EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0629

Rialachán (AE, Euratom) 2019/629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

PE/1/2019/REV/1

IO L 111, 25.4.2019, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/629/oj

25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2019/629 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 256(1) agus an dara mír d'Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ón gCoimisiún Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug an Chúirt Bhreithiúnais, in éineacht leis an gCúirt Ghinearálta, faoi athbhreithniú foriomlán a dhéanamh ar an dlínse a fheidhmíonn siad agus measadh ar cheart, i bhfianaise an athchóirithe ar struchtúr chúirteanna an Aontais a rinneadh de bhun an Rialacháin sin, athruithe áirithe a dhéanamh ar dháileadh an dlínse idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta nó ar an gcaoi a ndéileálann an Chúirt Bhreithiúnais le hachomhairc.

(2)

De réir mar atá ráite sa tuarascáil a chuir an Chúirt Bhreithiúnais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin an 14 Nollaig 2017, measann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil gá, faoi láthair, athruithe a mholadh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le ceisteanna a tharchuirtear chuici chun réamhrialú de bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is bunchloch ag córas breithiúnach an Aontais é an tarchur chun réamhrialú, agus déileáiltear leis go gasta, rud a fhágann nach bhfuil gá, faoi láthair, an dlínse maidir le ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a aistriú chun na Cúirte Ginearálta i réimsí sonracha a leagtar síos ag Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(3)

Mar sin féin, leis an athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, léiríodh gur féidir deacrachtaí tromchúiseacha a bheith ag an gCúirt Ghinearálta agus í ag breithniú i gcás caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain cloí le breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, i gcás ina bhfuil easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát sin chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh. Ar an bhforas sin, is cosúil gur gá, i gcás dlíthíocht a bhaineann le cnapshuim nó íocaíocht phionósach arna forchur ar Bhallstát de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, an dlíthíocht sin a fhorchoimeád go heisiach don Chúirt Bhreithiúnais.

(4)

Ina theannta sin, is léir ón athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta gur iomadúil iad na hachomhairc a dhéantar i gcásanna a ndearnadh iad a bhreithniú faoi dhó cheana féin, iad á mbreithniú i dtosach ag bord achomhairc neamhspleách agus ansin ag an gCúirt Ghinearálta, agus go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais líon nach beag de na hachomhairc sin a dhíbhe de bharr é a bheith follasach gur gan bhunús iad nó ar an bhforas gur follasach iad a bheith do-ghlactha. D'fhonn é a bheith ar chumas na Cúirte Breithiúnais díriú ar na cásanna dá dteastaíonn a haird iomlán, is gá, ar mhaithe le riaradh cuí an cheartais, nós imeachta a thabhairt isteach le haghaidh achomhairc a bhaineann le cásanna den sórt sin lena ligeann an Chúirt Bhreithiúnais d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, sa chás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus sa chás sin amháin.

(5)

I bhfianaise líon na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais atá ag dul i méid go leanúnach, agus i gcomhréir leis an litir ó Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Iúil 2018, is gá tosaíocht a thabhairt, ag an tráth seo, do bhunú an nós imeachta thuasluaite ina gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais ar cheart nó nár cheart go ligfí d'achomharc dul ar aghaidh. Maidir leis an gcuid sin den iarraidh a rinne an Chúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2018 a bhaineann leis an aistriú páirteach d'imeachtaí um shárú chuig an gCúirt Ghinearálta, ba cheart scrúdú a dhéanamh uirthi tráth níos déanaí, i mí na Nollag 2020, tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an tuarascáil maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 a tharraingt suas. Meabhraítear gur cheart don tuarascáil sin díriú go háirithe ar éifeachtúlacht na Cúirte Ginearálta agus ar a riachtanaí agus a éifeachtaí atá an méadú i líon na mbreithiúna go 56, agus aird á tabhairt freisin ar an gcuspóir chun cothromaíocht inscne a áirithiú sa Chúirt Ghinearálta mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú agus comhleanúnachas téarmaíochta a áirithiú san am céanna idir forálacha an Phrótacail sin agus na forálacha comhfhreagracha de chuid CFAE, agus forálacha idirthréimhseacha iomchuí a bhunú i ndáil le toradh cásanna atá ar feitheamh ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal Uimh. 3 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

“Airteagal 51

De mhaolú ar an riail a leagtar síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais:

(a)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát:

(i)

i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin, ach amháin i gcás:

cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle lena bhfeidhmíonn an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(ii)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag institiúid de chuid an Aontais i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin;

(c)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt faoin dara fomhír d'Airteagal 260(2), nó faoin dara fomhír d'Airteagal 260(3), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 58a

Achomharc arna dhéanamh i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh a rinne bord achomhairc neamhspleách de chuid ceann amháin d'oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais seo a leanas, ní rachaidh sé ar aghaidh mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais i dtús báire gur cheart ligean dó dul ar aghaidh:

(a)

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;

(b)

an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí;

(c)

an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

(d)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le hachomhairc a dhéantar i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh de chuid bord achomhairc neamhspleách, a cuireadh ar bun tar éis an 1.5.2019 laistigh d'aon oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, a gcaithfear an t-ábhar a bheith tugtha os a chomhair sular féidir caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.

Ligfear d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

An cinneadh a dhéanfar maidir le ligean d'achomharc dul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh, is cinneadh cuí-réasúnaithe a bheidh ann, agus déanfar é a fhoilsiú”.

Airteagal 2

Cásanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais faoi Phrótacal Uimh. 3 mar a leasaíodh leis an Rialachán seo é, agus ar tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta iad an 1.5.2019 ach nár cuireadh clabhsúr fós leis an gcéim scríofa den nós imeachta ar an dáta sin, déanfar iad a shannadh don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 3

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 58a de Phrótacal Uimh. 3 maidir le hachomhairc a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais an 1.5.2019.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh mhí a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 11 Iúil 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).


Top