, faoi seach, ar a laghad, roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí.

3.   Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige, i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, seachas na topaicí sin a liostaítear i bpointí (b), (c) agus (d) in Airteagal 6(2), áiritheoidh an Coimisiún nach sáraíonn líon iomlán na n‐athróg i ngach réimse, a liostaítear in Airteagal 6 (1):

(a)

22 athróg le haghaidh an réimse staidreamh gnó gearrthéarmach;

(b)

93 athróg le haghaidh an réimse staidreamh gnó gearrthéarmach;

(c)

31 athróg le haghaidh an réimse staidreamh gnó gearrthéarmach; agus

(d)

26 athróg le haghaidh an réimse staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta.

4.   Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, i dtaca leis na topaicí sin a liostaítear i bpointí (b), (c) agus (d) dAirteagal 6(2), áiritheoidh an Coimisiún nach sáraíonn líon na n‐athróg i ngach topaic:

(a)

20 athróg le haghaidh na topaice slabhraí luacha domhanda;

(b)

73 athróg le haghaidh na topaice úsáid TFC agus r-thráchtáil; agus

(c)

57 n-athróg le haghaidh na topaice nuálaíocht.

5.   I gcás ina mbíonn sonraí nua de dhíth d’fhonn freagairt do riachtanais na n‐úsáideoirí agus d’fhonn méid áirithe solúbthachta a sholáthar, ní cheadófar don Choimisiún níos mó ná 5 athróg a athrú do gach ceann de na réimsí seo — staidreamh gnó gearrthéarmach, staidreamh gnó réigiúnach agus staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, ná níos mó ná 20 athróg don réimse staidreamh gnó ar leibhéal tíre in imeacht 5 bliana as a chéile, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3. Ní bheidh feidhm ag na huastréimhsí sin maidir leis na topaicí slabhraí luacha domhanda, nuálaíocht, nó úsáid TFC agus r-thráchtáil.

6.   D’ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, pé uair a bhíonn sonraí nua de dhíth d’fhonn freagairt do riachtanais na n‐úsáideoirí, d’fhonn méid áirithe solúbthachta a sholáthar mar thoradh ar na treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 20, ní thiocfaidh méadú is mó ná 10 n‐athróg ar líon iomlán na n‐athróg i ngach réimse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme da dtagraítear i mír 1 á n‐ullmhú, cuirfear aon chostais bhreise féideartha nó ualach riaracháin ar na Ballstáit nó ar na freagróirí san áireamh mar aon le measúnú ar fheabhsúchán intuartha ar cháilíocht an staidrimh agus aon tairbhe eile — bíodh sin díreach nó indíreach — a thiocfaidh as an ngníomhaíocht bhreise atá beartaithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na hathruithe a thiocfaidh as modhnúcháin a dhéanfar ar na haicmiúcháin agus ainmníocht ná ar athruithe a dhéanfar ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ná ar staidreamh a bhaineann le comhardú na n‐íocaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005.

CAIBIDIL IV

Cláir ghnó

Airteagal 8

Creat Eorpach do chláir ghnó staidrimh

1.   Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) Clár na nGrúpaí Eorpacha chun críocha staidrimh ar leibhéal an Aontais. Cuimseofar grúpaí fiontar ilnáisiúnta ann.

2.   Déanfaidh na Ballstáit clár gnó staidrimh náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú ar leibhéal náisiúnta, ina mbeidh croíchlár coiteann comhchuibhithe de bhun an Rialacháin seo, mar bhonn le suirbhéanna a ullmhú agus a chomhordú agus mar fhoinse faisnéise chun anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus a dhéimeagrafaíocht, chun sonraí riaracháin a úsáid agus chun aonaid staidrimh a shainaithint agus a thógáil.

3.   Malartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) sonraí chun críocha chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 10.

4.   Is iad na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha a bheidh ina bhfoinse údarásach agus pobail á ndíorthú do na cláir ghnó staidrimh ardcháilíochta comhchuibhithe i gcomhréir le hAirteagal 17, agus staidreamh Eorpach á tháirgeadh.

Is iad na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a bheidh ina bhfoinse údarásach do phobail na gclár gnó staidrimh náisiúnta. Ina cháil mar phobal cláir don staidreamh gnó nach mór faisnéis trasteorann a bhaineann le grúpaí fiontar ilnáisiúnta a chomhordú, is é Clár na nGrúpaí Eorpacha a bheidh ina fhoinse údarásach ag an CSE.

Airteagal 9

Ceanglais maidir le Creat Eorpach do chláir ghnó staidrimh

1.   Beidh na heilimintí seo a leanas a leagtar amach sa sá phointe a leanas agus a mhionsonraítear a thuilleadh in Iarscríbhinn III ina saintréithe ag na haonaid staidrimh agus ag na haonaid dhlíthiúla a chumhdaítear i gcreat Eorpach na gclár gnó staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 8:

(a)

na topaicí mionsonraithe cláir agus an t‐aitheantóir uathúil;

(b)

an tagairt ama agus an tréimhsiúlacht.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na hathróga sin a bhaineann leis na topaicí mionsonraithe cláir a liostaítear in Iarscríbhinn III a shonrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)

3.   Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige de bhun mhír 2, áiritheoidh an Coimisiún nach bhforchuirtear aon chostas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

Airteagal 10

Malartú sonraí rúnda agus rochtain orthu chun críche chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh

1.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí rúnda a mhalartú.:

Chun na críche sin, i déanfar malartú na sonraí rúnda faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta agus faoi na haonaid ar de na grúpaí sin iad, lena gcuimsítear na hathróga sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, chun críocha staidrimh amháin, idir ÚSNanna na mBallstát difriúil i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis an malartú cáilíocht na faisnéise faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú. Féadfar malartuithe den sórt sin a dhéanamh chun críche an t‐ualach freagartha a laghdú freisin.

I gcás ina bhfuil sé mar aidhm le an malartú sonraí rúnda den sórt sin a dhéanamh cáilíocht na faisnéise faoi na grúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú agus ina n‐údaraíonn agus tÚdarás inniúil Staidrimh Náisiúnta a chuireann na sonraí ar fáil an malartú sin go sainráite, féadfaidh bainc cheannais náisiúnta a bheith ina bpáirtithe i malartú sonraí rúnda chun críocha staidrimh amháin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit sonraí rúnda a mhalartú.

Chun na críche sin, déanfaidh na ÚSNanna sonraí faoi na grúpaí fiontar ilnáisiúnta agus faoi na haonaid ar leis na grúpaí sin iad, lena gcuimsítear na hathróga sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) chun faisnéis faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a sholáthar chun críocha staidrimh amháin.

