Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1673

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1673 Ón Gcoimisiún an 23 Iúil 2019 lena ndéantar ionadú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

    C/2019/5402

    IO L 257, 8.10.2019, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1673/oj

    8.10.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 257/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/1673 ÓN GCOIMISIÚN

    an 23 Iúil 2019

    lena ndéantar ionadú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1) agus go háirithe Airteagal 23 de,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/788 foráiltear gurb é ceann de na coinníollacha le go mbeidh tionscnamh bailí gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, tráth cláraithe an tionscnaimh atá beartaithe ó na saoránaigh. Freagraíonn an líon íosta sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoin líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa.

    (2)

    An 29 Márta 2017, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) fógra isteach é a bheith de rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (3)

    An 28 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh (AE) 2018/937 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (2). Sa Chinneadh sin, a tháinig i bhfeidhm an 3 Iúil 2018, leagtar amach an líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa a bhí le toghadh i ngach Ballstát don téarma parlaiminte 2019-2024 dar tús an 2 Iúil 2019.

    (4)

    An 22 Márta 2019, le Cinneadh (AE) 2019/476 (3), chinn an Chomhairle Eorpach, le comhaontú na Ríochta Aontaithe, síneadh ama a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 22 Bealtaine 2019 sa chás go ndéanfadh Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas faoin 29 Márta 2019, nó, mura dtarlódh sin, go dtí an 12 Aibreán 2019. Ní dhearna Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas faoin 29 Márta 2019. An 11 Aibreán 2019, le Cinneadh (AE) 2019/584 (4), chinn an Chomhairle Eorpach, le comhaontú na Ríochta Aontaithe, síneadh breise a chur leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019.

    (5)

    Ionas go mbeidh macasamhail na rialacha atá i gCinneadh (AE) 2018/937 ann maidir leis an líon íosta sínitheoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 a ionadú. Ba cheart feidhm a bheith ag an leasú sin ón dáta a dtiocfaidh Rialachán (AE) 2019/788 i bhfeidhm, is é sin le rá, an 1 Eanáir 2020. Má tharlaíonn tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach tar éis an dáta sin, áfach, bheadh an leasú infheidhme tar éis an tarraingt siar.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788 a ionadú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/788.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020 nó ón lá tar éis an lae a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cibé acu is déanaí.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2019.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Jean-Claude JUNCKER


    (1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.

    (2)  IO L 165 I, 2.7.2018, lch. 1.

    (3)  Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 801, 22.3.2019, lch.1).

    (4)  Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, Ich.1).


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN I

    AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT

    An Bheilg

    14805

    An Bhulgáir

    11985

    An tSeicia

    14805

    An Danmhairg

    9870

    An Ghearmáin

    67680

    An Eastóin

    4935

    Éire

    9165

    An Ghréig

    14805

    An Spáinn

    41595

    An Fhrainc

    55695

    An Chróit

    8460

    An Iodáil

    53580

    An Chipir

    4230

    An Laitvia

    5640

    An Liotuáin

    7755

    Lucsamburg

    4230

    An Ungáir

    14805

    Málta

    4230

    An Ísiltír

    20445

    An Ostair

    13395

    An Pholainn

    36660

    An Phortaingéil

    14805

    An Rómáin

    23265

    An tSlóivéin

    5640

    An tSlóvaic

    9870

    An Fhionlainn

    9870

    An tSualainn

    14805


    Top