EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019D1750

Cinneadh (AE) 2019/1750 ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

XT/21053/2019/INIT

IO L 274I, 28.10.2019, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1750/oj

Related international agreement

28.10.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 274/1


CINNEADH (AE) 2019/1750 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú trí idirbheartaíocht ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”).

(3)

An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 (1) maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

(4)

Le Cinneadh (AE) 2019/476 (2), chinn an Chomhairle Eorpach ar dtús, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019. Cuireadh síneadh breise leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 le Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle (3), arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe.

(5)

Dá thoradh sin, b’éigean dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a choigeartú dá réir, agus leasaíodh Cinneadh (AE) 2019/274 le Cinneadh (AE) 2019/642 (4) chun téacs oiriúnaithe an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur san áireamh.

(6)

Tar éis caibidlíocht idir idirbheartaithe an Aontais agus na Ríocht Aontaithe le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair 2019, thángthas ar chomhaontú i dtaca le téacs athbhreithnithe den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá san áireamh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus i dtaca le hoiriúnuithe teicniúla riachtanacha ar Airteagail 184 agus 185 den Chomhaontú sin. An 17 Deireadh Fómhair 2019, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú leasaithe um Tharraingt Siar.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú dá réir.

(8)

Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle faoin gcinneadh seo ná ina ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2019/274:

“Tá téacs an Chomhaontaithe, mar a leasaíodh é, i gceangal leis an gCinneadh seo.”.

Airteagal 2

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe leasaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo in ionad théacs an Chomhaontaithe atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274. (5)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 47I, 19.2.2019, lch. 1). Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274 in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2019/642 ón gComhairle an 13 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO (IO L 110 I, 25.4.2019, lch. 1). Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a cuireadh i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/642 in IO C 144 I, 25.4.2019, lch.1).

(5)  IO C 384 I, 12,11,2019, lch.1.


Top