Chun taifeadadh comhsheasmhach sonraí a áirithiú agus iad a úsáid chun críocha staidrimh amháin, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta, lena n‐áirítear na haonaid ar leis na grúpaí sin iad lena gcuimsítear na hathróga sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, chuig ÚSNanna inniúla gach Ballstáit, i gcás inar lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit sin atá aonad dlíthiúil amháin ar a laghad den ghrúpa.

Chun éifeachtúlacht agus ardcháilíocht a áirithiú i dtáirgeadh Chlár na nGrúpaí Eorpacha, chun críocha staidrimh amháin, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí faoi gach grúpa fiontar ilnáisiúnta atá taifeadta i gClár na nGrúpaí Eorpacha, lena n‐áirítear na haonaid ar leis na grúpaí sin iad, lena gcuimsítear na hathróga sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, chuig na ÚSNanna.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit sonraí rúnda a mhalartú le haghaidh aonaid dhlíthiúla a shainaithint.

Chun na críche sin, tarchuirfidh na ÚSNanna sonraí faoi aonaid dhlíthiúla chorpraithe, sonraí a bheidh teoranta do na hathróga sainaitheanta agus déimeagrafach agus do na paraiméadair srathúcháin, mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn IV, chuig an gCoimisiún (Eurostat), chun críche sainaithint uathúil a dhéanamh ar aonaid dhlíthiúla san Aontas agus chun na críche sin amháin.

Chun éifeachtúlacht agus ardcháilíocht a áirithiú i dtáirgeadh Chlár na nGrúpaí Eorpacha, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí faoi aonaid dhlíthiúla chuig ÚSNanna gach Ballstáit, sonraí a bheidh teoranta do na hathróga sainaitheanta agus déimeagrafach agus do na paraiméadair srathúcháin, a liostaítear in Iarscríbhinn IV, chun críche aonaid dhlíthiúla san Aontas a shainaithint agus chun na críche sin amháin.

4.   Féadfar sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais náisiúnta, agus idir an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis an malartú cáilíocht na faisnéise faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú, agus i gcás ina n‐údaróidh an tÚdarás inniúil Staidrimh Náisiúnta an malartú go sainráite.

5.   Féadfaidh anCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófarmionsonraí teicniúla na n‐athróg a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shonrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

6.   Chun a áirithiú gur chun críocha staidrimh amháin a úsáidtear na sonraí a mhalartófar faoin Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach na bearta formáide, slándála agus rúndachta le haghaidh sonraí den sórt sin, mar aon leis an nós imeachta maidir leis an malartú sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

7.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún (Eurostat), na,ÚSNanna, na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach sonraí rúnda faoi aonaid atá lonnaithe laistigh den chríoch náisiúnta nó lasmuigh di, déileálfaidh siad, de bhun an Airteagail seo, leis an bhfaisnéis sin faoi rún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Déanfar tarchur sonraí rúnda idir na ÚSNanna gus an Coimisiún (Eurostat) a mhéid atá an tarchur sin riachtanach chun críocha staidrimh amháin chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ní mór aon tarchur breise a bheith údaraithe go sainráite ag an údarás náisiúnta a bhailigh na sonraí.

8.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta cuí chun cosc a chur ar aon sáruithe ar rúndacht staidrimh na sonraí a mhalartaítear agus chun pionóis a ghearradh ina leith. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL V

Malartú sonraí rúnda chun críche staidrimh trádála earraí laistigh den aontas

Airteagal 11

Malartú sonraí rúnda

1.   Is idir na ÚSNanna a chuireann le staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh a dhéanfar sonraí rúnda faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas a mhalartú idir na Ballstáit chun críocha staidrimh amháin.

Na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglas i ndáil le sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2), beidh feidhm acu freisin maidir le malartú sonraí rúnda i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

2.   Soláthróidh ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta do ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta an fhaisnéis staidrimh faoina onnmhairí earraí laistigh den Aontas chuig an mBallstát sin, mar a leagtar amach in Airteagal 12.

3.   Soláthróidh ÚSNanna na mBallstát onmhairíochta do ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta na meiteashonraí atá ábhartha do na sonraí a mhalartaítear a úsáid chun staidreamh a thiomsú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an fhaisnéis a mheasfar a bheith ina meiteashonraí ábhartha dá dtagraítear i mír 3 agus an clár ama le haghaidh an fhaisnéis sin agus an fhaisnéis staidrimh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

5.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, an Ballstát a chuireann na sonraí rúnda a mhalartaítear ar fáil, údaróidh sé a n‐úsáid ag ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta chun staidrimh eile a tháirgeadh, ar choinníoll gur chun críocha staidrimh amháin a úsáidfear na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagail 20 go 26 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

6.   Ar iarraidh ó ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta, féadfaidh an Ballstát allmhairíochta na micreashonraí arna mbailiú faoina allmhairí earraí laistigh den Aontas a allmhairíodh ón mBallstát onnmhairíochta sin a sholáthar do ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta.

Airteagal 12

An fhaisnéis staidrimh atá le malartú

1.   Cuimseofar na nithe seo a leanas san fhaisnéis staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 11(2):

(a)

micreashonraí a bailíodh chun críocha staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas;

(b)

sonraí a tiomsaíodh faoi earraí nó gluaiseachtaí ar leith; agus

(c)

sonraí a tiomsaíodh trí úsáid a bhaint as mionsonraí dearbhuithe custaim.

2.   Cumhdófar leis an bhfaisnéis staidrimh a bailíodh iarbhír trí shuirbhéanna gnó nó ó shonraí riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) 95 % ar a laghad de luach na n‐onnmhairí iomlána earraí laistigh den Aontas a onnmhairítear ó gach Ballstát chuig na Ballstáit uile eile i dteannta a chéile.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 d’fhonn an Rialachán seo a leasú tríd an ráta cumhdaigh do thrádáil earraí laistigh den Aontas a laghdú i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eacnamaíocha, agus an staidreamh a chomhlíonann na caighdeáin cháilíochta atá i bhfeidhm á choinneáil ar bun ag an am céanna.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus maidir le tiomsú na faisnéise sin agus lena ndéantar sonrú breise ar chur i bhfeidhm an ráta cumhdaigh dá dtagraítear i mír 2, i dtaca leis an tréimhse tagartha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 13

Eilimintí sonraí staidrimh

1.   Cuimseofar na heilimintí sonraí staidrimh seo a leanas sna micreashonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1):

(a)

an uimhir aitheantais aonair arna leithdháileadh ar an oibritheoir comhpháirtíochta sa Bhallstát allmhairíochta, i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE;

(b)

an tréimhse tagartha;

(c)

an sreabhadh trádála;

(d)

an tráchtearra;

(e)

an Ballstát comhpháirtíochta;

(f)

an tír thionscnaimh;

(g)

luach na n‐earraí;

(h)

cainníocht na n‐earraí;

(i)

cineál an idirbhirt.

