EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0492

Rialachán (AE) 2019/492 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

PE/13/2019/REV/1

IO L 85I, 27.3.2019, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/492/oj

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) 2019/492 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Is iad Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le chéile an creat rialála le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí aitheanta cigireachta, suirbhéireachta agus deimhniúcháin loinge.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, tá an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thíolaic an iarraidh ábhartha ar aitheantas eagraíochta, le measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge atá aitheanta ar leibhéal an Aontais ag an gCoimisiún (“eagraíochtaí aitheanta”) ar bhonn rialta agus ar a laghad gach 2 bhliain.

(4)

Ar mhaithe leis an gcóir chomhionann, na heagraíochtaí sin ar thug an Ballstát ábhartha aitheantas dóibh ar dtús i gcomhréir le Treoir 94/57/CE ón gComhairle (5), agus a bhfuil aitheantas ón Aontas acu faoi láthair faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, tá an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thug an t-aitheantas dóibh ar dtús, le measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, d'fhonn leanúint dóibh ag tairbhiú d'aitheantas ón Aontas, ní mór d'eagraíochtaí aitheanta leanúint de na ceanglais agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. Fíoraítear sin leis an measúnú leanúnach a dhéanann an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag measúnuithe rialta i dtaca le haitheantas leanúnach eagraíochtaí.

(6)

Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní bheidh sí in ann páirt a ghlacadh a thuilleadh sna measúnuithe a dhéantar de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(7)

Na heagraíochtaí aitheanta ar thug an Ríocht Aontaithe aitheantas dóibh ar dtús, tá aitheantas ón Aontas acu faoi láthair agus tá cúraimí a bhaineann le cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniú long tugtha ag Ballstáit eile dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE. Ba cheart, dá réir sin, Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú chun a áirithiú go leanfaidh na heagraíochtaí sin de bheith faoi réir measúnú i gcomhréir le ceanglais na forála sin.

(8)

Ba cheart, freisin, na hoibleagáidí faireacháin agus formhaoirseachta atá le comhlíonadh ag na Ballstáit faoi láthair faoi Airteagal 9 de Rialachán 2009/15/CE a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás don eagraíocht aitheanta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, an measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(9)

Chun comhordú na ngníomhaíochtaí náisiúnta agus ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú i dtaca leis an bhfaireachán ar eagraíochtaí aitheanta, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe agus dea-chleachtais a shainaithint agus a mhalartú chun dúbláil oibre a sheachaint agus chun an úsáid is fearr a bhaint as na cumais agus acmhainní atá ann cheana.

(10)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar bhonn práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith ag aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás do na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, measúnú ar gach eagraíocht aitheanta, ar bhonn rialta agus ar a laghad gach 2 bhliain, chun a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh acu. Teorannófar an measúnú do ghníomhaíochtaí sin na n-eagraíochtaí aitheanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.”.

Airteagal 2

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 298.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).

(4)  Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 2009, lch. 47).

(5)  Treoir 94/57/CE ón gComhairle an 22 Samhain 1994 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 319, 12.12.1994, lch. 20).


Top