This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32018R1719
Regulation (EU) 2018/1719 of the European Parliament and of the Council of 14 November 2018 amending Regulation (EU) No 1303/2013 as regards the resources for economic, social and territorial cohesion and the resources for the Investment for growth and jobs goal
Rialachán (AE) 2018/1719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
Rialachán (AE) 2018/1719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
PE/57/2018/REV/1
IO L 291, 16.11.2018, pp. 5–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
16.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
5 |
RIALACHÁN (AE) 2018/1719 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2018
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is é a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, inter alia, a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní a leithdháiltear le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. |
|
(3) |
Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbliain airgeadais 2018 (4), leasaíodh an cláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (“TFAO”) trí EUR 116,7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas maidir leis an leithdháileadh sonrach do TFAO agus méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do TFAO don bhliain 2018 a ardú go EUR 350 milliún i bpraghsanna reatha. |
|
(4) |
Is gá méid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a ísliú dá réir chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Nuair a rinneadh Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú le Rialachán (AE) 2017/2305, bhí sonraí airgeadais áirithe a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305 mícheart. Ba cheart na sonraí cearta a chur in ionad na sonraí airgeadais sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
I bhfianaise a phráinní atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, is iomchuí foráil d’eisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(7) |
I bhfianaise a phráinní atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Is EUR 329 982 345 366, i bpraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2014–2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 325 938 694 233 de agus na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus arb ionann EUR 4 043 651 133 de agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Ar mhaithe lena gcláreagrú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.”; |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2018.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(3) Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 335, 15.12.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN VI
MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020
Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear breisiú TFAO)
|
|
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
|
EUR, praghsanna 2011 |
34 108 069 924 |
55 725 174 682 |
46 044 910 736 |
48 027 317 164 |
|
|
2018 |
2019 |
2020 |
Iomlán |
|
EUR, praghsanna 2011 |
48 341 984 652 |
48 712 359 314 |
49 022 528 894 |
329 982 345 366 ” |