D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí an modh iompair agus na téarmaí seachadta sna micreashonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1), ar choinníoll go mbailíonn an Ballstát onnmhairíochta na heilimintí sonraí sin.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche sonrú a dhéanamh ar na heilimintí sonraí staidrimh dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) den chéad fhomhír den mhír seo agus chun críche sonrú a dhéanamh ar liosta na n‐eilimintí sonraí staidrimh is infheidhme maidir leis na hearraí nó gluaiseachtaí ar leith agus na sonraí arna dtiomsú trí úsáid a bhaint as na mionsonraí dearbhuithe custaim dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 12(1).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Faoi choinníollacha áirithe a chomhlíonann ceanglais cháilíochta, féadfaidh na Ballstáit simpliú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthrófar ar choinníoll nach mbeidh aon drochthionchar ag simpliú den sórt sin ar cháilíocht an staidrimh.

I gcásanna sonracha, féadfaidh na Ballstáit tacar laghdaithe eilimintí sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú nó an fhaisnéis a bhaineann le cinn áirithe de na heilimintí sonraí sin a bhailiú ar leibhéal nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na socruithe a shonrú maidir leis an simpliú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar luach uasta na n‐onnmhairí laistigh den Aontas a bheidh a bhaint leas as an simpliú sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 14

Cosaint sonraí rúnda a mhalartaítear

1.   Taifid micreashonraí a bhaineann le honnmhaireoir ar ghlac ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta leis an iarraidh uaidh ar rúndacht staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 19, soláthróidh ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta iad do ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta, mar aon leis an bhfíorluach agus na heilimintí sonraí staidrimh uile dá dtagraítear in Airteagal 13(1), agus bratach lena léirítear gur faoi réir rúndachta atá an taifead micreashonraí sin.

2.   Féadfaidh ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta, le linn dóibh torthaí staidrimh ar allmhairí laistigh den Aontas a thiomsú, úsáid a bhaint as taifid micreashonraí maidir le honnmhairí atá faoi réir rúndachta. Má bhaineann ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta úsáid as taifid micreashonraí maidir le honnmhairí atá faoi réir rúndachta, áiritheoidh siad go dtabharfar aird, le linn do ÚSNanna an Bhallstáit allmhairíochta torthaí staidrimh ar allmhairí laistigh den Aontas a scaipeadh, ar an rúndacht staidrimh arna deonú ag ÚSNanna an Bhallstáit onnmhairíochta.

3.   D’fhonn a áirithiú go gcosnófar na sonraí rúnda a mhalartaítear faoin gCaibidil seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mionsonraítear na bearta formáide, slándála agus rúndachta maidir le sonraí den sórt sin, lena n‐áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 agus 2, mar aon leis an nós imeachta maidir le malartú sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

4.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta cuí chun cosc a chur ar aon sáruithe ar rúndacht staidrimh na sonraí a mhalartaítear agus chun pionóis a ghearradh ina leith. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 15

Rochtain ar shonraí rúnda a mhalartaítear chun críocha eolaíocha

Féadfar rochtain ar na sonraí rúnda a mhalartaítear a dheonú do thaighdeoirí atá ag déanamh anailísí staidrimh chun críocha eolaíocha, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, faoi réir ceadú a fháil ó Údarás inniúil Staidrimh Náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta a sholáthair na sonraí.

CAIBIDIL VI

Malartú sonraí rúnda chun críocha staidrimh gnó eorpaigh agus cuntais náisiúnta

Airteagal 16

Malartú sonraí rúnda - clásal cumasúcháin

1.   Ceadófar malartú sonraí rúnda, a bhailítear nó a thiomsaítear de bhun an Rialacháin seo, ceadófar an méid sin idir ÚSNanna na mBallstát lena mbaineann, a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún (Eurostat) chun críocha staidrimh amháin, nuair is gá an malartú chun cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh gnó Eorpaigh nó na gcuntas náisiúnta a chosaint, i gcomhréir le coincheapa agus modheolaíochtaí Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

2.   Na ÚSNanna, na bainc cheannais náisiúnta, an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach a fuair sonraí rúnda, déileálfaidh siad leis an bhfaisnéis sin faoi rún agus úsáidfidh siad iad chun críocha staidrimh amháin í i gcomhréir le hAirteagail 20 go 26 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

CAIBIDIL VII

Cáilíocht, tarchur agus scaipeadh

Airteagal 17

Cáilíocht

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cáilíocht an staidrimh gnó Eorpaigh arna tharchur agus cáilíocht na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Is ar bhealach trédhearcach infhíoraithe a dhéanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur.

4.   Chun críche mhír 3, tarchuirfidh na Ballstáit an méid a leanas chuig an gCoimisiún (Eurostat) go bliantúil:

(a)

tuarascálacha cáilíochta agus meiteashonraí le haghaidh na sonraí arna dtarchur faoin Rialachán seo;

(b)

tuarascálacha bliantúla cáilíochta agus meiteashonraí a bhaineann leis na cláir ghnó staidrimh náisiúnta.

I gcás staidreamh ilbhliantúil, beidh tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta agus na meiteashonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír cothrom leis an tréimhsiúlacht don staidreamh lena mbaineann.

5.   Soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha bliantúla cáilíochta agus meiteashonraí maidir le Clár na nGrúpaí Eorpacha do na Ballstáit.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mionsonrófar na socruithe le haghaidh tharchur na dtuarascálacha cáilíochta agus meiteashonraí, mar aon lena n‐inneachar agus leis na spriocdhátaí lena n‐aghaidh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Ní fhorchuirfear leo costas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

Beidh inneachar an tuairiscithe teoranta do na gnéithe is tábhachtaí agus is riachtanaí de chúrsaí cáilíochta.

7.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon fhaisnéis nó athrú ábhartha ar bith maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo lena rachfaí i bhfeidhm ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi athruithe móra modheolaíochta nó athruithe eile lena rachfaí i bhfeidhm ar cháilíocht na gclár gnó staidrimh náisiúnta. Tabharfar an fhaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm aon athraithe den sórt sin.

