Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1241

Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú

PE/22/2018/REV/1

IO L 236, 19.9.2018, p. 72–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1241/oj

19.9.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

72


RIALACHÁN (AE) 2018/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meán Fómhair 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 88(2) de,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) , leithdháiltear cúraimí nua ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) amhail liosta faire ETIAS a bhainistiú, sonraí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a iontráil sa liosta faire sin agus tuairimí a thabhairt tar éis iarrataí ar chomhairliúchán a fháil ó Aonaid Náisiúnta ETIAS. Chun na cúraimí sin a chur chun feidhme, is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú dá réir sin.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(n)

liosta faire ETIAS a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ;

(o)

sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile arna bhfáil ag Europol, gan dochar do na coinníollacha lena rialaítear comhar idirnáisiúnta Europol;

(p)

tuairim a thabhairt tar éis iarraidh ar chomhairliúchán a fháil dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1240.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).”;"

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun an cúram dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, déanfaidh Bord Bainistíochta Europol, tar éis dó dul i gcomhairle le MECS, na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1240 a ghlacadh.”.

(2)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Airteagal 21

Rochtain a bheith ag Eurojust, ag OLAF agus, chun críocha ETIAS amháin, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Glacfaidh Europol gach beart iomchuí chun cur ar chumas na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, laistigh dá sainordú agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240 rochtain indíreach a bheith aici ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar shonraí arna cur ar fáil chun críocha phointe (j) d’Airteagal 20(2) den Rialachán sin, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag an mBallstát, ag an gcomhlacht de chuid an Aontais, ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis i gceist ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Rialachán seo.

I gcás braite, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis arbh chúis leis an mbrath a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol, agus sa mhéid go bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an mbrath chun go ndéanfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúraimí a bhaineann le ETIAS a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.

Beidh feidhm ag mír 2 go mír 7 den Airteagal seo dá réir sin.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1240.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meán Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2018.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).


Top