EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018D1720

Cinneadh (AE) 2018/1720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le leas a bhaint as gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón bPortaingéil — EFG/2018/002 PT/Norte — Centro — Lisboa wearing apparel

IO L 291, 16.11.2018, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/1720/oj

16.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


CINNEADH (AE) 2018/1720 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

maidir le leas a bhaint as gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón bPortaingéil — EFG/2018/002 PT/Norte — Centro — Lisboa wearing apparel

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)

Ní sháróidh CECD uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

An 24 Aibreán 2018, chuir an Phortaingéil isteach iarratas chun leas a bhaint as CECD i dtaca le hiomarcaíochtaí in earnáil an mhonaraithe corpbhirt sna réigiúin Norte, Centro agus Liospóin sa Phortaingéil. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CECD a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, chinn an Phortaingéil seirbhísí pearsanaithe a sholáthar do 730 duine óg nach bhfuil fostaithe, páirteach san oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna), seirbhísí a bheidh cómhaoinithe ag CECD.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart CECD a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 4 655 883 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Phortaingéil isteach.

(6)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am is gá chun CECD, a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun EUR 4 655 883 a sholáthar mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 23 Deireadh Fómhair 2018.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


Top