8.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún (Eurostat) a fháil, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis bhreise is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh, ar faisnéis í nach bhforchuirfidh costas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

Airteagal 18

Tarchur sonraí agus meiteashonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le caighdeáin um malartú sonraí agus meiteashonraí. Más sonraí rúnda iad na sonraí a tharchuirfear, seolfar an fíorluach i dteannta brataí lena léirítear gur faoi réir rúndachta atá siad agus nach bhféadfar iad a scaipeadh.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na caighdeáin sin agus lena mbunófar nós imeachta le haghaidh tharchur na sonraí agus na meiteashonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún (Eurostat) a fháil, déanfaidh na Ballstáit anailísí staidrimh ar na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus tarchuirfidh siad na torthaí chuig an gCoimisiún (Eurostat).

Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an fhormáid agus an nós imeachta chun torthaí na n‐anailísí staidrimh sin a tharchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat) nach bhforchuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin costas nó ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

3.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) aon fhaisnéis is ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit. Ní fhorchuirfidh na hiarratais sin ón gCoimisiún costas nó ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

Airteagal 19

Rúndacht i dtaca le scaipeadh sonraí staidrimh faoi thrádáil idirnáisiúnta earraí

Arna iarraidh sin d’allmhaireoir nó onnmhaireoir earraí, agus sa chás sin amháin, cinnfidh an tÚdarás Staidrimh Náisiúnta torthaí staidrimh a bhaineann lena n‐allmhairí nó lena n‐onnmhairí faoi seach a scaipeadh gan aon leasú nó, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón allmhaireoir nó onnmhaireoir sin a fháil, na torthaí staidrimh a leasú chun nach mbeifear in ann an t‐allmhaireoir nó an t‐onnmhaireoir sin a shainaithint chun prionsabal na rúndachta staidrimh a chomhlíonadh, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

CAIBIDIL VIII

Treoirstaidéir agus maoiniú

Airteagal 20

Treoirstaidéir

1.   I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún (Eurostat) go bhfuil gá ann le ceanglais shuntasacha nua i ndáil le sonraí nó le feabhsuithe ar na tacair sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh sé treoirstaidéir a sheoladh a ndéanfaidh na Ballstáit iad ar bhonn deonach sula mbaileofar aon sonraí nua. I measc na dtreoirstaidéar sin, beidh treoirstaidéir ar trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí, eastát réadach, táscairí airgeadais agus comhshaol agus aeráid.

2.   Déanfar na staidéir phíolótacha úd a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé sonraí a fháil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na príomhgheallsealbhóirí, meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin. Sa mheastóireacht ar thorthaí, cuirfear san áireamh an tairbhe agus na costais bhreise agus an t‐ualach breise a ghabhann leis na feabhsuithe, a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na staidéir sin do ghnólachtaí agus do ÚSNanna.

3.   I ndiaidh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar thorthaí na staidéar dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

4.   Tuairisceoidh an Coimisiún faoin 7 Eanáir 2022 agus gach 2 bhliain uaidh sin amach faoin dul chun cinn foriomlán i ndáil leis na treoirstaidéir dá dtagraítear i mír 1. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

Agus an mheastóireacht ar na torthaí dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí maidir le ceanglais nua sonraí a chur isteach in éineacht leis na tuarascálacha sin.

Airteagal 21

Maoiniú

1.   Chun críche chur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear sa liosta a bunaíodh de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, chun freastal ar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglais i ndáil le sonraí agus próiseáil sonraí i réimse an staidrimh gnó a fhorbairt nó a chur chun feidhme;

(b)

modheolaíochtaí a fhorbairt atá dírithe ar an gcáilíocht a ardú nó ar na costais agus an t‐ualach riaracháin a laghdú maidir le staidreamh gnó a bhailiú agus a tháirgeadh agus ar fheabhas a chur ar chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh;

(c)

modheolaíochtaí a fhorbairt darb aidhm an t‐ualach riaracháin agus airgeadais a bhaineann leis an bhfaisnéis is gá do na haonaid tuairiscithe, go háirithe FBManna, a chur ar fáil, a laghdú;

(d)

rannpháirtíocht sna treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 20;

(e)

próisis, córais TF agus feidhmeanna cosúla tacaíochta atá dírithe ar staidreamh ar cháilíocht níos airde a tháirgeadh nó an t‐ualach riaracháin nó airgeadais a laghdú a fhorbairt agus a fheabhsú.

2.   Soláthrófar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

3.   Ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas 95 % de na costais incháilithe.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (3), in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 6 Eanáir 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (3), Airteagal 6(4), agus Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) nó (3), Airteagal 6(4), nó Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 23

An Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an CSE a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Na maoluithe

1.   I gcás ina dteastaíonn mór-oiriúnuithe i gcóras staidrimh náisiúnta de chuid Ballstáit chun an Rialachán nó na bearta cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maoluithe orthu go ceann uastréimhse 3 bliana.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe le haghaidh deonú den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thrí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh atá i gceist.

Coinneofar chomh híseal agus is féidir an tionchar a bheidh ag na maoluithe sin ar inchomparáideacht shonraí na mBallstát nó ar ríomh na gcomhiomlán Eorpach pras agus ionadaíoch a theastaíonn. Agus an maolú á dheonú, cuirfear san áireamh an t‐ualach ar fhreagróirí.

2.   I gcás ina bhfuil údar fós, ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, le maolú maidir leis na réimsí ina ndearnadh na treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 20, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maolú eile ar feadh uastréimhse bliana.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh i dtaca leis an síneadh sin faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach na cúiseanna agus na forais réasúnaithe atá le síneadh den sort sin tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an mhaolaithe reatha arna dheonú de bhun mhír 1.

3.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 25

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 48/2004, (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 716/2007, (CE) Uimh. 177/2008 agus (CE) Uimh. 295/2008, Cinneadh Uimh. 1608/2003/CE agus Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

3.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

4.   Ní dochar míreanna 1, 2 agus 3 do na hoibleagáidí a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin a bhaineann le tarchur na sonraí agus na meiteashonraí, lena n‐áirítear tuarascálacha cáilíochta, maidir le tréimhsí tagartha a thiteann, san iomlán nó i gcuid, roimh na dátaí faoi seach a leagtar amach sna míreanna sin.

5.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(2), (3) agus (4), agus Airteagail 11 go 15 ón 1 Eanáir 2022, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 77, 1.3.2018, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle (IO L 61, 5.3.2008, lch. 6).

