Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0497

    Rialachán (AE) 2019/497 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

    PE/35/2019/REV/1

    IO L 85I, 27.3.2019, p. 22–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/497/oj

    27.3.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    22


    RIALACHÁN (AE) 2019/497 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Márta 2019

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

    (2)

    Sa chomhaontú um tharraingt siar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2019 (2) tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríochta Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

    (3)

    Nuair a scoirfidh CBI d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) ina gcuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, in éagmais comhaontaithe um tharraingt siar, tá soithí an Aontais i mbaol rochtain a chailleadh ar uiscí na Ríochta Aontaithe agus ar na deiseanna iascaireachta iontu ón 30 Márta 2019. Bheadh tionchar suntasach aige sin ó thaobh gníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais agus ó thaobh tairbhí eacnamaíocha de.

    (4)

    Tá bearta ann cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) is féidir a úsáid chun éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú ar fud an tslabhra iomláin táirgeachta agus margaíochta.

    (5)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, leagtar síos na rialacha agus na socruithe maidir le cúiteamh airgeadais a dheonú d'iascairí agus d'úinéirí soithí iascaireachta i gcásanna ina scoirtear de ghníomhaíochtaí iascaireachta go sealadach. Leis na critéir lena gceadaítear scor sealadach, ní cheadaítear cúiteamh i leith tarraingt siar Ballstáit as an Aontas ná i leith rochtain a chailleadh ar uiscí an Stáit sin agus ar dheiseanna iascaireachta iontu ina dhiaidh sin.

    (6)

    I dteannta na mbeart atá ar fáil cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, chun na héifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a bheith ann mar gheall ar tharraingt siar Ballstáit as an Aontas a mhaolú, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil d'iascairí agus d'oibreoirí atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir sin.

    (8)

    Tá fuílleach na leithreasuithe ar fáil chun bheith tiomanta d'aon bheart incháilithe lena maolófar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

    (9)

    Ar mhaithe leis an tsimplíocht, iarrtar ar na Ballstáit lena mbaineann a mheas an ndéanfar leasuithe ar a gclár oibríochtúil a chumasc i gcomhthéacs Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (10)

    I bhfianaise an ghá tá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go mbeidh tacaíocht ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás nach ndeonóidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar na huiscí sin ó dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus d'fhéadfadh gurbh é an 30 Márta 2019 an dáta sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

    (11)

    Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “9.   Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit an méid a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a shárú agus titim faoi bhun na méideanna a leagtar amach i mír 3 go mír 7 den Airteagal seo chun tacú leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán seo mura ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).”;

    (2)

    In Airteagal 25, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   An ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in i bpointe (d) d'Airteagal 33(1), ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh na tairsí a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo.”;

    (3)

    Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

    “(d)

    chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a thagann as cás nach ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) (CAE).”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   An tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020 agus an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta naoi mí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020. Aon chaiteachas a bhaineann le pointe (d) de mhír 1, beidh sé incháilithe ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/497 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

    (*1)  Rialachán (AE) 2019/497. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 22.).”."

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) de CAE.

    Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

    (2)  IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


    Top