Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0632

    Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

    PE/44/2019/REV/1

    IO L 111, 25.4.2019, p. 54–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/632/oj

    25.4.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    54


    RIALACHÁN (AE) 2019/632 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Aibreán 2019

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (2) (“an Cód”), is trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha a dhéanfar gach malartú faisnéise idir údaráis chustaim, agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus a stórálfar faisnéis den sórt sin.

    (2)

    Ceadaítear faoin gCód, áfach, leas a bhaint, le linn idirthréimhse, as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de, sa mhéid nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill. Ní mór don idirthréimhse sin teacht chun deiridh faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí.

    (3)

    I gcomhréir leis an gCód, tá na Ballstáit chun comhoibriú leis an gCoimisiún chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid ar mhaithe le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil agus tá an Coimisiún chun clár oibre a tharraingt suas a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach sin.

    (4)

    Bunaíodh an Clár Oibre le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún (3). Tá liosta ann de 17 gcóras leictreonacha is gá a fhorbairt chun an Cód a chur i bhfeidhm, ag na Ballstáit ina n-aonar (i gcás córais atá le bainistiú ar an leibhéal náisiúnta – “córais náisiúnta”) nó ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar le chéile (i gcás córais ar fud an Aontais, a gcuimsítear i gcuid acu comhpháirteanna ar fud an Aontais agus comhpháirteanna náisiúnta – “córais thras-Eorpacha”).

    (5)

    Leagtar amach sa Chlár Oibre an sceideal pleanála maidir le cur chun feidhme na gcóras náisiúnta agus na gcóras tras-Eorpach sin.

    (6)

    Leis an aistriú chuig úsáid iomlán a bhaint as córais leictreonacha le haghaidh idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim, beidh na simplithe dá bhforáiltear sa Chód in ann teacht i bhfeidhm ina n-iomláine, agus, dá bharr sin, tiocfaidh feabhas ar mhalartú faisnéise idir gníomhaithe, clárófar teacht, iompar agus imeacht earraí ar bhonn níos éifeachtaí, beidh imréiteach custam láraithe agus rialuithe custaim comhchuibhithe ar fud chríoch custaim an Aontais, rud a laghdóidh costais riaracháin, rómhaorlathas, earráidí agus calaois i ndearbhuithe custaim agus i saor-roghnú an phointe allmhairithe.

    (7)

    Chun córais leictreonacha a chur ar bun ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit na heilimintí sonraí a chomhchuibhiú ar bhonn samhlacha sonraí atá inghlactha go hidirnáisiúnta, mar a cheanglaítear faoin gCód, agus infheistíochtaí a dhéanamh ó thaobh airgeadais agus ó thaobh ama de araon, agus, i gcásanna áirithe, ní mór ath-ríomhchlárú iomlán a dhéanamh ar na córais leictreonacha atá ann cheana. Sceidealaigh na Ballstáit forbairt na gcóras leictreonach sin ar bhealaí difriúla, rud a fhágann gur ann do dhifríochtaí ó thaobh uainiú chur chun feidhme na gcóras sin ar fud an Aontais. Toisc go bhfuil na córais leictreonacha idirnasctha go dlúth le chéile, is tábhachtach an rud é iad a thabhairt isteach san ord ceart. Má bhíonn moill san fhorbairt ar chóras amháin, beidh moill dhosheachanta ar fhorbairt na gcóras eile dá bharr. Glacadh an Cód (lena n-áirítear an dáta deiridh le haghaidh bearta idirthréimhseacha, eadhon an 31 Nollaig 2020) in 2013, ach níor foilsíodh na rialacha lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é, eadhon Rialachán arna Tharmligean (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/341 ón gCoimisiún (6), go dtí 2015 agus 2016. Bhí sé sin ina chúis le moill ar leagan amach na sonraíochtaí feidhmiúla agus na sonraíochtaí teicniúla is gá chun na córais leictreonacha a fhorbairt.