(4)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(5)  Cinneadh Uimh. 1297/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le Clár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil (MEETS) (IO L 340, 19.12.2008, lch. 76).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(9)  IO C 238, 6.7.2018, lch. 28.

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar bliantúil staidrimh Comhphobail ar thionscal na cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009 (IO L 7, 13.1.2004, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1)

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise (IO L 143, 30.4.2004, lch. 49)

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche (IO L 171, 29.6.2007, lch. 17)

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (athmhúnlú) (IO L 97, 9.4.2008, lch. 13)

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n_aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23)

(18)  Cinneadh Uimh. 1608/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le heolaíocht agus teicneolaíocht a tháirgeadh agus a fhorbairt (IO L 230, 16.9.2003, lch. 1)

(19)  Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú (IO L 374, 31.12.1991, lch. 1)

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach (IO L 162, 5.6.1998, lch. 1)

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8 , 12.1.2001, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Revision 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin áirithe CE maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).)

(23)  Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1).

(24)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IO L 35, 8.2.2005, lch. 23).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíoacht (2014-2020) agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006 / CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).


IARSCRÍBHINN I

TOPAICÍ ATÁ LE CUMHDACH

Fearann 1. Staidreamh gnó gearrthéarmach

Topaicí

Topaicí mionsonraithe

An pobal gnó

Imeachtaí déimeagrafaíochta gnó

Ionchuir shaothair

Fostaíocht

Uaireanta arna n‐oibriú

Costais saothair

Praghsanna

Praghsanna allmhairí

Praghsanna do tháirgeoirí

Aschuir agus feidhmíocht

Táirgeadh

Méid díolachán

Glanláimhdeachas

Eastát réadach

Eastát réadach

Fearann 2. Staidreamh gnó ar leibhéal tíre

Topaicí

Topaicí mionsonraithe

An pobal gnó

An pobal fiontar gníomhach

Imeachtaí déimeagrafaíochta gnó (breitheanna, básanna, marthanas)

Fiontair faoi rialú coigríche

Fiontair ag a bhfuil rialú coigríche agus fiontair chleamhnaithe intíre

An pobal fiontar atá ag gabháil do thrádáil idirnáisiúnta

Ionchuir shaothair

Fostaíocht

Fostaíocht atá nasctha le himeachtaí déimeagrafaíochta gnó (breitheanna, básanna, marthanas)

Fostaíocht i bhfiontair faoi rialú coigríche

Fostaíocht i bhfiontair ag a bhfuil rialú coigríche agus i bhfiontair chleamhnaithe intíre

Uaireanta arna n‐oibriú

Costais saothair

Costais saothair i bhfiontair faoi rialú coigríche

Ionchuir T&F

Caiteachas T&F

Fostaíocht T&F

Caiteachas T&F i bhfiontair faoi rialú coigríche

Fostaíocht T&F i bhfiontair faoi rialú coigríche

T&F arna gcistiú ag airgead poiblí

Ceannacháin

Ceannacháin earraí agus seirbhísí

Athrú sa stoc earraí

Ceannacháin earraí agus seirbhísí ag fiontair faoi rialú coigríche

Allmhairí ag fiontair

Aschuir agus feidhmíocht

Glanláimhdeachas

Ollchorrlach ar earraí atá le hathdhíol

Luach aschuir

Breisluach

Ollbharrachas oibriúcháin

Glanláimhdeachas fiontar faoi rialú coigríche

Luach aschuir fiontar faoi rialú coigríche

Breisluach fiontar faoi rialú coigríche

Glanláimhdeachas fiontar ag a bhfuil rialú coigríche agus fiontar cleamhnaithe intíre

Táirgeadh tionsclaíoch

Onnmhairí ag fiontair

Infheistíochtaí

Ollinfheistíocht

Ollinfheistíocht ag fiontair faoi rialú coigríche

Nuálaíocht

Nuálaíocht

Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil

Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil

Fearann 3. Staidreamh gnó réigiúnach

Topaicí

Topaicí mionsonraithe

An pobal gnó

Pobal de réir réigiúin

Imeachtaí déimeagrafaíochta gnó de réir réigiúin (breitheanna, básanna, marthanas)

Ionchuir shaothair

Fostaíocht de réir réigiúin

Fostaíocht atá nasctha le himeachtaí déimeagrafaíochta gnó de réir réigiúin (breitheanna, básanna, marthanas)

Costais saothair de réir réigiúin

Ionchuir T&F

Caiteachas T&F de réir réigiúin

Fostaíocht T&F de réir réigiúin

Fearann 4. Staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

Topaicí

Topaicí mionsonraithe

An pobal gnó

An pobal fiontar thar lear atá faoi rialú ag aonaid institiúideacha chónaitheacha na tíre tuairiscithe

Ionchur saothair

Fostaíocht i bhfiontair thar lear atá faoi rialú ag aonaid institiúideacha chónaitheacha na tíre tuairiscithe

Costais saothair i bhfiontair thar lear atá faoi rialú ag aonaid institiúideacha chónaitheacha na tíre tuairiscithe

Infheistíochtaí

Ollinfheistíocht ag fiontair thar lear atá faoi rialú ag aonaid institiúideacha chónaitheacha na tíre tuairiscithe

Aschuir agus feidhmíocht

Glanláimhdeachas fiontar thar lear atá faoi rialú ag aonaid institiúideacha chónaitheacha na tíre tuairiscithe

Trádáil idirnáisiúnta earraí

Trádáil earraí laistigh den Aontas

Trádáil earraí lasmuigh den Aontas

Trádáil idirnáisiúnta seirbhísí

Allmhairí seirbhísí FRIBS (dochar)

Onnmhairí seirbhísí FRIBS (sochar)

Glan ó sheirbhísí faoi FRIBS (iarmhéid)

Slabhraí luacha domhanda

Slabhraí luacha domhanda


IARSCRÍBHINN II

TRÉIMHSIÚLACHT, TRÉIMHSE TAGARTHA AGUS AONAD STAIDRIMH NA dTOPAICÍ

Topaicí

Tréimhsiúlacht

Tréimhse tagartha

An tAonad Staidrimh

An pobal gnó

go ráithiúil

ráithe

aonad dlíthiúil

Ionchuir shaothair

go ráithiúil (go míosúil de rogha)

ráithe (mí de rogha)

APG

Praghsanna

go míosúil

leis na heisceachtaí seo a leanas

– praghsanna seirbhísí don táirgeoir agus praghsanna don táirgeoir le haghaidh foirgnimh chónaithe nua: go ráithiúil

leis na heisceachtaí seo a leanas

– praghsanna seirbhísí don táirgeoir praghsanna don táirgeoir le haghaidh foirgnimh chónaithe nua: go ráithiúil (mí de rogha)

