Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1717

    Rialachán (AE) 2018/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/39/2018/REV/1

    IO L 291, 16.11.2018, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1717/oj

    16.11.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2018/1717 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 14 Samhain 2018

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhthéacs an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go raibh sé beartaithe aici tarraingt siar ón Aontas, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rinne na 27 mBallstát eile, i gcruinniú ar imeall na Comhairle, an 20 Samhain 2017, Páras, an Fhrainc a roghnú mar shuíomh nua an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (an “tÚdarás”).

    (2)

    Agus aird á tabhairt ar an “Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le haistarraingt ordúil na Ríochta Aontais ón Aontas Eorpach” an 8 Nollaig 2017 agus go háirithe ar an gcaibidil maidir le socrú airgeadais, agus ar an ngealltanas ón Ríocht Aontaithe rannchuidiú le buiséad ginearálta an Aontais do na blianta airgeadais 2019 agus 2020 amhail gur fhan sí san Aontas agus rannchuidiú lena sciar de mhaoiniú na ngealltanas gan íoc amhail an 31 Nollaig 2020, tá na costais a bhaineann le suíomh an Údaráis a athshuí, a eascraíonn as cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar ón Aontas, le seasamh ag cáiníocóirí uile an Aontais trí bhuiséad ginearálta an Aontais. Tá tairiscint déanta ag an Ríocht Aontaithe plé a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais atá lonnaithe i Londain ar conas is féidir leo a gcostais aistarraingthe a laghdú.

    (3)

    Ag féachaint d’Airteagal 50(3) CAE, ba cheart don Údarás a shuíomh nua a ghlacadh amhail ón 30 Márta 2019.

    (4)

    Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is ceart san áit ina mbeidh sé, ba cheart comhaontú maidir le ceannáras idir an tÚdarás agus an Fhrainc, agus tionscadal tógála i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (3) a thabhairt i gcrích, sula nglacfaidh an tÚdarás a shuíomh nua. Ba cheart an t-áitreabh nua a bheith ullamh agus socraithe chun críche an bhuan-athshuí faoin 30 Márta 2019. Ba cheart go dtabharfadh an comhaontú maidir le ceanncheathrú léiriú ar fhreagracht údaráis na Fraince maidir leis na coinníollacha is iomchuí a sholáthar chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gceart i gcomhthéacs a athshuite.

    (5)

    Le haistriú shuíomh an Údaráis, ní chaitear amhras ar an bplean bunaíochta, mar a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle é, ná ní dhéantar amhlaidh le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne ar oifigigh agus ar ghníomhairí eile a oibríonn ag an Údarás.

    (6)

    Níor cheart go mbeadh aon iarmhairtí ag athshuí an Údaráis maidir le sainorduithe soiléire na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha a fhorghníomhú ná maidir lena stádas dhlíthiúil ar leithligh a chaomhnú. Leis an athshuí, i gcás inarb infheidhme, d’fhéadfaí deis a thabhairt do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu leis na croíghníomhaíochtaí a chomhroinnt.

    (7)

    Ba cheart an caidreamh idir institiúidí de chuid an Aontais a dhéanamh i gcomhar dílis eatarthu féin, agus gach institiúid díobh ag gníomhú laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt di i CAE agus i gConradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, coinníollacha agus cuspóirí a leagtar amach iontu.

    (8)

    Chun go mbeidh a dhóthain ama ag an Údarás athshuí a dhéanamh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne tar éis a ghlactha i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

    (9)

    Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010:

    “Airteagal 7

    Suíomh

    Is i bPáras na Fraince a bheidh suíomh an Údaráis.

    Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh Údarás difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt. Faoin 30 Márta 2019 agus gach 12 mhí dá éis, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gceanglas sin a bheith á chomhlíonadh ag Údaráis Maoirseachta Eorpacha.”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 30 Márta 2019.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 30 Samhain 2018.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    K. EDTSTADLER


    (1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 72

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2018.

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


    Top