    (8)

    Cé gur socraíodh in Airteagal 278 den Chód an 31 Nollaig 2020 ina spriocdháta aonair le haghaidh imlonnú na gcóras go léir dá dtagraítear san Airteagal sin, agus d'ainneoin iarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas agus ag roinnt Ballstát, ar leibhéil bhuiséadacha agus leibhéil oibríochtúla, chun an obair a chur chun críche laistigh den teorainn ama a tugadh, is léir anois nach mbeifear in ann córais áirithe a imlonnú ach i bpáirt faoin dáta sin. Tugann sé sin le tuiscint gur gá go leanfar ar aghaidh le córais áirithe atá in úsáid cheana féin i ndiaidh an dáta sin. D'uireasa leasuithe reachtacha lena gcuirfí síneadh leis an spriocdháta sin, ní bheidh cuideachtaí agus údaráis chustaim in ann a gcúraimí agus oibleagáidí dlíthiúla a fheidhmiú i dtaca le hoibríochtaí custaim.

    (9)

    Ba cheart go leanfaí leis an obair i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 ar thrí ghrúpa córas. Cuimsítear sa chéad ghrúpa córais leictreonacha náisiúnta a bhaineann le fógra maidir le teacht, le tíolacadh, le dearbhuithe um stóráil shealadach agus le dearbhuithe custaim maidir leis na hearraí arna dtabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais (lena n-áirítear na nósanna imeachta speisialta, cé is moite den phróiseáil amach) is gá a uasghrádú nó a thógáil chun ceanglais áirithe de chuid an Chóid a chur san áireamh, amhail comhchuibhiú na gceanglas maidir le sonraí atá le cur isteach sna córais sin. Cuimsítear sa dara grúpa córais leictreonacha atá ann cheana nach mór a uasghrádú chun ceanglais áirithe de chuid an Chóid a chur san áireamh, amhail comhchuibhiú na gceanglas maidir le sonraí atá le cur isteach sna córais. Cuimsítear sa ghrúpa sin trí cinn de chórais thras-Eorpacha (an córas lena ndéileáiltear le dearbhaithe iontrála achomair, an córas lena ndéileáiltear le hidirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach, agus an córas lena ndéileáiltear le hearraí arna dtabhairt amach as críoch chustaim an Aontais), chomh maith leis an gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin (lena n-áirítear an chomhpháirt onnmhairiúcháin den Chóras Nósanna Imeachta Speisialta náisiúnta). Cuimsítear sa tríú grúpa trí cinn de chórais leictreonacha thras-Eorpacha nua (na córais a bhaineann le ráthaíochtaí i dtaca le fiacha poitéinsiúla custaim nó le fiacha custaim atá ann cheana, le stádas custaim earraí, agus le himréiteach láraithe). Dhréachtaigh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, amchlár mionsonraithe d'fhonn na córais sin a chur in úsáid thar an tréimhse suas go dtí deireadh 2025.

    (10)

    I gcomhréir leis an bpleanáil nua maidir leis na córais leictreonacha a fhorbairt, ba cheart síneadh ama, go dtí 2022 i dtaca leis an gcéad ghrúpa agus go dtí 2025 i dtaca leis an dara agus an tríú grúpa de chórais leictreonacha, a chur leis an tréimhse a leagtar síos sa Chód inar féidir úsáid a bhaint ar bhonn idirthréimhseach as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de.

    (11)

    Maidir leis na córais eile atá le cur ar bun chun críocha an Cód a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith go fóill ag an dáta deiridh ginearálta den 31 Nollaig 2020 maidir le húsáid a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de.

    (12)

    Chun é a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faireachán a dhéanamh ar imlonnú na gcóras leictreonach go léir is gá chun forálacha an Chóid dá dtagraítear in Airteagal 278 de a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuairisc a thabhairt go rialta faoin dul chun cinn a bheidh déanta agus faoi bhaint amach na gcuspóirí eatramhacha laistigh den sceideal a beartaíodh. Ba cheart do na Ballstái faisnéis iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún chun na críche sin faoi dhó sa bhliain. A luaithe a bheidh na córais leictreonacha go léir ag feidhmiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an bhfuil na córais sin oiriúnach don fheidhm trí mheán seiceáil oiriúnachta a bheidh le seoladh laistigh de bhliain amháin ón gcéad dáta a mbeidh na córais sin go léir ag feidhmiú.

    (13)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Cód a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 278:

    “Airteagal 278

    Bearta idirthréimhseacha

    1.   Go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil, seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm, cé is moite dóibh sin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, ag feidhmiú go fóill.