APG

leis an eisceacht seo a leanas

–praghsanna allmhairí: neamhbhainteach

Aschuir agus feidhmíocht

go míosúil

leis an eisceacht seo a leanas

– tíortha beaga le haghaidh Chuid F NACE: go ráithiúil (go míosúil de rogha)

leis an eisceacht seo a leanas

– tíortha beaga le haghaidh Chuid F NACE: ráithe (mí de rogha)

APG

 

go míosúil; gach ráithe i gcás tíortha beaga* le haghaidh Chuid F NACE

*Mar a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

 

 

Eastát réadach

go ráithiúil (go míosúil de rogha)

ráithe (mí de rogha)

neamhbhainteach

Fearann 2. Staidreamh gnó ar leibhéal tíre

Topaicí

Tréimhsiúlacht

Tréimhse tagartha

An tAonad Staidrimh

An pobal gnó

go bliantúil

bliain féilire

fiontair

Ionchuir shaothair

go bliantúil

bliain féilire

fiontair

Ionchuir T&F

gach re bliain

leis na heisceachtaí seo a leanas

— miondealú earnála ar fheidhmíocht i ndáil le caiteachas inmheánach T&F, leis an bhfoireann T&F agus leis an líon taighdeoirí mar aon le, i gcás leithreasuithe buiséid nó eisíocaíochtaí ón rialtas ar thaighde agus forbairt, leithdháiltí Buiséid Rialtais do T&F agus cistiú poiblí náisiúnta do T&F a chomhordaítear ar leibhéal trasnáisiúnta

bliain féilire

fiontar don earnáil fiontraíochta

aonad institiúideach do na hearnálacha eile

Ceannacháin

gach bliain

leis an eisceacht seo a leanas

—íocaíochtaí le fochonraitheoirí: gach 3 bliana

bliain féilire

fiontair

Aschuir agus feidhmíocht

gach bliain

leis na heisceachtaí seo a leanas

—miondealú táirge agus áit chónaithe cliant ar ghlanláimhdeachas do chóid NACE 69.1, 69.2, 70.2, 71.1, 71.2 agus 73.2: go débhliantúil

—Glanláimhdeachas ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta, foraoiseachta, iascaireachta agus tionsclaíocha, Glanláimhdeachas ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, Glanláimhdeachas ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha gan foirgníocht a áireamh, Glanláimhdeachas ón bhfoirgníocht, Glanláimhdeachas ó ghníomhaíochtaí seirbhíse, Glanláimhdeachas ó ghníomhaíochtaí trádála ceannaigh agus athdhíola agus ó ghníomhaíochtaí idirghabhálaithe, Glanláimhdeachas ón tógáil agus Glanláimhdeachas ón innealtóireacht shibhialta: gach 5 bliana

—ioncaim ó fhochonraitheoireacht: gach 3 bliana

bliain féilire

fiontair

leis na heisceachtaí seo a leanas

—táirgeadh a díoladh, táirgeadh faoi oibríochtaí ar fochonradh agus táirgeadh iarbhír: APG

Infheistíochtaí

gach bliain

leis an eisceacht seo a leanas

—infheistíochta i sócmhainní doláimhsithe: gach 3 bliana

bliain féilire

fiontair

Nuálaíocht

go débhliantúil

tréimhse 3 bliana roimh dheireadh gach ré-bhliain féilire an tréimhse tagartha

fiontar

Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil

gach bliain

bliain féilire ina nglacfar an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na hathróga;

bliain féilire i ndiaidh na bliana ina nglacfar an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na hathróga do na hathróga eile

fiontar

Fearann 3. Staidreamh gnó réigiúnach

Topaicí

Tréimhsiúlacht

Tréimhse tagartha

An tAonad Staidrimh

An pobal gnó

gach bliain

bliain féilire

fiontair

leis an eisceacht seo a leanas

—líon na n‐aonad áitiúil (roghnach le haghaidh Chuid K NACE): aonad áitiúil

Ionchuir shaothair

gach bliain

bliain féilire

fiontair

leis na heisceachtaí seo a leanas

— líon na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe in aonaid áitiúla, pá agus tuarastail in aonaid áitiúla: aonad áitiúil

Ionchuir T&F

gach re bliain

bliain féilire

fiontar don earnáil fiontraíochta; aonad institiúideach do na hearnálacha eile

Fearann 4. Staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

Topaicí

Tréimhsiúlacht

Tréimhse tagartha

An tAonad Staidrimh

An pobal gnó

gach bliain

bliain féilire

fiontair

Ionchuir shaothair

gach bliain

bliain féilire

fiontair

Infheistíochtaí

gach bliain

bliain féilire

fiontair

Aschuir agus feidhmíocht

gach bliain

bliain féilire

fiontair

Trádáil idirnáisiúnta earraí

go míosúil

leis an eisceacht seo a leanas

—gach re bliain i gcás miondealú comhcheangailte ar tháirgí agus airgeadraí sonrascaithe i ndáil le hallmhairí agus onnmhairí earraí lasmuigh den Aontas

le sonrú sna gníomhartha cur chun feidhme de bhun phointe (j) d’Airteagal 7(1)

neamhbhainteach

Trádáil idirnáisiúnta seirbhísí

gach bliain

leis an eisceacht seo a leanas

—miondealuithe ar sheirbhísí chéad leibhéil: go ráithiúil

bliain féilire

leis an eisceacht seo a leanas

—miondealuithe ar sheirbhísí chéad leibhéil: ráithe

neamhbhainteach

Slabhraí luacha domhanda

gach 3 bliana

3 bliana féilire; bliain tagartha t agus tréimhse tagartha t-2 go t

fiontar


IARSCRÍBHINN III

EILIMINTÍ DE CHREAT EORPACH DO CHLÁIR GHNÓ STAIDRIMH

Cuid A: Topaicí mionsonraithe cláir agus aitheantóir uathúil

1.

Maidir leis na haonaid a liostaítear sna cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus i gClár na nGrúpaí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, beidh uimhir aitheantais agus topaicí mionsonraithe cláir a shonraítear i gCuid C mar shaintréithe orthu.

2.

Is go huathúil, le huimhir aitheantais, a shainaithneofar na haonaid a liostaítear sna cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus i gClár na nGrúpaí Eorpacha. Is é an aidhm atá leis sin ról bonneagair chreat Eorpach do chláir ghnó staidrimh a éascú. Is iad na ÚSNanna a sholáthróidh na huimhreacha aitheantais sin. Is é an Coimisiún (Eurostat) a sholáthróidh na huimhreacha aitheantais le haghaidh aonaid dhlíthiúla agus grúpaí fiontar ilnáisiúnta atá ábhartha do Chlár na nGrúpaí Eorpacha. Chun críocha náisiúnta, féadfaidh na ÚSNanna uimhreacha aitheantais breise a choinneáil sna cláir ghnó staidrimh náisiúnta.

Cuid B: Tagairt ama agus tréimhsiúlacht

3.

Déanfar na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha a nuashonrú trí iontrálacha a dhéanamh iontu agus trí nithe a bhaint díobh uair amháin sa bhliain ar a laghad.

4.

Beidh a mhinice a dhéanfar an nuashonrú sin ag brath ar an gcineál aonaid a bheidh i gceist, ar an athróg a bhreithnítear, ar mhéid an aonaid agus ar an ngnáthfhoinse a úsáidtear don nuashonrú.

5.

Gach bliain, ullmhóidh na Ballstáit cóip ina léireofar staid na gclár gnó staidrimh náisiúnta ag deireadh na bliana agus coinneoidh siad an chóip sin ar feadh 30 bliain ar a laghad chun críche anailís a dhéanamh. Gach bliain, ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) cóip ina léireofar staid Chlár na nGrúpaí Eorpacha ag deireadh na bliana agus coinneoidh sé an chóip sin ar feadh 30 bliain ar a laghad chun críche anailís a dhéanamh.

Cuid C: Topaicí mionsonraithe do chláir ghnó

Cuimseofar na topaicí mionsonraithe seo a leanas de réir aonaid sna cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus i gClár na nGrúpaí Eorpacha le haghaidh na n‐aonad a shainítear in Airteagal 2 den Rialachán seo.

AONAID

TOPAICÍ MIONSONRAITHE

1. AONAID DHLÍTHIÚLA

Sainaithint

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Paraiméadair srathúcháin

Naisc le fiontair

Naisc le cláir eile

Naisc leis an ngrúpa fiontar

Rialú aonad

Úinéireacht aonad

2. GRÚPA FIONTAR

Sainaithint

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

3. FIONTAR

Sainaithint

Naisc le haonaid eile

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

4. AONAD ÁITIÚIL

Sainaithint

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

Naisc le haonaid agus cláir eile

5. AONAD AN CHINEÁIL PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA

má chumhdaítear é mar aonad staidrimh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 2(3)

Sainaithint

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Paraiméadair srathuithe agus athróga eacnamaíocha

Naisc le haonaid agus cláir eile


IARSCRÍBHINN IV

TOPAICÍ MIONSONRAITHE AGUS ATHRÓGA DON MHALARTÚ SONRAÍ RÚNDA CHUN CRÍCHE CHREAT EORPACH NA gCLÁR GNÓ STAIDRIMH

Ítimí éigeantacha iad na hítimí a bhfuil an marc “faoi choinníoll” orthu ach fáil a bheith orthu sna Ballstáit; ítimí a mholtar iad na hítimí a bhfuil an marc “roghnach” orthu.

1.   

Sonraí le tarchur ag na ÚSNanna inniúla chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus a cheadaítear a mhalartú idir na ÚSNanna inniúla (Airteagal 10(1) agus (2))

Aonaid

Topaicí mionsonraithe

Athróga

Aonad dlíthiúil

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

Dáta ar scoir an t‐aonad dlíthiúil

 

Paraiméadair srathúcháin

Foirm dhlíthiúil

Stádas gníomhaíochta dlíthiúil

Bratach do chraobhacha de réir bhrí phointe 18.12 de Chaibidil 18 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (faoi choinníoll)

Bratach d’eintitis sainchuspóireacha de réir bhrí phointí 2.17 go 2.20 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (roghnach)

 

Rialú aonad

Athróga sainaitheanta an aonaid dhlíthiúil atá faoi rialú nó a rialaíonn

 

Úinéireacht aonad

Athróga sainaitheanta an aonaid atá faoi úinéireacht nó ar leis

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil cónaitheach atá faoi úinéireacht an aonaid dhlíthiúil (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil cónaitheach, ar leis nó ar leo an t‐aonad dlíthiúil (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis an aonad dlíthiúil é nó iad (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis nó ar leo an t‐aonad dlíthiúil (faoi choinníoll)

Dáta tosaithe agus dáta deiridh na scaireanna (coinníollach)

Grúpa fiontar

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

Príomhchód gníomhaíochta an ghrúpa fiontar ar leibhéal 2-dhigit NACE

Gníomhaíochtaí tánaisteacha an ghrúpa fiontar ar leibhéal 2-dhigit NACE (roghnach)

Líon na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe (faoi choinníoll)

Glanláimhdeachas (faoi choinníoll)

Iomlán na sócmhainní ag an ngrúpa fiontar (faoi choinníoll)

Tíortha ina bhfuil fiontair neamhchónaitheacha nó aonaid áitiúla lonnaithe (roghnach)

Fiontar

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Naisc le haonaid eile

Uimhir nó uimhreacha an aonaid dhlíthiúil nó na n‐aonad dlíthiúil as a gcomhdhéantar an fiontar

Uimhir aitheantais an ghrúpa fiontar ar leis an fiontar

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí

Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí

 

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

Príomhchód gníomhaíochta an fhiontair ar leibhéal 4-dhigit NACE

Líon na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe

Líon na bhfostaithe

Glanláimhdeachas

Earnáil agus fo-earnáil institiúideach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 549/2013

2.   

Sonraí le tarchur ag an gCoimisiún (Eurostat) chuig na ÚSNanna inniúla agus a cheadaítear a mhalartú idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais inniúla i gcás údaraithe (Airteagal 10(2) agus 10(4))

Aonaid

Topaicí mionsonraithe

Athróga

Aonad dlíthiúil

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

Dáta scoir an aonaid dhlíthiúil

 

Paraiméadair srathúcháin

Foirm dhlíthiúil

Stádas gníomhaíochta dlíthiúil

Bratach do chraobhacha de réir bhrí phointe 18.12 de Chaibidil 18 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (faoi choinníoll)

Bratach d’Eintitis Sainchuspóireacha de réir bhrí phointí 2.17 go 2.20 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (roghnach)

 

Naisc le fiontair

Athróga sainaitheanta an ghrúpa fiontar nó na ngrúpaí fiontar ar leis nó leo an t‐aonad

Dáta aontaithe leis an bhfiontar/na fiontair (faoi choinníoll)

Dáta scartha ón bhfiontar/ó na fiontair (faoi choinníoll)