    2.   Go dtí an 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha seo a leanas an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill:

    (a)

    na forálacha maidir le fógra teachta, maidir le tíolacadh agus maidir le dearbhuithe maidir le stóráil shealadach a leagtar síos in Airteagail 133, 139, 145 agus 146; agus

    (b)

    na forálacha a bhaineann le dearbhú custaim le haghaidh earraí arna dtabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go dtí 174, 201, 240, 250, 254 agus 256.

    3.   Go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha seo a leanas an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill:

    (a)

    na forálacha maidir le ráthaíochtaí i dtaca le fiacha poitéinsiúla custaim nó le fiacha custaim atá ann cheana a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 89(2) agus in Airteagal 89(6);

    (b)

    na forálacha maidir le dearbhuithe iontrála achomair agus anailís riosca a leagtar síos in Airteagail 46, 47, 127, 128 agus 129;

    (c)

    na forálacha maidir le stádas custaim earraí a leagtar síos in Airteagal 153(2);

    (d)

    na forálacha maidir le himréiteach láraithe a leagtar síos in Airteagal 179;

    (e)

    na forálacha maidir le hidirthuras a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 210, Airteagal 215(2) agus in Airteagail 226, 227, 233 agus 234; agus

    (f)

    na forálacha maidir le próiseáil amach, dearbhuithe réamh-imeachta, foirmiúlachtaí i leith earraí a thabhairt amach, onnmhairiú earraí AE, ath-onnmhairiú earraí neamh-AE agus dearbhuithe imeachta achomair le haghaidh earraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais mar a leagtar síos in Airteagail 258, 259, 263, 267, 269, 270, 271, 272, 274 agus 275.”.

    (2)

    Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 278a

    Oibleagáidí maidir le tuairisciú

    1.   Faoin 31 Nollaig 2019 agus gach bliain ina dhaidh sin go dtí an dáta ar a mbeidh na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 278 ag feidhmiú ina n-iomláine, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn ó thaobh fhorbairt na gcóras leictreonach sin de.

    2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ó thaobh gach ceann de na córais leictreonacha a fhorbairt, agus na garspriocanna seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:

    (a)

    dáta foilsithe na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh chumarsáid sheachtrach an chórais leictreonaigh;

    (b)

    tréimhse na tástála comhréireachta le hoibreoirí eacnamaíocha; agus

    (c)

    dátaí ionchasacha agus iarbhír fhorbairt na gcóras leictreonach.

    3.   Má léirítear sa mheasúnú nach sásúil an dul chun cinn, déanfar cur síos freisin sa tuarascáil ar na bearta maolaitheacha a bheidh le déanamh chun imlonnú na gcóras leictreonach roimh dheireadh na n-idirthréimhsí is infheidhme a áirithiú.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit, faoi dhó sa bhliain, clár nuashonraithe a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena ndul chun cinn féin ó thaobh na gcóras leictreonach a fhorbairt agus a imlonnú de. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis nuashonraithe sin ar a shuíomh gréasáin.”.

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 279:

    “Airteagal 279

    Tarmligean na cumhachta

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 284 lena sonraítear na rialacha maidir le sonraí a mhalartú agus a stóráil sna cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 278”.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2016 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 99, 15.4.2016, lch. 6).

    (4)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de chuid Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (6)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha idirthréimhseacha i leith forálacha áirithe de chuid Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha chuí ag feidhmiú go fóill agus lena leasaítear Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1).


    Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Fáiltíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh Thuarascáil Speisialta Uimh. 26/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal 'Sraith moilleanna i gcórais TF chustaim: cad a chuaigh amú?' agus tuarascálacha ábhartha eile i réimse an chustaim, lenar tugadh forléargas níos fearr do na comhreachtóirí ar cad is cúis leis na moilleanna i gcur chun feidhme na gcóras TF is gá chun feabhas a chur ar oibríochtaí custaim san AE.

    Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeadh aon iniúchadh amach anseo ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina ndéanfaí measúnú ar na tuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais ina rannchuidiú dearfach leis na hiarrachtaí tuilleadh moilleanna a sheachaint.

    Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lánaird a thabhairt ar na hiniúchtaí sin.


    Top