 

Naisc le cláir eile

Naisc le cláir eile

 

Naisc leis an ngrúpa fiontar

Athróga sainaitheanta an ghrúpa fiontar ar leis an t‐aonad

Dáta aontaithe leis an ngrúpa fiontar

Dáta scartha ón ngrúpa fiontar

 

Rialú aonad

Athróga sainaitheanta an aonaid dhlíthiúil atá faoi rialú nó a rialaíonn

 

Úinéireacht aonad

Athróga sainaitheanta an aonaid atá faoi úinéireacht nó ar leis

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil cónaitheach atá faoi úinéireacht an aonaid dhlíthiúil (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil cónaitheach, ar leis nó ar leo an t‐aonad dlíthiúil (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis an aonad dlíthiúil é nó iad (faoi choinníoll)

Scaireanna (%) an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n‐aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis nó ar leo an t‐aonad dlíthiúil (faoi choinníoll)

Dáta tosaithe agus dáta deiridh na scaireanna (coinníollach)

Grúpa fiontar

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta tosaithe an ghrúpa fiontar

Dáta scoir an ghrúpa fiontar

 

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

Phríomhchód gníomhaíochta an ghrúpa fiontar ar leibhéal 2‐dhigit NACE

Gníomhaíochtaí tánaisteacha an ghrúpa fiontar ar leibhéal 2‐dhigit NACE (roghnach)

Líon na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe (faoi choinníoll)

Glanláimhdeachas (faoi choinníoll)

Iomlán na sócmhainní ag an ngrúpa fiontar (faoi choinníoll)

Tíortha ina bhfuil fiontair neamhchónaitheacha nó aonais áitiúla lonnaithe (roghnach)

Fiontar

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Naisc le haonaid eile

Uimhir nó uimhreacha an aonaid dhlíthiúil nó na n‐aonad dlíthiúil as a gcomhdhéantar an fiontar

Uimhir aitheantais an ghrúpa fiontar ilnáisiúnta nó náisiúnta ar leis an fiontar

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí

Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí

 

Paraiméadair srathúcháin agus athróga eacnamaíocha

Phríomhchód gníomhaíochta an ghrúpa fiontar ar leibhéal 4‐dhigit NACE

Gníomhaíochtaí tánaisteacha an ghrúpa fiontar ar leibhéal 4‐dhigit NACE (faoi choinníoll)

Líon na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe

Líon na bhfostaithe

Líon na bhfostaithe i gcoibhéisí lánaimseartha (roghnach)

Glanláimhdeachas

Earnáil agus fo-earnáil institiúideach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 549/2013

3.   

Malartuithe sonraí ar aonaid dhlíthiúla chorpraithe chun críocha sainaitheanta (Airteagal 10(3))

3.1.

Sonraí le tarchur ag na ÚSNanna inniúla chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir le haonaid dhlíthiúla chorpraithe chónaitheacha

Aonaid

Topaicí mionsonraithe

Athróga

Aonad dlíthiúil

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

Dáta ar scoir an t_aonad dlíthiúil

 

Paraiméadair srathúcháin

Foirm dhlíthiúil

Stádas gníomhaíochta dlíthiúil

Bratach do chraobhacha de réir bhrí phointe 18.12 de Chaibidil 18 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (faoi choinníoll)

3.2.

Sonraí le tarchur ag na ÚSNanna inniúla chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir le haonaid dhlíthiúla chorpraithe choigríche

Aonaid

Topaicí mionsonraithe

Athróga

Aonad dlíthiúil

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

Dáta ar scoir an t‐aonad dlíthiúil

 

Paraiméadair srathúcháin

Foirm dhlíthiúil (roghnach)

Stádas gníomhaíochta dlíthiúil

Bratach do chraobhacha de réir bhrí phointe 18.12 de Chaibidil 18 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 549/2013 (faoi choinníoll)

3.3.

Sonraí le tarchur ag an gCoimisiún (Eurostat) chuig na hÚdaráis inniúla Staidrimh Náisiúnta maidir le haonaid dhlíthiúla chorpraithe

Aonaid

Topaicí mionsonraithe

Athróga

Aonad dlíthiúil

Sainaithint

Athróga sainaitheanta

 

Imeachtaí déimeagrafaíochta

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

Dáta ar scoir an t‐aonad dlíthiúil

 

Paraiméadair srathúcháin

Foirm dhlíthiúil

Stádas gníomhaíochta dlíthiúil

Bratach do chraobhacha de réir bhrí phointe 18.12 de Chaibidil 18 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 (faoi choinníoll)


IARSCRÍBHINN V

Faisnéis le cur ar fáil ag na húdaráis chánach atá freagrach i ngach Ballstát chuig an Údarás Staidrimh Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(2):

(a)

faisnéis ó thuairisceáin CBL maidir le daoine inchánach nó daoine dlíthiúla neamh-inchánach a d’fhógair, don tréimhse atá i gceist, soláthar earraí laistigh den Aontas i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 251 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle nó fáil earraí laistigh den Aontas i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 251 den Trreoir sin;

(b)

faisnéis ó ráitis achoimreacha maidir le soláthairtí laistigh den Aontas arna mbailiú ó na ráitis achoimreacha CBL i gcomhréir le hAirteagal 264 agus 265 de Threoir 2006/112/CE;

(c)

faisnéis maidir le fáil laistigh den Aontas arna gcur in iúl ag na Ballstáit eile ar fad i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (1).


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus comhrac i gcoinne calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

Faisnéis le cur ar fáil ag na húdaráis custaim atá freagrach, i ngach aon Bhallstát, chuig an Údarás Staidrimh Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(3)

(a)

faisnéis lena sainaithnítear an duine a dhéanann earraí a chumhdaítear le nósanna imeachta custaim próiseála isteach a onnmhairiú agus a allmhairiú laistigh den Aontas;

(b)

sonraí clárúcháin agus sainaitheanta na n‐oibreoirí eacnamaíocha dá bhforáiltear faoi fhorálacha custaim an Aontais ar fáil sa chóras leictreonach a bhaineann le huimhir EORI dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (1);

(c)

na taifid ar allmhairithe agus onnmhairithe ó dhearbhuithe custaim a glacadh nó a bhí faoi réir cinntí ó údaráis náisiúnta custaim a bhain leo agus

(i)

a taisceadh leo; nó

(ii)

a bhfuil an dearbhú forlíontach ar fáil dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 225 de Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/2447, trí rochtain dhíreach leictreonach i gcóras an tsealbhóra údaraithe.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12 .2015, lch. 558).


Top